Tá an dá abairt seo a leanas lánfhírinneach.
Tógfaidh an rialtas agus rialtas na Breataine ‘teorainn chrua’ in Éirinn mura n-aimsítear comhréiteach faoin mBreatimeacht.
Ní thógfaidh an rialtas ná rialtas na Breataine ‘teorainn chrua’ in Éirinn mura n-aimsítear comhréiteach sna cainteanna faoin mBreatimeacht.
Cé mar is féidir leis an dá ráiteas thuas a bheith cruinn ceart, ainneoin é a bheith ráite ag an dá rialtas nach dteastaíonn ‘teorainn chrua’ uathu?
Bhuel, má theipeann ar na cainteanna idir ionadaithe an Aontais Eorpaigh agus an Ríocht Aontaithe, ní chuirfear socruithe ná coinníollacha trádála nua i bhfeidhm ar an teorainn, ná in aice na teorann, ar feadh cúpla bliain ar a laghad. Beifear ag súil ar ’chaon taobh go ndéanfar margadh de chineál éigin, fiú mura mbeidh ann ach margadh eatramhach a mhairfidh go dtiocfar ar chomhaontú níos buaine.
Ní thógfar “teorainn chrua” mar sin agus ní chuirfear rialacha nua trádála i bhfeidhm… ar feadh tamaill – cúpla bliain ar a laghad.
Ina dhiaidh sin áfach, luath nó mall, cuirfidh an tAontas Eorpach iachall ar an rialtas margadh aonair agus aontas custaim an Aontais Eorpaigh a chosaint. Cibé teideal a bhaistfear ar an gcóras nua, tiocfaidh sé i réim. Comhlíonfar an dara tairngreacht thuas mar sin, go dtí go gcomhlíonfar an chéad cheann.
Tá an dochar agus an dainséar atá ag bagairt ar mhuintir an oileáin seo, gan trácht ar an mBreatain, chomh soiléir go mb’fhéidir go dtiocfadh rialtas na Breataine ar mhalairt intinne faoin gcúlstad buan Éireannach. Faraor, ní mór an b’fhéidir é.
Tá droim láimhe tugtha ag Theresa May don chúlstad, ar a dtugtar uaireanta polasaí árachais an Aontais Eorpaigh agus na hÉireann, beagnach ó thoiligh sí glacadh leis deich mí ó shin. Ba léir arís in Westminster i rith na seachtaine go n-aontaíonn móramh láidir léi. Ba léir freisin nach ina páirtí féin amháin ach i bPáirtí an Lucht Oibre atáthar ar aon tuairim beagnach gurb ionann an cúlstad a theastaíonn ó Éirinn agus ón Aontas Eorpach agus socrú doghlactha faoina mbunófaí teorainn idir dhá chuid den Ríocht Aontaithe.
(Tuigtear go bhfuil gáire géar ó chroí á dhéanamh ag corrléitheoir Éireannach ag an bpointe seo).
Bhí an bhearna idir an tslí ina mbreathnaítear ar chúrsaí na hÉireann i mBaile Átha Cliath agus i Londain soiléir arís inné, Dé Céadaoin, le linn cruinnithe coiste a reáchtáladh i dTeach Laighean agus in Westminster.
Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris leis an gcoiste dlí agus cirt go raibh súil aige nach rachadh cibé socrú Breatimeachta a dhéanfar chun sochair do sceimhlitheoirí (‘terrorists’ a dúirt sé) cois teorann. Ba léir a chúis imní, toisc nach léir fós cén cineál crutha a bheas ar an teorainn tar éis an Bhreatimeachta.
Thart ar an am céanna in Westminster, bhí tionchar an Bhreatimeachta ar gheilleagar an Tuaiscirt á phlé ag coiste Breatimeachta na parlaiminte thall. Dúirt lucht gnó agus iompair ón Tuaisceart le comhaltaí an choiste go ndéanfaí díobháil mhór eacnamaíochta ó thuaidh mura dtiocfaí ar shocrú réasúnta leis an Aontas Eorpach.
D’fhág an feisire Jacob Rees-Mogg, atá go láidir i bhfabhar an Bhreatimeachta, an cruinniú sular labhair ionadaithe an Tuaiscirt. Lochtaigh beirt Chaomhach eile, atá báúil le Rees-Mogg, lucht gnó Thuaisceart Éireann toisc nach raibh siad faoi réir mar ba chóir dóibh a bheith, breis agus dhá bhliain tar éis an reifrinn.
“Why is it that none of you seem to have been making any contingency plans for no-deal… You’ve not done a pretty good job have you?” a dúirt an feisire Peter Bone leo.
Thug Declan Billington ó Chónaidhm Bia agus Dí an Tuaiscirt freagra réasúnta beacht ar an mbeirt. Tá lucht gnó an Tuaiscirt ag fiosrú féidearthachtaí éagsúla agus margaí nua le dhá bhliain, a dúirt sé, ach níl tuairim acu fós cén sórt Breatimeachta atá rompu.
Dúirt sé freisin nach raibh comhairle shoiléir curtha ar fáil ag an rialtas, seachas moladh gur chóir do lucht gnó an Tuaiscirt dul i gcomhairle le rialtas na hÉireann.
Comhthuiscint agus imní i dTeach Laighean. Easpa tuisceana agus neamhshuim in éineacht follasach in Westminster. Teastaíonn mórathrú meoin i Londain, nó tuilleadh ama, chun teacht as an tsáinn atá romhainn.
Fág freagra ar 'Tá ‘teorainn chrua’ de chineál éigin ag teannadh linn…'