Téigh go dtí ‘Sorry We Missed You’, ní bheidh aiféala dá laghad ort

Scread feirge atá i scannán nua Ken Loach agus Paul Laverty agus níl aon bheirt eile chomh maith leo chun saevo indignatio Jonathan Swift

Téigh go dtí ‘Sorry We Missed You’, ní bheidh aiféala dá laghad ort

Sorry We Missed You

le Ken Loach agus Paul Laverty

Cliar” Chris Hitchen, Debbie Honeywood, Rhys Stone, Katie Proctor, Sheila Dunkerley, Heather Wood, Ross Brewster.

Sarar thit Northern Rock as a chéile in 2008 thairg siad morgáiste don oibrí tógála Rick agus a bhean Abby, a bhí ag obair mar chúramóir san NHS. B’in deireadh le haon chaint faoi mhorgáiste. Chuaigh an cúlú eacnamaíochta dian orthu agus anois tá Ricky meallta chun veain a cheannach agus dul ag obair mar thiománaí féinfhostaithe leis an gcomhlacht seachadta beart PDF, ‘Parcel Delivery Fast’, i Newcastle cois Tyne Shasana.

Nuair a deir Moloney, an bulaí riarthóra atá i gceannas ar PDF, ‘I’m the patron saint of nasty bastards’ ní haon áibhéil atá á dhéanamh aige. Ní tuarastal ach táillí a thuilleann Ricky. Bíonn air seancharr Abby a dhíol chun an veain a cheannach. Idir scoil agus a chairde tá Seb, an déagóir mic, ar hob dul ar strae. Tá Abby curtha ar chonarthaí náid uaireanta agus gan aici anois ach an bus chun freastal ar a cuid ‘cliant’. An fada a bheidh Liza Jane óg in ann a gealgháire a chosaint ón tuile atá ag déanamh orthu?   

Níor mhór duit a bheith i mbarr do shláinte don scannán seo. Seachas Gaza, níor thug aon scannán ar an scáileán logánta i mbliana cic sna magairlí is sa bholg níos éifeachtaí dom ná mar a thug an ceann seo.

‘Put me on your to-do list for tomorrow,’ arsa Abby le Ricky. Fiú agus an saol ar fad ag imeacht sa bhfraoch orthu, níor chaill bean Newcastle a hacmhainn grinn, bail ó Dhia uirthi féin is ar a treabh.

Tá Chris Hitchens go maith mar Ricky. Mar a deir sé féin is ‘grafter’ é atá ionraic macánta. Is léir dúinn ón tús áfach nach bhfuil ach an teip is an chos ar bolg i ndán dó. Is ola ar chroí na haicme ceannasaí fir oibre dá leithéid.

Ina céad ról gairmiúil tá Debby Honeywood, Abby, thar barr ar fad. Léiríonn sí caoimhe, leochaileacht, comhthuiscint agus éirim nádúrtha sa mbealach a ndéileálann sí lena páistí, agus go háirithe leis na seanladies, Rosie agus Mollie, atá ag brath uirthi chun comhluadar a choinneáil leo. Is minic an cúram sin a dhéanamh aici gan aon íocaíocht nuair a chaitheann sí am breise leo chun an ‘tucking in’ a dhéanamh. Tá Honeywood thar barr ar fad.

‘You treat them like you would your Mam,’ a deir Abby.

Scread feirge atá anseo ó Loach agus Laverty agus níl aon bheirt eile chomh maith leo chun saevo indignatio Jonathan Swift.

Déanann Sorry We Missed You ciolar chiot den ghig-eacnamaíocht agus do ghalar na gconarthaí náid uaireanta. Níl aon teora leis an slad sóisialta a dhéantar ar bheatha, ar shláinte agus ar theaghlaigh na n-ainniseoirí nach bhfuil aon dul as acu ach cur suas leis an uirísliú a éilíonn an Caipitleachas Nua ar gach éinne atá faoina mhallacht.

Insint na fírinne a chuirtear i dtús áite sa scannán seo thar gach aon luach scannánúil eile. Ní haon Sorrentino ná Almodóvar é Loach ó thaobh na físe, ach nuair gurb é an scrios a imríodh ar lucht oibre Shasana ó aimsir Thatcher anall atá faoi chaibidil agat, is oiriúnaí an fraoch feirge mar chlaíomh díoltais ná aon ghléas troda eile.

Is cuma sa frig le Loach faoi éachtaint cineamúil Sorry We Missed You. Níor ghéill sé orlach ach an oiread d’éileamh tráchtála na ceirde go dtiocfadh slánú sa deireadh thiar. Níor ghéill sé d’aon casadh a chuirfeadh gach rud ina cheart is a chuirfeadh deireadh leis an léigear ar Ricky is a chlann.

Tá faoiseamh ó am go chéile tríd síos, áfach. Is gleoite mar a thugann Liza Jane lámh chúnta do Ricky ar a chamchuairt Sathairn agus nochtar caidreamh álainn eatarthu. Ansin tá an chraic ag an doras idir Ricky, arbh as Manchain dó, agus leantóir díograiseach Newcastle United ina luaitear ‘King Eric’, ‘Keegan’, agus ‘Newcastle 10 points ahead and guess who won the League afterwards, eh?’

Glac uaimse é, i ndiaidh Sorry We Missed You ní mar an gcéanna a fhéachfaidh tú go deo arís ar lucht seachadta beart agus bia – fir na veaineanna bána. Ná ar an meaisín leictreonach a shíneann siad chugainn le síniú.

Ná ní mar an gcéanna a fhéachfaidh tú go deo arís ar reisimintí na gcúramóirí ban a thagann chun Mamó a ní tar éis timpistí leithris na hoíche aréir, na cineál timpistí gur fearr linne gan smaoineamh orthu, mar go bhfuilimid, nach bhfuil, chomh broidiúil sin nach dtig linn féin aghaidh a thabhairt orthu?

Is banóglaigh uaisle iad cúramóirí Ken Loach. Iad faoi léigear ag córas sláinte a ghoideann saol an teaghlaigh agus dínit an duine uathu.

Is mó ná scannán é Sorry We Missed You. Cad eile a thuillfeadh bualadh bos impromptu le linn an réamhthaispeántais nuair a chaill Abby an cloigeann ar an bhfón leis an mbastard Moloney a bhí ag tathant ar Ricky agus an fear bocht in A&E á chur ó thor go tom ag an gcóras sláinte is é ag fanacht go foighdeach ar chúram leighis.

Is fiú an táille ar an radharc sin ann féin.

Breathnaigh ar an mblaisín thíos. Bí deas leis an gcuid is fearr díot. Bí cróga. Away leat chun ionsaí mothálach Sorry We Missed You a bhlaiseadh duit féin.

– Tá Sorry We Missed You le feiceáil ón lá inniu Dé hAoine, 1 Samhain

Fág freagra ar 'Téigh go dtí ‘Sorry We Missed You’, ní bheidh aiféala dá laghad ort'