Tapaímis an deis lena chinntiú nach ar an mbád bán a bheidh daoine ag imeacht arís

Caithfear féachaint chuige nach mbuailfidh rabharta eile eisimirce an pobal

Tapaímis an deis lena chinntiú nach ar an mbád bán a bheidh daoine ag imeacht arís

Droichead na nDeor i dTír Chonaill, tá leacht ansin ag an áit a scaradh na himircigh lena muintir is iad ag triall ar an mbád bán as Doire. I mo cheantar féin ba é Droichead Chomhraic i gcontae Mhaigh Eo, an áit. Nuair a thrasnaíodh deoraí an Abhainn Mhór ansin, d’fhágadh sé slán go brónach le hIorras.

Tá an tírdhreach, an seanchas agus na hamhráin lán le cumha na n-eisimirceach agus a muintir. Ó aimsir an Ghorta go dtí an tubaiste eacnamaíochta deich mbliana ó shin d’fhág stair chráite na himirce a lorg ar an bpobal; an sconna a scaoil brú na dearóile ach a bhris teaghlaigh.

Ach an athróidh an phaindéim Covid-19 an patrún?

Ní bheidh an saol mar a bhí.

Conas a bheadh?

Beifear ag déileáil le hiarmhairtí na paindéime ar an tsláinte, an saol sóisialta, an córas oideachais, an fhóillíocht, cúrsaí fostaíochta agus eacnamaíochta go ceann i bhfad.

Ní bheidh gá le blocanna móra oifige mar beidh an nós bunaithe go dtig le daoine a gcuid oibre a dhéanamh sa bhaile, cuid den am.

Dá réir tig le tógálaithe díriú ar thithe cónaithe a sholáthar. Ní gá gur i mBaile Átha Cliath ná sa chrios comaitéireachta thart ar an bpríomhchathair a bheidh an chuid is mó de na tithe sin.

Is é an scéal céanna é i gcás Bhéal Feirste. Beifear in ann a theacht ar chur chuige difriúil i leith taistil. Ní bheidh gá le mótarbhealaí móra nua, ach an mbeidh drogall ar dhaoine a dhul ar bhusanna agus traenacha má bhíonn siad fós ag fanacht amach óna chéile?

Thar mar bhí ariamh.

Tá pleanáil fhadtéarmach riachtanach thuaidh agus theas.

’Sé is dóichí gur an Breatimeacht crua atá ag druidim linn agus ní haon ribín réidh é an dochar don ngeilleagar a chur ina cheart.

Cloisfear na sean-argóintí, lucht an airgid ag éileamh srianta ar phá agus breis tacaíochta do lucht rachmais murab ionann agus seirbhísí poiblí.

Cloisfear na hargóintí sin in ainneoin fianaise ghléineach a bheith faighte againn le déanaí gur botún mór é caiteachas ar an tseirbhís sláinte, cuir i gcás, a chiorrú.

Deir na saineolaithe de gach claonadh nach mbeidh an cúlú eacnamaíochta i ndiaidh na paindéime cosúil leis an gceann deiridh.

Is cinnte nach mbeidh an chosmhuintir in acmhainn an costas a sheasamh an geábh seo.

Caithfear modh níos cruthaithí a aimsiú, le hiasachtaí, mar shampla, chun na heasnaimh mhóra shóisialta a chur ina gceart. Má dhéantar infheistíocht i dtithíocht, i mbeartais in aghaidh na héagothroime, ar son na timpeallachta nó i gcoinne bhánú na tuaithe, baileoidh brobh beart. Cinnteoidh an fhostaíocht go mbeidh airgead ag daoine le caitheamh.

Beidh an fórsa saothair mór. Is lú go mór na deiseanna a bheas ag daoine imeacht ar imirce. Cá n-imeoidís? Athróidh an coróinvíreas cúrsaí taistil, an pholaitíocht idirnáisiúnta agus nósanna daoine.

San ré dhearóil sna 1940idí agus 1950idí d’imigh suas le leathmhilliún ón deisceart agus na mílte as an Tuaisceart. Bhíodh scéal ag Peadar O’Donnell faoi dhíospóireacht a bhí aige le hÉamon De Valera. Bhí an sóisialach, O’Donnell, ag fáil locht ar De Valera mar Thaoiseach faoi uafás na himirce. ‘Bheadh leathmhilliún imithe dá mbeifeá-sa i gceannas freisin,’ a dúirt an Taoiseach. ‘B’fhéidir é,’ arsa O’Donnell, ‘ach ní hiad an leathmhilliún céanna iad’.

Ba léir gur glacadh leis gur ghnáthchuid den saol í an eisimirce. Ba mhar a chéile an scéal ag Caitlicigh taobh thiar den Bhanna an tráth sin.

Mhaolaigh an ráta imeachta thuaidh agus theas sna seascaidí ach d’imigh leathmhilliún as an deisceart arís sna hochtóidí agus an-chuid as an Tuaisceart le linn na dTrioblóidí sna 1970idí agus 1980idí. Inniu féin, imíonn líon mór den óige Phrotastúnach go dtí an Bhreatain Mhór ar ollscoileanna agus ní fhilleann a bhformhór.

Tá na sluaite den ghlúin a theith ón bPoblacht tar éis thitim an Tíogair atá imithe go buan.

Ba mhallacht í an eisimirce gan amhras ach ba bheannacht í freisin do dhaoine a bhí ar an bhfaraor géar. Sna 1940idí agus 1950idí ocracha choinnigh na pingineacha a seoladh abhaile an dé sa mhuintir a bhí fágtha.

Ba mhaith ann na seoltáin – na ‘remittances’ – a raibh an Teachta Dála Noel Grealish ag clamhsán fúthu nuair b’inimircigh in Éirinn a bhí á seoladh chun na coigríche.

Chaith go leor den ghlúin sin a saol ag sclábhaíocht agus fuair cuid acu bás ar an uaigneas gan teaghlach, gan aitheantas.

Bhí a thuilleadh a raibh rath orthu gan bhuíochas dá dtír dhúchais.

Le déanaí chonaic mé litir ó bhean mheánaicmeach a d’imigh go Sasana i 1943. Bhí saol sona, compordach aici agus shlánaigh sí an céad ag tús na bliana seo. Ina litir bhí sí ag cur síos ar an litir aitheantais agus deolchaire a fuair sí ón Uachtarán, Micheál D Ó hUigínn.

77 bliain ó d’imigh sí ar imirce b’onóir agus údar gairdeachais as cuimse aici é sin, aitheantas óna tír dúchais.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin tábhacht atá leis an aitheantas sin. Tá sé á fháil ag deoraithe ó 2006.

Is maith sin.

Ach b’fhearr go mór, feasta, féachaint chuige nach mbuailfidh rabharta eile eisimirce an pobal.

Múineann gá seift. ’Sé an t-athrú saoil de bharr Covid 19 an deis.

Fág freagra ar 'Tapaímis an deis lena chinntiú nach ar an mbád bán a bheidh daoine ag imeacht arís'