Craobh Shinsir Peile Ban na hÉireann – Cluiche Ceannais Craobh Idirmheánach Peile Ban na hÉireann – Cluiche Ceannais Craobh Shóisir Peile Ban na hÉireann – Cluiche Ceannais
Áth Cliath v An Mhí – Páirc an Chrócaigh, 16:15 (Beo ar TG4)
Laois v Tír Eoghain – Páirc an Chrócaigh, 13:45 (Beo ar TG4)
Aontroim v Lú – Páirc an Chrócaigh, 11:45 (Beo ar TG4)
Bhí bua na Mí ar Áth Cliath i gcluiche ceannais na hÉireann 2021, nuair a bhí mná na príomhchathrach sa tóir ar a gcúigiú craobh as a chéile, ar cheann de na buanna gan choinne ba mhó i stair pheil na mban.
Thug foireann na Mí ceann de na taispeántais ba dhíograisí a tugadh i bPáirc an Chrócaigh le roinnt mhaith blianta an lá sin agus an bua tuillte go maith acu agus léiríodh an bhliain dár gcionn nach rith searraigh a bhí i gceist agus an fhoireann ag buachan Corn Uí Mháirtín arís in 2022.
Tá cúrsaí éirithe níos dúshlánaí d’fhoireann na Mí ó shin, áfach, agus teipthe orthu dul níos faide ná na babhtaí ceathrú ceannais in 2023 agus arís in 2024. Ciarraí a bhuaigh orthu an dá bhliain sin ach bhain na mná Ríoga díoltas amach coicís ó shin nuair a sháraíodar seaimpíní na bliana seo caite sa Tulach Mhór chun áit a fháil i gcluiche ceannais an lae inniu.
Seans go mbeidh orthu an leibhéal a bhaineadar amach in 2021, nó gar go maith dó, a bhaint amach chun an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic tráthnóna, áfach.
Minic go maith ón lá sin atá Áth Cliath agus an Mhí casta ar a chéile, cluichí sraithe, Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann, ach ní hé an oiread sin de na cluichí atá buaite ag an Mhí. Is é an cluiche tráthnóna an ceathrú babhta acu aghaidh a thabhairt ar a chéile i mbliana féin agus chuile cheann go dtí seo buaite ag Áth Cliath. Níl foireann Átha Cliath chomh caithréimeach ná chomh dochloíte is a bhí ach tá fios a gceirde ag na mná seo agus taithí na mblianta sa bhfoireann.
Bhí sin le feiceáil sa mbua a bhí acu ar Ghaillimh sna babhtaí leathcheannais. Is beag a bhí idir na foirne ach bhí cuma na maitheasa ar mhná an iarthair agus iad pointe chun cinn agus seilbh acu ar an liathróid sa nóiméad deireanach. D’éirigh le hÁth Cliath í a bhaint díobh, bhuadar cic saor agus chuir Hannah Tyrrell iarracht dheacair thar an trasnán chun am breise a chinntiú. Tháinig Áth Cliath slán san am breise le cabhair ó chúl iontach Carla Rowe, an liathróid fliceáilte go cúl na heangaí aici lena sáil.
Tá Rowe agus Tyrrell ar bheirt de na seanfhondúirí atá tar éis tacú go mór leis an bhfoireann go dtí seo agus a gcuid déanta chomh maith ag leithéidí Sinéad Goldrick, Nicole Owens agus Martha Byrne. Is í Tyrrell, a bheidh ag imirt a cluiche deireanach d’Áth Cliath tráthnóna, príomhnaoscaire na foirne ach tá cúnamh maith faighte aici ó Kate Sullivan in aice léi agus is féidir brath i gcónaí ar Rowe chun cúpla scór tábhachtach a fháil.
Ní hé go gcuirfidh aon easpa taithí isteach ar fhoireann na Mí, áfach. Tá Emma Duggan agus Vikki Wall ag imirt ar fheabhas d’fhoireann Shane McCormack ach tá cúpla imreoir nua tagtha isteach le cúpla bliain anuas, an t-ógánach Kerrie Cole a d’aimsigh cúl sa gcluiche leathcheannais in aghaidh Chiarraí ina measc.
Is í Cole an t-aon imreoir ar an bhfoireann atá ainmnithe don chluiche ceannais nár thosaigh gach cluiche craoibhe go dtí seo i mbliana ach seans go mbeidh ar McCormack athrú a dhéanamh de bharr gortú glúine a bhain do Katie Newe sa gcluiche leathcheannais. D’fhéadfadh gurb í Shauna Ennis, an bean a d’ardaigh Corn Uí Mháirtín in 2021, a bheadh ag teacht isteach ina háit áfach, comhartha maith don Mhí, b’fhéidir.
Sna cluichí ceannais eile a imreofar inniu, tiocfaidh dhá fhoireann a chaill cluichí ceannais na bliana seo caite ar ais agus iad ag iarraidh greim a fháil ar chupáin. Buaileadh Tír Eoghain sa gcluiche ceannais Idirmheánach anuraidh ach tá siad ar ais anois le haghaidh a thabhairt ar Laois agus casfaidh contae Lú ar Aontroim i gcluiche ceannais na sóisear bliain ó chaill na Laighnigh in aghaidh Fhear Manach.
Fág freagra ar 'Taispeántas mar a thugadar in 2021 ag teastáil ó mhná na Mí chun Áth Cliath a shárú'