Tá ráite ag coiste seirbhís aeir Árann go bhfuil geallúint faighte acu ó Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go bhfógrófar tairiscint do chonradh sealadach d’aersheirbhís Árann go luath agus iarrachtaí fós ar bun teacht ar réiteach ar an éiginnteacht faoina bhfuil i ndán don tseirbhís.
Chuir coiste seirbhís aeir Árann in iúl d’Aire Stáit nua na Gaeltachta ag cruinniú a bhí acu leis inniu go bhfuil “imní mhór” orthu i gcónaí faoin bhaol go dtiocfadh deireadh leis an tseirbhís aeir nuair a chuirfidh Aer Arann stop léi i dtús mhí na Nollag.
Tá sé i gceist ag Aer Arann éirí as an tseirbhís aeir d’oileáin Árann ar an 6 Nollaig mar gheall ar aighneas idir an comhlacht agus Roinn na Gaeltachta faoi théarmaí an chonartha don tseirbhís.
Tá an dara conradh idir Aer Arann agus Roinn na Gaeltachta a bhaineann le húsáid Aerfort na Mine tarraingthe siar chomh maith ag úinéir an chomhlachta, an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh, rud a fhágann go mbeadh ar an Roinn láthair fheiliúnach eile a aimsiú don tseirbhís aeir ar an mórthír.
I ráiteas a d’eisigh an coiste, a bunaíodh chun an tseirbhís aeir a chosaint, dúradh gur thug an tAire Stáit le fios dóibh ag cruinniú an lae inniu go raibh “idirbheartaíocht leanúnach” ar siúl ag an Roinn agus roghanna fuascailte éagsúla á scrúdú acu chun an tseirbhís aeir a choinneáil ag imeacht.
Dúradh i ráiteas an choiste go raibh “deimhniú” tugtha dóibh go raibh an Roinn sásta an aerstráice sna Mine a cheannach agus go bhfuiltear “ag obair ar phleananna le seirbhís éigeandála a chur ar fáil má theipeann orthu teacht ar réiteach leis an gcomhlacht Aer Arann”.
“Dúirt siad [Roinn na Gaeltachta] go mbeidh siad ag ceapadh comhairleoir an tseachtain seo chugainn leis an doiciméad RFT nó Iarratas ar Thairiscint a réiteach le go mbeidh siad ábalta conradh nua sealadach a chur amach i gceann trí seachtaine.
“Míníodh dúinn gur próiseas solúbtha é seo sa mhéid is go mbeidh sé sealadach agus nach mbeidh gá é a fhógairt go poiblí. Díreach tairiscintí a lorg ó chomhlachtaí aitheanta a bheadh in ann seirbhís shealadach a chur ar fáil.”
Dúradh sa ráiteas go raibh beartaithe ag an choiste teagmháil a dhéanamh leis an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, úinéir Aer Arann, arís ag iarraidh air gan an tseirbhís a tharraingt siar ar an 6 Nollaig ach dul i mbun “comhráite leis an Roinn láithreach”.
Tá ráite ag úinéir Aer Arann, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, go bhfuil sé “breá sásta” dul i mbun cainte le Roinn na Gaeltachta faoi Aerfort na Mine agus Aer Arann féin a dhíol leis an Stát.
Fág freagra ar 'Tairiscint ar chonradh sealadach d’aersheirbhís Árann le cur amach faoi cheann trí seachtaine'