Teach Noël Browne i gConamara curtha ar liosta na bhfoirgneamh cosanta

Ar an gCloich Mhóir thart ar an mbliain 1800 a tógadh an teach ceann tuí a bhíodh ag an bpolaiteoir cáiliúil 

Teach Noël Browne i gConamara curtha ar liosta na bhfoirgneamh cosanta

Tá an teach ceann tuí inar chónaigh an polaiteoir iomráiteach Noël Browne curtha leis an liosta d’fhoirgnimh atá faoi chosaint ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Tógadh an teach ceann tuí ar an gCloich Mhóir, taobh thiar de Bhaile na hAbhann, thart ar an mbliain 1800.  

Muintir Con Rí a bhí sa teach seo gur phós Curraoineach isteach sa teach ag tús an 20ú haois. Iadsan a bhí sa teach nó gur cheannaigh an Dochtúir Nollaig de Brún an teach i dtús na 1970idí. Is ann a bhí sé féin agus a bhean go deireadh a saoil agus is ann a scríobh sé a bheathaisnéis cháiliúil Against the Tide. Lena chlann an teach i gcónaí.

Tá aghaidh an tí ar an bhfarraige mhór agus ar oileáin Árann.  

Dhá theach i gConamara atá ar an liosta ar a dtugtar Taifead ar Dhéanmhais Chosanta. 

Teach ceann tuí a tógadh in 1850 sa Spidéal Thiar an teach eile as Conamara a bheidh faoi chosaint feasta. 

Teach tréigthe an bhoscadóra iomráitigh Joe Cooley i gceantar an Ghoirt, teach ceann tuí i gCathair Bhoilgín agus teach dhá stór sa mBán Mór i mBaile Átha an Rí na trí theach eile atá le cosaint an iarraidh seo agus sa naoú céad déag a tógadh iad ar fad.

Tá os cionn 3,000 foirgneamh i gcontae na Gaillimhe ar an liosta sin anois  – séipéil, scoileanna, droichid, céibheanna, toibreacha, reiligí, túir, beairicí, caisleáin, tithe, siopaí agus tógálacha baoise. 

Tá a lán de na séipéil i gConamara – Teach Mór an Spidéil, Túr Martello Ros an Mhíl agus Teach an Station a bhí ag Garda Cósta Shasana i mBaile an tSléibhe ar an liosta cosanta. 

Cuirtear struchtúr faoi chosaint má cheapann an t-údarás pleanála go bhfuil sé tabhachtach ó thaobh na hailtireachta, na staire, na healaíne, an chultúir nó na teicneolaíochta. 

Ní féidir aon dochar a dhéanamh don struchtúr cosanta agus is féidir faillí a chur i leith an úinéara mura dtugtar aire cheart dó. Bíonn  deontais chaomhnaithe ar fáil chun an struchtúr a chosaint. Ní ceadmhach aon athrú bunúsach – péint, amhábhar, fuinneoga, athchóiriú, srl – a dhéanamh gan cead pleanála.

Fág freagra ar 'Teach Noël Browne i gConamara curtha ar liosta na bhfoirgneamh cosanta'

  • Tomás

    Nach Noel Browne atá i gceist…mar a thug sé ar fhéin ar feadh a shaoil.