Tá stair na Gaeilge agus stair na n-eipidéimí fite fuaite ina chéile

Beidh an dara eagrán den tsraith dhá chlár Eipidéim ar siúl ar TG4 anocht. Is féidir le cláir Ghaeilge dul i ngleic le gnéithe den stair a ligtear i ndearmad go minic, a deir staraí amháin

Tá stair na Gaeilge agus stair na n-eipidéimí fite fuaite ina chéile

Tá cáineadh déanta ag an staraí Vincent Morley ar a laghad suime a chuireann lucht staire na hÉireann i bhfoinsí a scríobhadh i nGaeilge. Ceann de na contúirtí a bhaineann le modheolaíochtaí taighde lán-Bhéarla ná go dtugtar tús áite don stair oifigiúil stáit agus go ndéantar neamhshuim den stair shóisialta agus de stair na cosmhuintire.

Tá an ceangal idir stair na teanga agus stair an phobail ina dhlúthchuid den tsraith faisnéise dhá chlár, Eipidéim, a fhéachann le léargas a thabhairt ar na heipidéimí ba mheasa a thit amach in Éirinn sa naoú haois déag agus san fhichiú haois.

Is í Ciara Hyland stiúrthóir Eipidéim agus tá clú bainte amach aici le cúpla bliain anuas as na cláracha faisnéise éagsúla atá déanta aici, ina measc Cogadh ar Mhná a craoladh ar RTÉ/TG4 sa bhliain 2020.

Baineann Cogadh ar Mhná le gné eile den stair a spreagann míshuaimhneas fós: an foréigean gnéis a d’fhulaing na mná le linn réabhlóid na hÉireann. Is gné den chogaíocht í seo nár aithníodh i gceart go dtí le deireanaí, cé nach bhfuil aon ghanntanas fianaise ina taobh. Ach d’fhéadfaí a rá go mbeadh léamh eile ag lucht staire ar an scéal dá gcuirfí foinsí Gaeilge san áireamh. Deirtear go forleathan nach ndéantar mórán tráchta ar chúrsaí gnéis sna cuntais a d’fhág glúin na réabhlóide ina ndiaidh agus go raibh tost ann faoin bhforéigean a rinneadh i gcoinne na mban.

Níorbh amhlaidh an scéal i gcás cuid de na réabhlóidithe Gaeltachta, áfach. Mar shampla, tá an Duibhneach Seán Óg Ó Caomhánaigh, nó Seán a’ Chóta faoi mar ab fhearr aithne air, oscailte go maith maidir le cúrsaí collaíochta sa dialann a choinnigh sé le linn dó a bheith i ngéibheann i rith Chogadh na gCarad. Ina theannta sin, d’aithin Máirtín Ó Cadhain, duine a raibh baint aige féin leis an IRA ar ball, gur ghá aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean a d’fhulaing na mná le linn na réabhlóide. Ag scríobh dó sna 1960idí (in Barbed Wire, nár foilsíodh go dtí 2002), luann sé an chaoi a ndéanadh na hóglaigh ‘plaiteacháin de mhná a bhíodh ag tabhairt comhluadair do Dhúchrónaigh agus do shíothmhaoir eascoiteannaithe Rí Shasana’. Ba é an tuairim a bhí aige ná gurb ‘é sin an ghné dár gcuid cogaíochta is mó a gcuirfidh ár sliocht suim ann’. Léiríonn an tóir a bhí ar an gclár Cogadh ar Mhná nach raibh dul amú air.

Cén ‘súil eile’, más ea, a thugann muintir na Gaeilge dúinn ar stair na n-eipidéimí?

Ba mhór an phribhléid dom é a bheith páirteach sa dá chlár seo – Cogadh ar Mhná agus Eipidéim – a théann i ngleic le gnéithe den stair a ligtear i ndearmad go minic. Le dornán blianta anuas, tá mé ag plé le stair Chogadh na gCarad agus spéis agam go speisialta sna hiarrachtaí a rinne glúin na réabhlóide chun cur i gcoinne an chiúnais mhóir a tógadh thart ar an gcogadh sin ag leibhéal oifigiúil. Cé go bhfuil claonadh ann fós sa taighde acadúil béim a leagan ar an oibiachtúlacht fhuarchúiseach, ní staonaim ó scéal mo shinseanathar, Frank Aiken, fear a raibh fonn mór air imeachtaí an chogaidh chathartha a chur as a chuimhne ar fad.

Ach, ar ndóigh, ní hé sin an t-aon duine de mo mhuintir a d’fhág a rian ar mo thaighde. Cé go luaitear an ‘tráma’ le foréigean na réabhlóide, déantar dearmad go minic ar cheann de na huafáis ba mhó a tharla le linn na tréimhse sin: Fliú Mór na Bliana 1918. Bhí sin-seanmháthair liom i measc an 23,000 duine a cailleadh in Éirinn an bhliain chéanna. Ní ceist ghalair ná ceist leighis amháin atá sa stair seo, áfach. Céard a tharlaíonn do na páistí óga nuair a chailltear a máthair? Is ansin a thosaíonn scéal na n-institiúidí, b’fhéidir, agus an tráma agus an náire a bhaineann leis.

Ní chlúdaítear Fliú Mór na Bliana 1918 in Eipidéim de bhrí go bhfuil an oiread sin galar ann a réab ar fud na tíre le dhá chéad bliain anuas go dteastódh sraith iomlán lena gceart a thabhairt dóibh ar fad.

Ní foláir nó go raibh tionchar nach beag ag eipidéimí móra an naoú haois déag ar mheath na Gaeilge. Cailleadh thart ar 65,000 duine den tífeas idir 1816 agus 1819, agus sna 1830idí sciob an calar 30,000 duine leis. Ba ghalair iad seo a spréigh go héasca in áiteanna plódaithe, ach níor tháinig na ceantair iargúlta slán ach an oiread. Tugadh an ‘galar Éireannach’ ar an gcalar i Sasana agus i Meiriceá mar gheall ar a choitianta is a bhí sé i measc na n-imirceach.

Seans gur sa dán ‘Achainí Raiftearaí Ar Íosa Críost’ le hAntaine Ó Raiftearaí (a phléann Ríona Ní Churtáin sa chlár) atá an cuntas is truamhéalaí ar an gclaochlú tobann a tháinig orthu siúd a tholg an galar sin:

Féachaidh an fear a bhíos luath láidir,

a léimfeadh sconsa, claí agus bearna,

a bhíos tráthnóna ag siúl na sráide,

ag gabháil faoin gcréafóg lá arna mhárach.

Más fíor é gurbh iad na bochtáin ba mhó a bhí thíos leis na heipidéímí sin sa naoú haois déag, cé mhéad cainteoir Gaeilge a bhí i measc na marbh? Go deimhin, tá tuairim ann gurbh é an calar ba chúis bháis don Raiftearach féin, a cailleadh i gCreachmhaoil, Co. na Gaillimhe, sa bhliain 1835.

Tháinig ann do roinnt galar gránna agus tógálach eile san fhichiú haois – ina measc an eitinn, an póilió, an bhruitíneach, an leicneach agus an bhruitíneach dhearg. Níl aon cheist ann ach gurbh é Seán Ó Ríordáin an scríbhneoir Éireannach ba thábhachtaí a thug cuntas an bhfulaingt a bhain leis an eitinn, galar uafásach a raibh stiogma sóisialta ag baint leis agus a chuir isteach ní hamháin ar an gcolainn ach, mar a phléann an Ríordánach, ar an intinn freisin.

Tá macallaí láidre de dhán Uí Raiftearaí le haithint ar ‘An Doircheacht’ leis an Ríordánach, dán a foilsíodh ina chéad chnuasach, Eireaball Spideoige (1952):

Is ait liom gur mise an té

A chaill gach aon dóchas a fuair sé,

Is ait liom go rabhas-sa inné

Go dóchasach ainnis im bhuachaill,

Ach tá an doircheacht codlatach séimh,

Níl cúram ar bith ar mo shúilibh,

Is ní saoire ina buile an ghaoth

Ná an té tá gan solas le múchadh.

Fiú má bhí cur amach ag an Ríordánach ar na saoithe móra litríochta a chuaigh romham, tháinig sé ar a ‘theanga phríobháideach’ féin chun cur síos a dhéanamh ar an domhan inar mhair sé faoi scáth na heitinne: domhan atá idir an bás agus an bheatha agus ina bhfuil an Ghaeilge á bréagadh i dtreo an Bhéarla. Is domhan é seo ina mbíonn banaltra ‘ag siollabadh’ agus ina mbíonn ‘im-shiollabchrith’ le cloisteáil ‘ar bheolaibh’ na n-othar.

Cé gur bhuail an Ríordánach a chló ‘ríordánaithe’ féin ar thimpeallacht an ospidéil, is féidir glacadh leis gurbh é an Béarla a bhí i réim in institiúidí móra an leighis an tráth úd agus gur measa arís an tráma a bhain le heipidéimí an fhichiú haois do lucht na Gaeilge dá bhrí sin.

Sa dara clár sa tsraith Eipidéim, labhraíonn Barbara McDonagh, bean as Conamara, faoin uair ar tholg sí an póilió agus í ina páiste an-óg, cúpla bliain sular cuireadh vacsaín i gcoinne an phóilió ar fáil go forleathan ón mbliain 1957 ar aghaidh. Aistríodh go hospidéal i gcathair na Gaillimhe í agus gan aon Bhéarla aici ná tuiscint cheart ar a raibh ag tarlú timpeall uirthi. Ach baineadh an gheit teanga chéanna aisti nuair a scaoileadh amach as an ospidéal í cúpla bliain níos deireanaí agus dearmad déanta aici faoin tráth sin ar Ghaeilge a muintire.

Beidh scéal eile le hinsint amach anseo ar ndóigh faoi impleachtaí an choróinvíris do phobal na Gaeilge.

Beidh ‘Eipidéim’ ar siúl ar TG4 anocht ag 21.45

Fág freagra ar 'Tá stair na Gaeilge agus stair na n-eipidéimí fite fuaite ina chéile'