Téann focal le gaoth

Níl aon smacht againne ar an ngaoth agus ní bheidh go brách, in ainneoin a maíonn an Rialtas agus na comhlachtaí móra atá ar a seacht ndícheall i láthair na huaire ag iarraidh ‘feirmeacha gaoithe’ a thógáil ar fud na tíre.

GreenMountainWindFarm_Fluvanna_2004

 

Iar Oifigeach in Arm Shasana ab ea an Coirnéal Henry Martin, seanchara le m’athair féin ó chas siad dá chéile le linn do m’athair a bheith ag dochtúireacht i gCairo le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Agus mé i mo ghasúr, is minic a chaitheadh an chlann s’againne deirí seachtaine ag fanacht tigh Henry agus a bhean chéile, Patsy, ar an bhfeirm bheag a cheannaigh siad in iarthar Phort Láirge tar éis don seansaighdiúir siúd dul amach ar pinsean.

Ba iad scéalta Henry faoin dá chogadh domhanda inar throid sé is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa mar bhuachaill beag. Ach ní chuige sin atáim anseo; tá gné eile de na deirí seachtaine sin nach ndéanfaidh mé dearmad go deo air.

Ba iad seo na blianta sula raibh Scéim Leictriú na Tuaithe críochnaithe; níor tháinig línte cumhachta an BSL fiú gar do theach Martin. Ach seo fear a tháinig slán ón bhFronta Thiar agus ó Dunkerque; ní chuirfeadh fadhb bheag mar sin bac leis.

‘Sea, chuir Henry muileann beag gaoithe suas sa gharraí ar chúl an tí. Níl a fhios agam cár aimsigh sé é; seans go raibh a leithéid feicthe aige san Aifric nó san India agus é ag cosaint na hImpireachta le linn a óige féin.

Ach is air seo a bhí an líon tí seo i gCo Phort Láirge ag brath chun leictreachas a ghinniúint i dtús na seascaidí. Tá go maith, a deir tú. Agus bhí, cinnte – nuair a bhí an ghaoth ag séideadh.

Nuair nach mbíodh, áfach, theipeadh de phlimp ar na soilsí agus bheadh ar Patsy bhocht sodar timpeall an tí ag lasadh coinnle agus seanlampaí Tilley. Mar an gcéanna dá mbeadh gaoth róláidir ann; bheadh ar Henry bocht rith amach agus an muileann a stopadh ar fhaitíos go mbrisfí é.

Leathchéad bliain ina dhiaidh, níor sáraíodh an fhadhb áirithe sin fós. Ní shárófar ach oiread – in ainneoin an dul chun cinn dochreidte atá déanta ó thaobh na teicneolaíochta ó bhí mise óg. Níl aon smacht againne ar an ngaoth agus ní bheidh go brách.

Bíonn an fhírinne searbh, a deirtear. Ní chloisfidh tú focal faoi seo ón Rialtas ná ó aon cheann de na comhlachtaí móra atá ar a seacht ndícheall i láthair na huaire ag iarraidh ‘feirmeacha gaoithe’ a thógáil ar fud na tíre.

Agus ní chloisfidh tú focal faoi ó cheannairí an AE, a dúirt linn go neamhbhalbh an tseachtain seo go gcaithfimid trian dár gcuid leictreachais a tháirgeadh ó fhoinsí ‘in-athnuaite’ faoin mbliain 2030.

Ar an meán, bíonn 110 lá sa bhliain nuair nach féidir leis an muileann gaoithe is sofaisticiúlaí ar domhan feidhmiú ar chor ar bith, bíodh sé sin amhlaidh ceal gaoithe nó de bharr gálaí móra. I bhfocail eile, ní féidir brath ar an ngaoth mar fhoinse cumhachta.

Cuma cé mhéad ‘feirm ghaoithe’ a thógfar ar phortaigh agus ar shléibhte na hÉireann – cuma cé mhéad dreach tíre eile a bheidh scriosta ag na huafáis seo – beidh foinse eile cumhachta ag teastáil uainn i gcónaí, ar a laghad dhá nó trí lá sa tseachtain.

Ní bealach saor é chun leictreachas a chur ar fáil, ach oiread. Cinnte, ní chosnaíonn an ghaoth féin tada. Ach cosnaíonn an trealamh féin – trealamh a bheidh caite tar éis 10 mbliana in aeráid Iarthar na hÉireann, dála an scéil – na mílte euro.

Sin é an fáth a gcaithfidh an BSL airgead sa bhreis a íoc leis na comhlachtaí príobháideacha a chuireann an chumhacht seo ar fáil – agus go mbíonn rachmasóirí ag iarraidh sciar den ghnó seo. Tá sé, freisin, ar cheann de na fáthanna a mbíonn leictreachas chomh daor sin sa tír seo.

Creid é nó ná creid, cosnaíonn sé i bhfad Éireann níos mó leictreachas a ghinniúint ón ngaoth ná ó aon fhoinse eile atá ar fáil.

Cosnaíonn sé €116 dóthain leictreachais a ghinniúint le cumhacht na gaoithe agus a dhéanfadh 50,000 cupán tae. Chun an méid céanna a tháirgeadh le gual, bheadh costas €110 i gceist; le gás nádúrtha, €90; agus le cumhacht núicléach, €86.

Is cinnte go bhfuilimid, mar chine daonna, ag milleadh na timpeallachta leis an méid ola, guail agus gáis a bhíonn á ndó againn agus go gcaithfimid rud éigin a dhéanamh faoi.

Ach is cinnte freisin nach í an ghaoth réiteach na faidbhe.

Dála an scéil, cé nach gcloisfidh tú mórán faoi seo ach oiread, is mó i bhfad na gáis cheaptha teasa a scaoileann beithígh na hÉireann amach as a gcuid tóineanna – agus is mó i bhfad an dochar a dhéanann siad – ná a bhfuil de charanna ar bhóithre na tíre.

Nach aisteach, mar sin, nach raibh náire ar bith ar an Taoiseach an tseachtain seo maolú speisialta ar rialacha an AE a lorg d’fheirmeoirí na tíre seo ag an am céanna is a thacaigh sé leis an bpolasaí nua ‘in-athnuaite’ seo?

Leathchéad bliain ó shin, thuig sean-Henry Martin go rímhaith nach bhféadfadh sé déanamh d’uireasa a chuid lampaí Tilley. An dtógfaidh sé leathchéad bliain eile ar an Rialtas an ceacht céanna a fhoghlaim?

Agus an mbeidh a bhfuil de phortaigh agus de shléibhte sa tír scriosta ag rachmasóirí idir seo agus sin?

– Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury

Fág freagra ar 'Téann focal le gaoth'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    “is mó i bhfad na gáis cheaptha teasa a scaoileann beithígh na hÉireann amach as a gcuid tóineanna”
    Nár dúirt Míchaél ó Laoire e sin cheanna agus é ag caint faoi eitilt ar chostas iseal.Cheap alán daoine gur ag magadh a bhí sé nuair a chur sé an lucht faoi fahb na gáis cheapthe teasa ar na ba ag bromadh.

  • Teresa Cassin

    Tá sé suimiúil go gcosnaíonn sé i bhfad Éireann níos mó leictreachas a ghinniúint ón ngaoth ná ó aon fhoinse eile atá ar fáil. Tuigim go bhfuilimid ag milleadh na timpeallachta leis an méid ola, guail agus gáis a bhíonn á ndó againn ach léiríónn an scríbhneoir nach í an ghaoth réiteach na faidhbe.

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Tá an ceart agat, tá na feirmeacha gaoithe ró-chostasach, agus is dócha go gcruthaíonn a ndéantús, agus iompar na bpáirteanna thar bhóithre agus farraige ó áit a ndéanta go dtí na cnoic agus na portaigh, níos mó truailliú ná mar a choscann siad le linn a saolré. Ach is fíor fosta go mbíonn an chumhacht núicléach níos daoire ná mar a deirtear. D’fhéadfadh daoine níos lú feola a ithe ar ndóigh…

  • Jordan Ely

    Lúann an scribhnéoir gaoth, gual, gás agus cumhacht núicléich;
    Gan trácht ar an t-aon foinse fuinneamh atá ann, fuinneamh ríalta, cothrom, a d’fheadfá do uaireadóir a ceartú leis…taoide? Canathaobh nach bhfuil taighde / infhéistíoch súntasach á dhéanamh ar sin? Níl deontaisí ann? Tá sé níos símplí ar dtír – plean ceadálá a éascú / cursaí polaitiúil a athrú le airgead ciúin insan áit ceart?

  • Criostóir Ó Branagáin

    Aontaím go huile is go hiomlán leis an údar. Go raibh mile maith agat as fírinne an scéil a insint go simplí agus go soiléir faoi na muilte gaoithe. Tá áilleacht na hÉireann á scriosadh ag na rudaí gránna, uafásacha sin. Is trua go bhfuil an lámh in uachtar ag na forbróirí gaoithe agus ag an rialtas, agus go bhfuil dallamullóg á chur ar an bpobal faoin scéal. Is iad muintir na hÉireann a íocfaidh go daor as.