‘Tar anuas ón Roinn Oideachais le hamharc nach bréag atá muid a insint’ – achainí ó scoil Ghaeltachta atá ‘i ndroch-chaoi’

Tugadh cuireadh sa Dáil don Aire Oideachais Helen McEntee cuairt a thabhairt ar Phobalscoil Chloich Chionnfhaola le go bhfeicfeadh sí ‘an drochbhail’ atá ar an bhfoirgneamh

‘Tar anuas ón Roinn Oideachais le hamharc nach bréag atá muid a insint’ – achainí ó scoil Ghaeltachta atá ‘i ndroch-chaoi’

Tá meánscoil nua ‘tuillte’ ag pobal Chloich Chionnaola i nGaeltacht Dhún na nGall, dar le leascheannaire Shinn Féin, Pearse Doherty. Thug Doherty, atá ina Theachta Dála do Dhún na nGall, cuireadh sa Dáil don Aire Oideachais Helen McEntee cuairt a thabhairt ar Phobalscoil Chloich Chionnfhaola le go bhfeicfeadh sí “an drochbhail” atá ar an bhfoirgneamh.

Dúirt sé go raibh pobal na scoile “an-fhoighneach” leis an Roinn Oideachais agus iad ag éileamh go gcuirfí an scéal ina cheart ach go bhfuil siad “i ndeireadh na feide” anois agus gur gá “scoil nua” a thógáil sa pharóiste Gaeltachta.

“Bhí an pobal i gCloich Chionnaola an-fhoighneach go deo. Bhí an fhoireann agus an bord bainistíochta an-fhoighneach go deo, agus tá siad tar éis a gcás a chur in iúl arís agus arís eile ach tá siad i ndeireadh na feide anois,” a dúirt Doherty.

Dúirt Carmel Ní Chuireáin, duine de na múinteoirí atá sa scoil agus ball den bhord bainistíochta, le Tuairisc go bhfuil “obair éigeandála” le déanamh sa scoil Ghaeltachta agus go bhfuil an scoil, a tógadh caoga bliain ó shin, “caite”.

“Tá iarratas istigh le haghaidh scoil úr le traidhfil blianta. Ar an bhomaite, tá obair éigeandála le déanamh. Ta díon úr de dhíobháil orainn, tá fuinneoga úr de dhíobháil orainn, tá córas teasa úr de dhíobháil orainn. Agus tá obair dheisiúcháin le déanamh ar an scoil le cuma a chur ar an scoil,” a dúirt Ni Chuireáin.

Dúirt sí go raibh an t-iarratas atá istigh ag Pobalscoil Chloich Chionnaola curtha ar an “méar fhada” ag an Roinn Oideachais agus go bhfuil “droch-chuma” ar an scoil.

Dúirt Pearse Doherty go raibh an fhoireann ag déanamh “obair ar dóigh, i gcónaí” sa scoil.

“Tá oideachas den chéad scoth á chur ar fáil acu i gcúinsí atá go huile is go hiomlán faoi bhun an chaighdeáin. Níor cheart go mbeadh orthu caoi a chur ar shíleálacha ná athrú ó sheomra go seomra le bheith ag múineadh. Tá a ngairmiúlacht agus a dtiomantas le moladh ach tá an córas tar éis iad a ligean síos,” a dúirt Doherty.

Mhaígh sé go bhfuil an cás á chur os comhair na Roinne Oideachais “leis na blianta” anois agus nach féidir glacadh a thuilleadh leis an gcaoi a bhfuil cúrsaí. Dúirt Doherty nach raibh sé “féaráilte” ar dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu ná daltaí a bhfuil fadhbanna céadfaithe acu.

“Siúlaim isteach i scoileanna ar fud Dhún na nGall agus bíonn sé iontach nuair a fheiceann tú na foirgnimh nua, an timpeallacht a bhfuiltear ag múineadh na bpáistí seo inti anois. Tá an rud céanna tuillte ag Pobalscoil Chloich Chionnaola,” a dúirt sé.

Mhaígh sé go mbeidh sé “soiléir” don Aire Oideachais ach cuairt a thabhairt ar an scoil gurb é atá ag teastáil ná “scoil nua” atá in ann freastal ar “riachtanais na bpáistí seo in 2025”.

Dúirt Carmel Ní Chuireáin nach bhfuil an drochbhail atá ar an scoil ag cur isteach ar chaighdeán an oideachais atáthar a chur ar fáil do na daltaí.

“Cé go bhfuil droch-chuma ar an áit agus tá obair de dhíobháil, níl sé ag cur isteach orainn mar mhúinteoirí ná ar an obair atá muid a dhéanamh sna ranganna. Níl sé ag cur isteach ar an bhfoghlaim ná ar an teagasc, agus tá sé tábhachtach é sin a chur in iúl.

“Tá líon na ndaltaí ag méadú. Tá muid ag tarraingt ar chúig chéad agus na huimhreacha ag gabháil suas leo. Tá céad is a deich sa chéad bhliain, tá tuairim is céad cláraithe an bhliain seo chugainn cheana féin, ach níl athrach ar bith ar an áit,” a dúirt sí.

Dúirt Ó Cuireáin go bhfuil “de cheart” ag pobal Chloich Chionnaola “áit mhaith” a bheith acu agus “cuma mhaith” a bheith ar an scoil atá acu.

“Ba mhaith linn go dtiocfadh duine inteacht anuas ón Roinn Oideachais le hamharc nach bréag atá muid a insint. Cha nglacfaidh sé ach deich mbomaite ag siúl thart go bhfeicfeadh an tAire Oideachais go bhfuil airgead de dhíobháil leis an áit a chóiriú.

“Mar a dúirt mé, tá iarratais istigh againn agus tá muid ag fanacht leis na hiarratais sin uilig a ghabháil fríd, an t-airgead a fháil, agus toiseacht. Caithfear daoine a fháil isteach le toiseacht ar an obair seo chomh luath agus a thig linn. Tá muid ag fanacht fada go leor faoina choinne, agus tá cothrom na Féinne de dhíobháil orainn,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Tar anuas ón Roinn Oideachais le hamharc nach bréag atá muid a insint’ – achainí ó scoil Ghaeltachta atá ‘i ndroch-chaoi’'