Tábhacht níos mó leis na heachtraí gan choinne i ré na dteachtaireachtaí réamhullmhaithe

Dá mhéid iarracht dá ndéanann polaiteoirí smacht a choinneáil ar a bhfeachtas, tarlóidh rud éigin i gcónaí a chuirfidh dá mbuille iad

Tábhacht níos mó leis na heachtraí gan choinne i ré na dteachtaireachtaí réamhullmhaithe

Ní mba túisce dáta an olltoghcháin fógartha ag an Taoiseach ná bhí teachtaireachtaí físe uaidh ar na meáin shóisialta. Tá plean ag Fine Gael. Is féidir brath orainn. Tá éacht déanta againn ar bhur son go háirithe i gcás an Bhreatimeachta. Ní féidir brath ar Fhianna Fáil leanacht den dea-obair go léir.

Tháinig ríomhphostanna i ndiaidh na míreanna físe ag cur síos dúinn ar an méid a bheadh ar siúl ag Fine Gael as sin go ceann ceithre huaire fichead. Ní nach ionadh bhí Fine Gael ag bualadh faoi cheantar na teorann, an Taoiseach, an Tánaiste, an tAire Airgeadais agus an tAire Fiontair in éineacht.

An Breatimeacht a chur i lár an aonaigh ba chúis leis an turas, ar ndóigh. Tá Fine Gael ag iarraidh an oiread gaisce agus is féidir a dhéanamh as an obair a rinne siad le linn na gcainteanna faoi imeacht na Breataine ón AE. Agus cé go nglactar leis den chuid is mó go ndearna siad obair mhaith, ní bheidh a fhios againn go bhfeicfear toradh na gcainteanna trádála, a thosóidh tús mhí Feabhra, cén toradh a bheidh ar an obair chéanna.

Le linn na hócáide i Muineachán ceistíodh an Taoiseach faoin eachtra inar scuabadh fear gan dídean a bhí ina chodladh i bpuball le taobh na canálach i mBaile Átha Cliath chun bealaigh le meaisín. Tharraing an scéal sin aird an phobail ar ghéarchéim na tithíochta, tráth go mb’fhearr leis an Rialtas a bheith ag caint faoin mBreatimeacht.

Dá mhéid iarrachtaí dá ndéanann polaiteoirí smacht a choinneáil ar an bhfeachtas agus ar an méid a bhíonn faoi chaibidil ann, tarlóidh rud éigin i gcónaí a chuirfidh dá mbuille iad.

Chuir freagra an Taoisigh ar scéal an fhir gan dídean iontas ar dhaoine. Dúirt sé gur chóir ráiteas a lorg freisin faoin scéal ó Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Paul McAuliffe atá ag seasamh d’Fhianna Fáil san ardchathair. Léirigh an Taoiseach easpa tuisceana, a dúradh. Freagra polaitiúil a bhí ann ar scéal daonna. Céard eile a dhéanfadh mac an chait le linn feachtas toghcháin?

Idir an dá linn, tá cáineadh géar déanta ag Sinn Féin ar chinneadh RTÉ díospóireacht a reáchtáil idir an bheirt fhear a bheas san iomaíocht doifig an Taoisigh. Ba chóir go mbeadh a n-uachtarán féin Mary Lou McDonald san áireamh mar, dar leo, is iadsan an páirtí freasúra is mó sa tír.

Bunaítear na cinntí craoltóireachta seo faoi dhíospóireachta agus cláir thoghcháin ar staitisticí agus ar an sciar den vóta atá ag na páirtithe. Fuair Fine Gael agus Fianna Fáil beagnach 50% den vóta eatarthu in 2016.

Ní chuirtear san áireamh an cleamhnas eatarthu ó shin. Déanfar tuilleadh cainte faoi ná díospóireachtaí seo sna laethanta romhainn. Ciallaíonn toghchán i mí Feabhra go mbeidh daoine sa mbaile ag faire na teilifíse nó an idirlín.

Ach an athraíonn na díospóireachtaí teilifíse meoin an phobail? Is deacair a rá ach is deis a bhíonn iontu an teachtaireacht atá réitithe agus dá chleachtadh a chraobhscaoileadh.

I ré seo na polaitíochta agus na dteachtaireachtaí réamhullmhaithe, is mó seans ná riamh gur eachtraí gan choinne an tsaoil a bhainfidh tuisle as polaiteoirí.

Is dóigh gurb é sin an bua is mó atá ag feachtais na linne seo – ní féidir ainneoin dhícheall na gcomhairleoirí smacht iomlán a choinneáil ar chúrsaí.

Fág freagra ar 'Tábhacht níos mó leis na heachtraí gan choinne i ré na dteachtaireachtaí réamhullmhaithe'