‘Táimid ag obair ar an leagan Gaeilge, idir an dá linn, tá an t-eolas ar fad ar fáil i mBéarla’ – díomá faoi theachtaireacht ón Roinn Oideachais

I mBéarla amháin a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais ocht mír lán socruithe agus eolas nua faoi chóras marcála agus torthaí na hArdteiste i mbliana

‘Táimid ag obair ar an leagan Gaeilge, idir an dá linn, tá an t-eolas ar fad ar fáil i mBéarla’ – díomá faoi theachtaireacht ón Roinn Oideachais

‘Táimid ag obair ar an leagan Gaeilge … idir an dá linn, is féidir breathnú ar an eolas ar fad i mBéarla.’

Sin an teachtaireacht a bhí ar shuíomh idirlín an rialtais tráthnóna inné d’aon dalta nó múinteoir a bhí ag iarraidh an t-eolas is déanaí faoi Ardteist na bliana seo a léamh i nGaeilge.

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais inné ocht mír lán socruithe agus eolas nua faoi chóras marcála agus torthaí na hArdteiste i mbliana, ach níor aistríodh go Gaeilge ach teideal na na míreanna ‘Leaving Certificate 2020: Your questions answered – September 2020’.

Faoin leagan Gaeilge den teideal ‘An Ardteistiméireacht 2020: Ceisteanna agus freagraí – Meán Fómhair 2020’, bhí an teachtaireacht seo le léamh:

“Táimid ag obair ar an leagan Gaeilge den suíomh seo faoi láthair. Beidh an t-eolas agus na hacmhainní ar fad ar fáil i nGaeilge go luath. Idir an dá linn, is féidir breathnú ar an eolas ar fad i mBéarla.”

Meastar gur sárú ar an reachtaíocht é ag an Roinn a leithéid d’eolas a fhoilsiú i mBéarla amháin.

Tá “an-díomá” ar Shinn Féin chomh maith gur i mBéarla amháin atá an suíomh.

Dúirt urlabhraí Oideachais Shinn Féin, Donnchadh Ó Laoghaire, le Tuairisc.ie gur léir ón uair a fógraíodh go mbeadh na scrúduithe ar ceal i mí na Bealtaine go raibh an Roinn “tite siar go mór” maidir lena ndualgas i leith ábhar a fhoilsiú i nGaeilge.

Urlabhraí Oideachais Shinn Féin, Donnchadh Ó Laoghaire. Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

“Ábhar díomá atá ann nach bhfuil cáipéisí tábhachtacha de chuid na Roinne á bhfoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna.

“Is eolas tábhachtach atá i gceist do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus scoileanna Gaeltachta agus eolas é a bhfuil teorainn ama ag baint leis. Ba cheart don Roinn na cáipéisí a chur ar fáil sa dá theanga.

“Beidh scoileanna ag iarraidh treoracha a thabhairt dá gcuid daltaí faoin méid atá ag titim amach leis na torthaí Ardteiste Dé Luain agus iad ag brath ar eolas i mBéarla.

“Ní thuigim cén fáth nach raibh sé de chumas ag an Roinn an t-eolas a chur ar fáil i nGaeilge agus go leor ama acu.”

Ní hé seo an chéad uair ar cáineadh an Roinn Oideachais le linn na paindéime Covid-19 as gan eolas agus acmhainní a bhain le hArdteist na bliana seo a fhoilsiú i nGaeilge.

Chuir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill fiosrúchán ar bun mí na Bealtaine faoin scéala nár thug an Roinn Oideachais aon rogha do dhaltaí clárú i nGaeilge do scrúduithe Ardteiste na bliana seo.

Rinne polaiteoirí cáineadh láidir ar theip an chórais nua ó thaobh na Gaeilge an uair sin agus mhaígh siad go raibh dímheas léirithe ag an Roinn ar an nGaeilge agus ar chearta teanga na ndaltaí.

Dheimhnigh Oifig an Choimisinéara Teanga do Tuairisc.ie mí na Bealtaine go raibh dualgas de réir dlí ar an Roinn Oideachais agus Scileanna seirbhísí taca a sholáthar i nGaeilge do scoileanna a chuireann teagasc ar fáil trí Ghaeilge.

Ina theannta sin, tá dualgas reachtúil ar an Roinn, faoin Scéim Teanga a d’aontaigh siad féin le hAire na Gaeltachta, aon seirbhísí idirghníomhacha nua a bhíonn acu a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna.

Tuigtear go ndearnadh gearáin le hOifig an Choimisinéara Teanga gur i mBéarla amháin a bhí fáil ar Thairseach na Mac Léinn do Ghráid Ríofa don Ardteistiméireacht (Calculated Grades Student Portal).

Rinneadh gearáin chomh maith le hoifig an Choimisinéara toisc gur i mBéarla amháin a bhí na treoracha maidir le húsáid na tairsí curtha ar fáil d’iarbhunscoileanna uile na tíre, scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge san áireamh.

Fág freagra ar '‘Táimid ag obair ar an leagan Gaeilge, idir an dá linn, tá an t-eolas ar fad ar fáil i mBéarla’ – díomá faoi theachtaireacht ón Roinn Oideachais'

  • Feardorcha

    Cén saghas cur i gcéill é seo? Tá a fhios ag madraí an bhaile nach gcuireann na ranna rialtais a leath nó an deichiú cuid dá n-eolas ar fáil trí Ghaeilge. Is ar éigin atá suíomhanna na ranna féin tiontaithe go Gaeilge acu fiú. Is fíor sin go háirithe faoin Roinn Oideachais a bhfuil cáil an fhrithghaelachais uirthi le fada an lá.