Talamh nó tonnta – Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Donald Trump ar mhalairt bráite

Níl Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an tUachtarán Donald Trump ar an téad chéanna – ó thaobh fheilméaracht na mara de, ar chuma ar bith

Talamh nó tonnta – Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Donald Trump ar mhalairt bráite

Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland.

Shínigh Trump Ordú Uachtaránachta an lá cheana ar mhaithe le leathnú agus forbairt a dhéanamh ar an bhfeilméaracht éisc ar na farraigí amach ó chóstaí Mheiriceá.

Dúirt an tUachtarán leis na feilméaraí go raibh an t-ádh orthu go raibh seisean sa Teach Bán. Sa gcás seo, tá seans maith ann go raibh sin amhlaidh. Is fada iad na feilméaraí éisc sna Státaí ag iarraidh tacaíocht as Washington.

Tá an chosúlacht ann le tamall anois gur i dtreo na talún atá feilméaraí éisc sna Státaí á dteannadh. Ach an oiread leis an tír seo tá tranglam dlíthe, rialacha agus ceisteanna ceadúnais le sárú acu sula bhfaighidh siad cead a gcinn sna cuanta.

Ach d’fhágfadh córas na talún go mbeadh i bhfad níos mó infheistíochta ag teastáil sula mbeifí réidh le tabhairt faoin bhfeilméaracht éisc ansin feilm agus bheadh an costas níos troime. I Stát Maine faoi láthair, tá an comhlacht Nordic Aquafarms leagtha ar fheilm bradán intíre a fhorbairt ar chostas iomlán €360 milliún. (Tá agóidí ina haghaidh seo go háitiúil cé go bhfuil grúpa tacaíochta áitiúil ar a son).

Bheadh ceisteanna ann faoi stádas orgánach an bhradáin nó an éisc a bheadh á gcothú agus á dtógáil in uiscí intíre agus is branda tábhachtach é sin ar an margadh. Is é MOWI (Marine Harvest mar a thugtaí orthu) an comhlacht feilméarachta bradán is mó sa domhan.

Tá a bPríomhfheidhmeannach siúd, Ivan Vindheim, ina measc siúd a dúirt gur amuigh ar an bhfarraige mhór an áit cheart, agus an áit is fearr agus is folláine le bradáin a chothú agus a thógáil.

Ní mar sin a fheictear an scéal i gComhairle Chontae na Gaillimhe.

Tugadh síos sa bPlean Forbartha Contae a leagadh amach cúig bliana ó shin gur i dtreo na talún ba chóra don fheilméaracht éisc a bheith ag díriú compáis. Bíodh sin ciallmhar, nó a mhalairt, is ar éigean go n-éireodh le hiarracht mar sin ar chóstaí thiar na hÉireann. Talamh treampánach atá ann agus, lena chois sin, tá réimsí fada fairsing den taobh tíre faoi bhrandaí cosanta timpeallacha, ceantair SAC agus eile.

Chuir feilméaraí éisc i Meiriceá fáilte roimh Ordú an Uachtaráin ach bheadh tuilleadh tacaíochta ag teastáil i dTeach na nIonadaithe agus sa Seanad sula bhféadfaí leas iomlán a bhaint as an Ordú seo.

Chomh maith leis sin, bhraithfeadh roinnt ar cé a bheadh ina Uachtarán tar éis thoghchán na Samhna seo chugainn – Trump nó Biden.

Is féidir ordú de chuid Uachtarán nach bhfuil in oifig níos mó a chur ar ceal ach ní furasta é sin a dhéanamh sa gcás go mbaineann an tionscal le bia, go háirithe tionscal a bhfuil glaoch láidir ar a chuid táirgí.

Léiríonn tuarascáil de chuid na Náisiún Aontaithe a foilsíodh le gairid go dtagann 46% de bheatha farraige an domhain as foinsí feilméarachta éisc faoin tráth seo.

Faoin mbliain 2030 beidh an sciar sin ardaithe go dtí 53%. Tá go leor cineálacha éisc agus sliogéisc i gceist ar fud an domhain ach tá na bradáin i measc na gcinn is líonmhaire.

De réir na tuarascála ó na Náisiúin Aontaithe le gairid, is ag ardú atá an líon daoine ar fud an domhain atá ag fulaingt cheal dóthain beatha agus cheal beatha shláintiúil.

Áirítear beatha chladaigh agus farraige sa réimse is fearr agus is folláine.

Más cruinn an réamhaisnéis, beidh daonra an domhain gaibhte chomh hard le 10 billiún faoin mbliain 2050.

Teastóidh tuilleadh beatha fós uathu.

Leagann na Náisiúin Aontaithe béim ar leith ar thábhacht an éisc i dtíortha bochta nó ar bheagán forbartha san Afraic agus san Áise. Feictear don eagraíocht dhomhanda go dteastaíonn forbairt mhór ar fheilméaracht na mara agus an chladaigh.

Is chun deiridh atá tionscal na feilméarachta cladaigh agus cuanta gaibhte in Éirinn le roinnt blianta. Mar shampla, tá laghdú beagnach 40% tagtha ar an lear tonnaí bradán feilme atá ag dul ar an margadh. Beagán le cois 12,000 tonna in aghaidh na bliana atá á tháirgeadh sa tír uilig anois; bhíodh beagnach an méid sin á tháirgeadh in iarthar Chonamara leis féin 30 bliain ó shin.

Bhí laghdú 8% ar an táirgeacht as feilméaracht sliogéisc in 2018 agus laghdú 1% air sin aríst – bliain ar bhliain – anuraidh.

I dTír Chonaill is fearr atá fostaíocht as tionscail na mara uilig agus sin 10% den fhostaíocht ar fad sa gcontae. Idir 4% agus 6% den fhostaíocht a bhaineann le tionscal na mara sna réigiúin eile.

I gcontae na Gaillimhe, mar shampla, tá an lear daoine atá fostaithe i dtionscal na hiascaireacht laghdaithe ó 6% beagán blianta ó shin go dtí 4% anois.

Beidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag múnlú Plean Forbartha an Chontae as an nua as seo go ceann bliana. Beidh deis acu béim a leagan ar thábhacht na mara agus an chladaigh mar fhoinse beatha agus mar fhoinse forbartha eacnamaíochta ar bhealaí níos láidre.

Titeann go leor den dualgas sin ar Chomhairleoirí Contae Chonamara.

Fág freagra ar 'Talamh nó tonnta – Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Donald Trump ar mhalairt bráite'

  • Máirtín Ó Catháin

    A chairde,
    Baineann na céadtáin fostaíochta i dtionscail na mara san áit leis na ceantair cois cósta.
    Mar shampla – an 10% atá luaite le Tír Chonaill, sin 10% den fhostaíocht in aice an chósta agus an 4% atá luaite le Gaillimh, sin 4% den fhostaíocht sna ceantair chósta.
    Máirtín Ó Catháin.