Tá tús curtha leis an réabhlóid ag an Táin Óg

Bímis ag súil go mbeidh rath ar an iarracht is déanaí soiscéal na hiománaíochta a scaipeadh

Tá tús curtha leis an réabhlóid ag an Táin Óg

Pictiúr: INPHO/Tom Honan

Cuireann sé ionadh orm i gcónaí go maireann an iománaíocht beo agus láidir i gcónaí i gcontaetha áirithe agus i ndúichí áirithe ar fud na tíre. Agus mé ag fás aníos cheapas nach raibh aon sprioc níos tábhachtaí sa spórt ná a bheith ag imirt le sinsir an chontae agus seans agat gach bliain go mbeadh corn Liam Mhic Cárthaigh cois Laoi ar an gcéad Luan de mhí Mheán Fhómhair. Is fada uainn anois 2005 an bhliain dheireanach ar ardaigh captaen ar fhoireann as Corcaigh an corn luachmhar sin. Is gorta é in aigne leantóirí dílse na hiomána cois Laoi.

Má bhíonn craobh againn i mbliana, agus seans maith go mbeidh anois, beidh aon fhoireann déag ann ag tús an rása.

Bhuaigh leathdhosaen de na foirne sin – Luimneach, Tiobraid Árann, Gaillimh, Cill Chainnigh, an Clár agus Corcaigh – craobh na hÉireann ó thús na mílaoise seo. I 1996 a bhuaigh Loch Garman go deireanach í. Is i 1959 a bhuaigh Port Láirge an chraobh go deireanach agus tá Baile Átha Cliath ag fanacht ó 1938. Tá 106 bliain ann ó bhí an corn i gcontae Laoise agus níl an chraobh buaite go fóill ag contae Aontroma.

Dar ndóigh tá sé buaite ag Uíbh Fhailí ceithre huaire agus ag Londain agus Ciarraí uair amháin. Agus sin é.

Tá 94 craobh buaite eatarthu ag trí chontae – Cill Chainnigh (36), Corcaigh (30) agus Tiobraid Árann (28).

Tá an iomáint á himirt i ngach contae ach tá bearna ollmhór idir na contaetha is láidre agus na cinn is laige. Tá tírín bheag againn ach is beag forbairt nó dul chun cinn atá déanta sna blianta ó 1884 nuair a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael. Tá iarrachtaí déanta ag CLG le blianta an iomáint a fhorbairt ach tá teipthe glan orthu. Tá an iománaíocht fós beo mar go mbíonn díograiseoirí sna contaetha uile á coimeád beo.

Tá an iarracht is déanaí ar siúl ó bunaíodh í in 2018. Táin Óg atá ar an bhfeachtas seo agus é ag dul ar aghaidh go deas socair. Is baill de Rannóg Forbartha na gCluichí i gCLG. Pádraig Dowdall, Ryan Gaffney agus Aidan Morgan, a chum an plean nua seo a fhaigheann réidh le teorainneacha contae agus cúige agus a thugann le chéile faoi scáth ‘Táin Óg’ grúpaí ar fud na tíre atá ag iarraidh an iománaíocht a chur chun cinn. Tá fear Chill Chainnigh Martin Fogarty, atá ina bhainisteoir ar Fhorbairt na hIomána ag CLG sáite go mór sa togra nua seo chomh maith.

artin Fogarty. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

In 2018 d’imir 29 club ó 11 contae 68 cluiche faoi 13. In 2015 ritheadh comórtas faoi 15 le 68 foireann as 46 club i 15 contae agus imríodh 216 cluiche.

Bhí orthu pleananna 2020 a chur ar ceal de bharr Covid-19 agus i bhfad níos mó cluichí agus foirne tugtha isteach acu.

Tá pleananna ann freisin comórtas sinsir a rith agus cheana féin tá 44 club as 15 contae i ndiaidh cur isteach ar an Cúchulainn Cup a mbeidh trí roinn ann.

De réir tuairiscí, tá an-suim sa Táin Óg sna dúichí ar fud na tíre ina bhfuil iarrachtaí á ndéanamh an iomáint a fhorbairt. An toradh mór atá feicthe cheana féin acu ná an méid cluichí atá á n-imirt agus líon na n-imreoirí atá thar a bheith sásta an deis a fháil a bheith ag imirt cluichí go rialta.

Is minic cloiste againn i rith na mblianta imreoirí ag tabhairt amach faoi ‘easpa cluichí fiúntacha’ agus tá sé sin le clos i ngach contae, lag agus láidir. Bíonn imreoirí i gcónaí ag gearán faoin iomad traenála agus easpa cluichí. Tá an fhadhb sin le réiteach. B’fhéidir go mbeidh seans níos fearr ansin níos mó cluichí fiúntacha a imirt sa séasúr roinnte nó an ‘split season’ a bheidh ann as seo amach.

Tá an réabhlóid tosaithe leis an Táin Óg. Tá súil agam go bhfeicfimid toradh fiúntach ar a gcuid oibre agus gur fás agus bláthú atá i ndán dár gcluiche ársa iontach sna blianta amach romhainn.

Fág freagra ar 'Tá tús curtha leis an réabhlóid ag an Táin Óg'