‘Tábhacht’ ag baint le cur chuige níos dearfaí an DUP i leith na Gaeilge

Labhair Spéicéir an Tionóil Edwin Poots agus an t-aire oideachais, Paul Givan cúpla focal Gaeilge ag ócáidí speisialta le dhá lá anuas ach deir Conradh na Gaeilge go ndéanfar an DUP a mheas bunaithe ar a bpolasaithe

‘Tábhacht’ ag baint le cur chuige níos dearfaí an DUP i leith na Gaeilge

Edwin Poots

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil “tábhacht” ag baint le cur chuige níos dearfaí atá á léiriú ag polaiteoirí sinsearacha de chuid an DUP ach go ndéanfaí iad a mheas bunaithe ar a bpolasaithe.

Labhair Spéicéir an tionóil Edwin Poots, iarcheannaire an DUP, cúpla focal Gaeilge inné ag ócáid speisialta do Sheachtain na Gaeilge ag Stormont agus rinne an t-aire oideachais, Paul Givan, amhlaidh agus é ar cuairt ar scoil lán-Ghaeilge den chéad uair.

Agus é ar cuairt ar Ghaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn an tseachtain seo, dúirt Givan go n-oibreodh sé ar son an ghaeloideachais.

Dúirt sé gur chóir go mbeadh an Ghaeilge ina teanga don uile dhuine sa Tuaisceart.

Rinne Givan iarracht Gaeilge a labhairt le linn a chuairte agus dúirt sé “maidin mhaith” le daltaí agus múinteoirí na scoile. Rinne sé cúpla steip bheag damhsa chomh maith.

“Tá sé ar fheabhas go bhfuil an t-aire oideachais ag tabhairt cuairte ar ghaelscoileanna ach caithfidh muid é a mheas de réir a pholasaithe,” a dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.

“Aithníonn Conradh na Gaeilge an siombalachas agus an tábhacht a bhaineann le haire oideachais ar bith cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil agus an tábhacht a bhaineann le haire ón DUP an chuairt sin a dhéanamh.

“Sin ráite, is cuimhin linn Peter Weir ag tabhairt cuairte ar Choláiste Feirste in 2016 agus an tseachtain sin bhain sé an soláthar dátheangach agus an polasaí dátheangach de shuíomh idirlín na roinne agus chaith sé sa bhruscar iad.

“Déanfaidh muid an t-aire a mheas de réir pholasaithe s’aige, déanfaidh muid é a mheas de réir gnímh agus coinneoidh muid súil amach do bhreis tacaíochta do shainriachtanais oideachais in earnáil na Gaelscolaíochta, d’acmhainní breise agus do na moltaí d’fhoirgnimh nua atá istigh le fada an lá.”

Dúirt Ó Tiarnaigh nár ceadaíodh maoiniú forbartha caipitil don ghaelscolaíocht le deich mbliana anuas, tráth a raibh triúr airí ón DUP i gceannas ar an Roinn Oideachais.

Údar mór imní do lucht feachtais na teanga ab ea ceapachán Givan ina aire oideachais, ó tharla go ndearna sé ceann de na cinntí ba chonspóidí faoin nGaeilge riamh nuair a chuir sé deireadh leis an sparánacht Ghaeltachta, Líofa.

Luaigh Martin McGuinness scéal Líofa agus dearcadh an DUP i leith na Gaeilge nuair a d’fhógair sé seo go raibh sé ag éirí as mar LeasChéad-Aire, cinneadh a chuir deireadh le feidhmeannas Stormont in 2017

Dúirt Givan an tseachtain seo gur bhain conspóid Líofa leis an am atá caite agus gurb í an “teachtaireacht shoiléir” a bhí aige ná go mbeadh sé ina aire do gach earnáil oideachais.

Dúirt sé go raibh “lúcháir” air cuairt a thabhairt ar Gaelscoil Aodha Rua.

Dúirt Givan, ball tionóil do Ghleann an Lagáin agus iarChéad-Aire in Stormont gur bhain an teanga le gach pobal.

“Nuair a fhéachann tú ar stair na teanga, ba iad na Preispitéirigh a tháinig ó Albain a choinnigh an teanga beo,” a dúirt sé.

“Agus is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach go gcuimhneofaí nach mbaineann an teanga le haon phobal ar leith i dTuaisceart Éireann. Tá tábhacht léi sa phobal go léir, agus má chuimhníonn tú ar na bailte fearainn agus na logainmneacha atá againn fiú, tá a bhfréamhacha go domhain sa Ghaeilge.

“Mar sin, is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach a rá, ó thaobh na polaitíochta, nár cheart an pholaitíocht a thabhairt isteach sa Ghaeilge, gur rud atá inti a chreidim a d’fhéadfadh a bheith ina teanga  chomhroinnte ag gach duine i dTuaisceart Éireann.”

Dúirt Príomhoide Gaelscoil Aodha Rua Mona Uí Dhochartaigh “gur mhór an spórt” Givan le linn a chuairte agus gur shíl sí gur bhain sé taitneamh as an rince Gaelach, go háirithe.

Dúirt sí gur údar mór dóchais a bhí i gcuairt Givan agus go raibh sí ag súil go dtabharfadh sé “aire do na páistí san earnáil lán-Ghaeilge ar bhealach a bhí cóir agus cothrom”.

12 dalta a bhí i nGaelscoil Aodha Rua nuair a bunaíodh í 13 bliain ó shin agus 135 dalta a bhíonn ag freastal anois uirthi.

Ag tagairt don ócáid a bhí i gCoc an Anfa inné mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, dúirt ó Tiarnaigh gur “ócáid thar a bheith dearfach” a bhí ann le Edwin Poots agus leis an Leas-Spéicéir Caral Ní Chuilin, ar Gaeilgeoir í.

Reáchtáladh seimineár do pholaiteoirí agus do lucht foirne an Tionóil faoi thionchar na Gaeilge ar logainmneacha na mbailte fearainn i dTuaisceart Éireann.

Dúirt Ó Tiarnaigh go raibh “siombalachas tábhachtach” leis an gcúpla focal a labhair Poots.

Fág freagra ar '‘Tábhacht’ ag baint le cur chuige níos dearfaí an DUP i leith na Gaeilge'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Edwin mar spéicéir.
    Cé tá le pósadh?

  • Máirín

    Ní mór seans a thabhairt do Edwin Poots agus Paul Givan anois mar is céim an-mhór í seo don DUP cúpla focal a úsáid.
    De réir a chéile de bharr leithéidí Linda Irvine, Chris McGimpsey UUP srl tá an dearach naimhdeach i leith na Gaeilge ag athrú.