Tá sé thar am ag an rialtas an Breatimeacht a phlé linn go hoscailte

Beidh go leor daoine ag casaoid mura gcuireann an Rialtas ar an eolas gan mhoill iad faoi na roghanna crua a bheidh le déanamh mura dtagann ár gcomharsana thall ar mhalairt intinne éigin

Tá sé thar am ag an rialtas an Breatimeacht a phlé linn go hoscailte

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Níor scaoil Margaritas Schinas cat ar bith as mála ar bith Dé Máirt nuair a dúirt sé le scata iriseoirí sa Bhruiséil:

What might happen in a No-Deal scenario in Ireland – I think it’s pretty obvious. You will have a hard border.’

Is beag difríocht a bhí idir a ráiteas agus a ndúirt an tAire Iompair Shane Ross seachtain ó shin:

I would anticipate that there would be checks.’

Mar sin féin, is léir codarsnacht shuntasach amháin idir caint na beirte. Bhí urlabhraí an AE ag labhairt go poiblí d’aon ghnó agus go tomhaiste. Bhí an tAire Iompair ag labhairt go míchúramach – chomh míchúramach sin go ndearna Simon Coveney iarracht sheafóideach a ráiteas a shéanadh ar an toirt.

Bheadh sé riachtanach cruachainteanna a phlé leis an gCoimisiún Eorpach, arsa Coveney, i gcás an Bhreatimeachta chrua.

Chaithfí plé a dhéanamh leis an gCoimisiún faoi bheartais a theastódh le margadh aonair an AE a chosaint, mar is eol do chách. 

Ó shin i leith níor chuir aire rialtais ar bith eile leis an ráiteas sin agus níor bhain siad de.

Is léir don saol faoin am seo an chontúirt gur Breatimeacht crua a bheas i bhfeidhm ón 30 Márta, go mbeadh teorainn de chineál nua sa tír i sa chás sin agus gá le beartais rialála agus chustaim dá réir. 

Is ábhar sásaimh don Rialtas é gur sheas ballstáit an AE gualainn ar ghualainn leo (má fhágtar rith aonair aire gnóthaí na Polainne as an áireamh) san idirbheartaíocht leis an Ríocht Aontaithe. Ach is léir do gach duine stuama sa tír go mbíonn praghas le híoc ar bhallraíocht i ngach eagraíocht.

Is dlúthchuid den AE í an margadh aonair, chomh maith leis an aontas custam ar mian le Theresa May tarraingt as. Murar féidir lena rialtas a chur ina luí ar an bparlaimint in Westminster comhaontú aistarraingthe leis an AE a dhaingniú, beidh ar ár rialtas beartais a chur i bhfeidhm leis an margadh aonair/aontas custam a chosaint.

Ní féidir leis an rialtas focal dá bhfuil i gcló thuas a shéanadh. Mura bhfeicfear athrú nó maolú ar sheasamh na Breataine, nó mura n-iarrfar moill a chur ar an dáta Breatimeachta, beidh tírdhreach gnó agus talmhaíochta an oileáin seo athraithe ó bhonn faoi cheann naoi seachtaine.

Tá go leor daoine sa Bhreatain ag magadh faoi na húdaráis toisc gur léir nach bhfuil siad faoi réir chun déileáil leis an mBreatimeacht crua. Tháinig tuilleadh fianaise faoi easpa ullmhúcháin chun solais Dé Luain i dtuairisc ar Sky News. De réir na tuairisce sin, dúradh i gcur síos a cuireadh faoi bhráid Fhórsa na Teorann thall dhá mhí ó shin go dtiocfadh laghdú thart ar ochtó faoin gcéad ar an trácht idir Dover agus Calais ar feadh suas le sé mhí tar éis Breatimeachta chrua.

Ar ndóigh ní féidir sonraí faoin gcineál teorann a bheas i bhfeidhm abhus a fhoilsiú láithreach. Go deimhin, thug an Taoiseach leide faoin éiginnteacht atá romhainn nuair a dúirt sé le ceannairí éagsúla na bpáirtithe go mb’fhéidir, sa chás is measa, nach in Éirinn ach i gcalafoirt na mór-roinne a chuirfí polasaí Breatimeachta an AE i bhfeidhm. 

Is féidir a bheith cinnte go bhfuil roghanna éagsúla polasaí á meá le tamall i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséil. Is féidir talamh slán a dhéanamh de nach dtógfar infreastruchtúr de chineál ar bith ar an teorainn, ar chúiseanna atá soiléir do chách. Ach teastaíonn freagraí seachas tost iomlán rialtais agus ceisteanna réasúnta á gcur.

Cuireadh ceist shimplí, ceithre huaire, ar an Aire Talmhaíochta Michael Creed ar Morning Ireland Dé Céadaoin. Más Breatimeacht crua cheal réitigh a chuirfear i bhfeidhm ar an 30 Márta, conas a dheimhneofar go mbeidh leoraí bainne ábalta dul ó chontae Thír Eoghain thar teorainn go contae Dhún na nGall ón 30 Márta? Freagra níor thug Michael Creed, olc maith ná dona.

Dúirt Simon Coveney le Shane Ross, le linn an chomhrá a taifeadadh i ngan fhios dóibh, go gcuirfí i leith an rialtais go raibh an teorainn á hathbhunú acu dá mbeadh airí ag labhairt go poiblí faoin gcineál teorann a fheicfí tar éis Bhreatimeachta chrua.

Tá sé thar am ag airí éirí as a bheith ag cuimhneamh ar chúiseanna imní gan dealramh dá leithéid. Tá comhlachtaí agus feirmeoirí agus go leor daoine eile ag iarraidh freagraí ar cheisteanna tábhachtacha. Ní chuirfidh daoine réasúnta an milleán orthusan más Breatimeacht crua anordúil a bheas mar thoradh ar éidreoir agus ar easaontas sa Ríocht Aontaithe.

Beidh go leor daoine ag casaoid, áfach, mura gcuireann an rialtas ar an eolas gan mhoill iad faoi na roghanna crua Breatimeachta a bheidh le déanamh go luath, mura dtagann ár gcomharsana thall ar mhalairt intinne éigin.

Fág freagra ar 'Tá sé thar am ag an rialtas an Breatimeacht a phlé linn go hoscailte'