Athrú ar phlean d’ionad nua Gaeilge mar gheall ar litir a roinn Trump ar líne

Tá a lorg fágtha ag litir mholtach faoi pholasaí Donald Trump i leith an Mheánoirthir ar pleananna d’ionad nua Gaeilge i mBéal Feirste

Athrú ar phlean d’ionad nua Gaeilge mar gheall ar litir a roinn Trump ar líne

Ní thabharfar aitheantas ag lárionad Gaeilge nua do dhuine de na daoine a thacaigh lena thógáil toisc gur mhol sé buamáil na hIaráine agus “cosaint” Iosrael.

Tá sé ráite ag an eagraíocht Gaeilge, Glór na Móna, nach mbeidh ainm uachtarán an International Longshoremen Association (ILA), Harold Daggett, le feiceáil ar an lárionad úr Gaeilge, Croí na Carraige, a bhfuil sé i gceist é a thógáil in iarthar Bhéal Feirste.

Dúirt Glór na Móna nach bhféadfaidís leanstan ar aghaidh “leis an chomhaontú” a bhí acu leis an ILA maidir le maoiniú. Bhí Cumann Idirnáisiúnta na nDugairí ag cur maoiniú ar fáil do thógáil an ionaid.

Dúirt Glór na Móna, a chuireann an Ghaeilge agus saol na nGael chun cinn in iarthar Bhéal Feirste, go ndearna siad an cinneadh “deireadh a chur leis an chomhaontú leis an ILA mar gheall ar litir a scríobh Harold Daggett chuig Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump. Roinn Trump an litir ar na meáin shóisialta.

Sa litir rinne Daggett comhghairdeas le Trump as buamáil na hIaráine. Mhaígh sé gur sheas “fir agus mná an ILA” le Trump maidir le cosaint a thabhairt d’Iosrael “ceann de na comhghuaillithe is dílse agus is tacúla dá bhfuil againn”.

Dúirt Daggett gur mhaith leis Trump a mholadh as an “bold and courageous decision to bomb Iran’s nuclear facilities”.

Mhaígh Daggett go raibh fir agus mná an ILA “100 fán gcéad” taobh thiar de Trump agus den ghníomh míleata a rinneadh in aghaidh “an enemy of the United States while defending Israel, one of our nation’s most faithful and supportive allies”.

Deir Glór na Móna go dtagann na ráitis thuas “salach ar luachanna agus prionsabail” na heagraíochta ar chloígh siad leo le 20 bliain anuas.

“D’fhulaing muintir iarthar Bhéal Feirste go trom mar gheall ar an choimhlint sa tír seo agus tá dáimh againn le pobail eile atá faoi chois agus iad ag streachailt in aghaidh an choilíneachais.”

“Léiríodh dlúthpháirtíocht i gcónaí le muintir na Palaistíne, go háirithe faoi láthair agus iad thíos leis an chinedhíothú agus leis an ollghorta atá mar pholasaithe ag rialtas Iosrael.”

Coicís ó shín, scríobh Terry Wilson, agus Brian Duplessis, ó bhrainse den ILA atá lonnaithe in Saint John i gCeanada, chuig Daggett chun a chur in iúl dó nár thacaigh baill a mbrainse leis an litir a sheol sé chuig Trump. Rith an brainse sin rún ag cur in aghaidh sheoladh na litreach “in which you [Daggett] praise his bombing of Iran’s nuclear facilities at the bequest of the Israeli Government”.

San fhreagra a sheol Daggett ar ais chucu dúirt sé nach ag tacú leis an gcogaíocht ná le marú daoine soineanta a bhí sé ina litir.

“The action I referenced was a strategic airstrike that did not take a single human life, it was aimed solely at eliminating nuclear capabilities that, if left unchecked, could be used by extremist regimes who have openly called for violence against the United States and its allies.”

Dúirt Glór na Móna “go raibh dúshlán úr” rompu anois chun an togra a chur i gcrích agus nach raibh sin “ceart ná cóir”. Ní raibh sé ceart ná cóir a dúirt siad go mbeadh daoine óga sa cheantar “ag feidhmiú i mbotháin shealadacha, seacht mbliana is fiche i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta”.

Tá súil ag Glór na Móna go mbeidh Croí na Carraige ina áis óige pobail agus oidhreachta agus tá sé beartaithe an t-ionad nua a thógáil in aice le Gael-Ionad Mhic Goill, an t-ionad atá acu ar Bhóthar na Carraige Gile in iarthar Bhéal Feirste.

Tá maoiniú £1 milliún faighte ag an togra, ach measadh i mí Feabhra go gcosnódh an chéad chéim den fhorbairt thart ar £1.6 milliún.

Lorg Tuairisc ráiteas ón ILA faoin scéal seo.

Fág freagra ar 'Athrú ar phlean d’ionad nua Gaeilge mar gheall ar litir a roinn Trump ar líne'

  • Seán Ó Floinn

    Cinneadh amaideach ó Ghlár na Móna a léiríonn go bhfuil aineolas agus amaidí i réim in eagraíochtaí Gaeilge. Seans nach dtuigeann siad gur réimeas tíoránach sceimhlitheoireachta é an réimeas Ioslámach san Iaráin, go gcuireann formhór an phobail Iaránaigh i gcoinne na mullánna agus gur thacaigh go leor acu leis na haerionsaithe ar na hionaid núicléacha. Tá an pobal Iaránach bréan den tslí a mbíonn réimeas na mullánna ag cur amú airgead mór ar mhaoiniú na sceimhleitheoireachta thar lear (Hezbollah, Hamas, na Houtis, etc.) a fhad is atá siadsan féin ar an ngannchuid sa bhaile. De réir na bpobalbhreitheanna is é Reza Pahlavi (mac an Shah) a bhuafadh i dtoghcháin dhaonlathacha oscailte agus ba mhaith le formhór an phobail bata agus bóthar a thabhairt do na mullánna tíoránacha a imríonn cos ar bolg ar an ngnáthphobal. Duine é Pahlavi atá an-bháúil i leith Iosrael (rud atá fíor go ginearálta faoin ngnáthphobal san Iaráin) agus a bheadh ag iarraidh athmhuintearas a dhéanamh le hIosrael dá mbeadh sé i gceannas ar an tír.

    Tá sé dochreidte go mbeadh Glór na Móna sásta leathmhilliún punt a scaoileadh le gaoth toisc gur thacaigh Harold Daggett le gníomh míleata i gcoinne réimeas sceimhlitheoireachta na mullánna!