Teach curtha trí thine ag splanc thintrí i gConamara

Chaith dhá inneall de chuid Bhriogáid Dóiteáin na Gaillimhe dhá uair an chloig ag iarraidh tine a cheansú a thosaigh nuair a bhuail splanc thintrí teach i nGaeltacht na Gaillimhe le linn stoirm na hoíche aréir 

Teach curtha trí thine ag splanc thintrí i gConamara

Chuaigh teach i mBearna, i nGaeltacht na Gaillimhe, trí thine aréir nuair a bhuail splanc thintrí é i lár na hoíche. B’éigean do dhá inneall dóiteáin freastal ar an tine a tosaíodh thart ar 1.30 aréir. Thóg sé dhá uair an chloig ar Bhriogáid Dóiteáin na Gaillimhe an tine a smachtú. 

Níor gortaíodh duine ar bith sa tine. 

Bhí tintreach agus toirneach ann ar fud chontae na Gaillimhe agus in áiteanna eile timpeall na tíre aréir. Tá rabhadh tugtha arís ag Met Éireann faoi stoirmeacha contúirteacha a bheith ann níos deireanaí sa lá. 

Tá an Bord Soláthair Leictreachais ag obair ó mhaidin leis an gcumhacht a thabhairt ar ais go ceantair éagsúla ar fud an chontae, An Cheathrú Rua i gConamara ina measc. Dúirt urlabhraí de chuid an ESB go bhfuil foirne de chuid an chomhlachta ag obair go dian ó mhoch maidine leis an gcumhacht a thabhairt ar ais i nGort, Baile Átha an Rí, Baile Chláir naGaillimhe, Baile Locha Riach, Cill Colgáin agus Áth Cinn. 

Fág freagra ar 'Teach curtha trí thine ag splanc thintrí i gConamara'