‘Táimid inár n-aonar, ag snámh in aghaidh easa’ – tuismitheoirí ag íoc iad féin as an tríú múinteoir do scoil Ghaeltachta

Chinn foireann agus bord bainistíochta Scoil Naomh Eirc i mBaile an Mhóraigh i gCorca Dhuibhne nach raibh aon rogha acu ach iarraidh ar thuismitheoirí feachtas bailiúcháin airgid a chur ar bun chun an tríú múinteoir a fhostú sa scoil Ghaeltachta

‘Táimid inár n-aonar, ag snámh in aghaidh easa’ – tuismitheoirí ag íoc iad féin as an tríú múinteoir do scoil Ghaeltachta

Tá tuismitheoirí i gCorca Dhuibhne ag díol iad féin as múinteoir breise dá leanaí chun go mbeadh “cothrom na Féinne” acu.

Chinn foireann agus bord bainistíochta Scoil Naomh Eirc i mBaile an Mhórdhaigh i gCorca Dhuibhne nach raibh aon rogha acu ach iarraidh ar thuismitheoirí feachtas bailiúcháin airgid a chur ar bun chun an tríú múinteoir a fhostú sa scoil Ghaeltachta.

Tá an múinteoir breise sin fostaithe anois agus cuid den airgead a theastaíonn bailithe cheana féin ag tuismitheoirí na scoile.

De réir rialacha na Roinne Oideachais is gá 55 dalta a bheith ar rolla scoile chun go gceadófaí an tríú múinteoir di. Tá méadú tagtha ar líon na ndaltaí i Scoil Naomh Eirc le tamall agus 49 dalta atá faoi láthair acu. Deir lucht na scoile go bhfuil brú ar leith orthu mar scoil bheag Ghaeltachta iargúlta a bhfuil dúshláin teanga agus eile rompu.

In agallamh a craoladh ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ RnaG le déanaí, dúirt Príomhoide Scoil Naomh Eirc Áine de Londra gur údar “náire” ab ea é nach raibh an Roinn Oideachais sásta teacht i gcabhair orthu.

“Níl an Roinn ag soláthar aon chabhair dúinn agus tá sé seo náireach, agus táimid tagtha anois go dtí an bpointe go gcaithfimid iompú go dtí na tuismitheoirí le feachtas bailiúcháin airgid agus feachtas poiblíochta a d’eagrú féachaint an bhféadfaimis an tríú múinteoir so a fhostú,” a dúirt príomhoide Scoil Naomh Eirc.

Dúirt an príomhoide nach raibh ó fhoireann, bord agus tuismitheoirí na scoile ach “cothrom na Féinne” do na daltaí atá faoina gcúram.

Dúirt cathaoirleach Bhord Bainistíochta na scoile Máire Uí Chinnéide gurbh léir an brú a bhí ar bheirt oidí na scoile.

“Chífeá fhéin chomh holc is a bhí sé. Bhí ceithre rang ins gach aon seomra agus bhí líon mór naíonán in sna ranganna san chomh maith agus ní raibh an seans ceart á d’fháilt ages na leanaí.

“Mar sin thógamar cinneadh ansan mar bhord seans cothrom a thabhairt dos na leanaí agus tá sé ana-thábhachtach ar fad go mbeadh bunchloch mhaith ag na leanaí nuair a thagann siad isteach, na naíonáin go háirithe,” a dúirt Máire Uí Chinnéide ar An Saol Ó Dheas.

Dúirt Áine de Londra go raibh dúshláin ar leith roimh an scoil, ceist na teanga san áireamh.

“Tá leanaí ag teacht isteach chugainn le leibhéil ana-dhifriúil teanga, ón gcainteoir dúchais go dtí an leanbh gan aon Ghaoluinn, ach tá dúshláin eile chomh maith leis an dteanga – an coibhneas múinteoirí daltaí, ilranganna, caighdeán foghlama, caithfidh tú iad so ar fad a thógaint san áireamh chomh maith leis an dteanga.”

Dúirt Máire Uí Chinnéide nach raibh “aon dealramh leis” go mbeadh ar thuismitheoirí ‘lámh a chur ina bpócaí féin’ chun díol as múinteoir breise.

“Táimid ag caint ar scoil Ghaeltachta agus táimid ag d’iarraidh caighdeán na Gaoluinne a choimeád ana-ard agus ní thugann éinne aon chabhair dúinn. Tánn tú i d’aonar, tánn tú ag snámh i gcoinne an easa,” a dúirt Cathaoirleach Bhord Bainistíochta Scoil Naomh Eirc.

Mhol príomhoide na scoile an obair iontach a bhí déanta ag tuismitheoirí na dúiche chun airgead a bhailiú chun díol as an tríú múinteoir don scoil, atá fostaithe faoi chonradh príobháideach go dtí mí an Mheithimh. Dúirt Áine de Londra, áfach, go raibh sé náireach go gcaithfí a leithéid d’fheachtas bailiúcháin a chur ar bun.

“Tá sé náireach do scoilín bheag iargúlta i gCorca Dhuibhne go bhfuilimid ag an gcás seo anois agus gan aon chabhair  á d’fháil againn ón Roinn Oideachais,” a dúirt Áine de Londra, Príomhoide Scoil Naomh Eirc i gCorca Dhuibhne.

 

Fág freagra ar '‘Táimid inár n-aonar, ag snámh in aghaidh easa’ – tuismitheoirí ag íoc iad féin as an tríú múinteoir do scoil Ghaeltachta'

  • cliodhna Grummell

    Táimíd inár n-aonar.