Tá sé in am deireadh a chur leis an neamhghníomh atá ag marú na Gaeltachta

In áit a shéanadh go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht caithfear a aithint ar dtús go bhfuil a leithéid ann agus ansin polasaithe nua a cheapadh chun dul i ngleic léi

Tá sé in am deireadh a chur leis an neamhghníomh atá ag marú na Gaeltachta

Géarchéim mhór idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach atá i gcailleadh teangacha, géarchéim nár tionscnaíodh cur chuige réadúil, inniúil le dul i ngleic léi go fóill. Tá formhór na 7,100 teanga atá fós á labhairt ar domhan in iomaíocht éagothrom le cumhacht shóisialta grúpaí teanga níos láidre. I ndála na héagothroime seo a dhéantar creimeadh ar sheasmhacht shóisialta mionteangacha. De bharr nach bhfuil an cur chuige reatha inniúil ar an éagothroime seo a mhaolú, tá an mhísheasmhacht teanga ag dul in ainseal agus tá laghdú suntasach ag teacht ar éagsúlacht chultúrtha an domhain mar thoradh ar an bhfadhb seo.

Léirítear in obair an teangeolaí, Michael Krauss, agus i dtaighde na scoláirí a choinníonn faisnéis faoin ilghnéitheacht chultúrtha go hidirnáisiúnta le ethnologue.com, go labhraíonn 4% de dhaonra an domhain 94% de theangacha an domhain. De réir thaighdeoirí ethnologue.com, níl ach 7% d’iomlán na 7,100 teanga á labhairt go bisiúil sa lá atá inniu ann, agus fiú i gcás cuid de na teangacha bisiúla seo, tá gaol uasal le híseal ag cuid acu le forlámhas an Bhéarla i gcóras idirnáisiúnta na dteangacha – mar shampla, an stádas trasnáisiúnta atá ag an bPortaingéilis i gcoibhneas éagothrom le cumhacht lárnach chultúrtha, eacnamaíochta agus teicneolaíochta an Bhéarla.

De réir ethnologue.com, labhraíonn 88% de dhaonra an domhain an 200 teanga is láidre ar domhan. Maidir leis na teangacha is laige go hidirnáisiúnta, tá 2,841 acu, nó thart ar 40% den iomlán, faoi bhagairt thréan nó i mbaol báis faoi láthair.

An Pobal Khasi in oirthuaisceart na hIndia

Le linn turais acadúil réamhphaindéime go Meghalaya in oirthuaisceart na hIndia, ceann de na réigiúin is ilghnéithí ar domhan ó thaobh teangacha de, bhí sé de phribhléid agam féin agus comhghleacaí liom in Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán, castáil le cainteoirí Khasi. Thart ar mhilliún duine a labhraíonn Khasi i Meghalaya, ach in ainneoin a líonmhaire is atá cainteoirí Khasi, níl siad saor ó imní faoi sheasmhacht shóisialta a dteanga san fhadtéarma. Cé gur bronnadh aitheantas comhoifigiúil leis an mBéarla ar Khasi i Meghalaya in 2005, tá siad i ngleic le cumhacht chultúrtha agus pholaitiúil an Bhéarla; le stádas lingua franca Hiondúise; le brú sóisialta atá ag teacht ón taobh ó thuaidh orthu ó chainteoirí Asaimise atá níos líonmhaire ná iad; agus le brú aniar agus aneas ó dhaonra mór Beangáilise.

Léiríonn sé sin nach bhfuil i líon cainteoirí agus i stádas oifigiúil teanga ach cuid den scéal. Thug an scoláire Khasi, an tOllamh Streamlet Dkhar, le fios dúinn go bhfuil dúshlán mór rompu: “Tá ár dteanga tábhachtach dúinn de bharr go léiríonn sí dúinn go bhfuil ár bhféiniúlacht, ár stair, ár luachanna eiticiúla agus ár bhforas traidisiúnta á gcaomhnú againn. Ní mór dúinn ár dteanga a chaomhnú lenár gcultúr a chosaint ar bhagairt an bháis.”

Tá cuid mhór cainteoirí Khasi ilteangach, ach tuigeann go leor acu go bhfuil an teanga faoi bhrú sóisialta. Ina dhiaidh sin féin, bhain UNESCO Khasi de liosta na dteangacha faoi bhagairt atá acu in 2012 mar gheall ar stádas agus ar úsáid Khasi i réimsí éagsúla stáit.

Comhartha sóirt na seasmhachta mionteanga

Céard iad na comharthaí sóirt ar phobal atá á gcosaint féin ón mísheasmhacht nó ón mbagairt teanga? Go hachomair, is iad na pobail teanga a choinníonn dé i gcroí-réimsí sóisialta na teanga is mó a thabharfaidh aghaidh go héifeachtach ar an ngéarchéim teanga.

Le go bhfanfadh pobal mionteanga beo, ní mór don phobal sé réimse shonracha shochaíocha a chothú:

  1. dlús sóisialta na gcainteoirí mionteanga a chosaint agus a neartú i limistéir thíreolaíochta ar leith;
  2. an teanga a labhraítear sna limistéir seo a thabhairt ar aghaidh don ghlúin óg atá ag teacht in inmhe;
  3. oiliúint fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta a chur ar an nglúin óg le tacú leo a bheith ina mionteangóirí cumasacha;
  4. muinín na glúine óige a chothú lena dteanga a labhairt go sóisialta agus cultúr a dteanga a chleachtadh ina measc féin;
  5. cultúr stuama sibhialta agus intleachtúil a chothú a chuireann brí agus beogacht i sochaí na mionteangóirí, agus a léiríonn gaol ciallmhar, neamhíochtaránach leis an tromlach teanga;
  6. beartais chomónta a chur i bhfeidhm a chuireann le stádas na mionteangóirí i réimsí cinniúnacha socheacnamaíochta i gcruth is go gcothaítear buntáistí eacnamaíochta dóibh siúd atá dílis go sóisialta do chultúr agus do theanga an mhionlaigh.

Is léir nach ann do na riachtanais shochaíocha seo faoi láthair i gcás cuid shuntasach de mhionteangacha an domhain, agus mar sin, níl ach acmhainn theoranta acu aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu. I bhfianaise na mbeartas atá á gcur chun cinn ag UNESCO i dtaca le Deich mBliana na dTeangacha Dúchais, ba chóir do na Náisiúin Aontaithe iarraidh ar na ballstáit iniúchadh poiblí a ghairm i ngach ceann de na tíortha atá i gceist faoi chumas na mionlach teanga iad féin a chosaint de réir na riachtanas sochaíoch thuasluaite.

Sholáthródh iniúchadh den chineál seo bonn tosaigh faisnéise le straitéis a cheapadh agus a chur i bhfearas leis an oiread agus is féidir d’ilghnéitheacht chultúrtha agus teanga an domhain a chosaint ar bhealach réadúil.

Má tá cur chuige comhordaithe domhanda ródhúshlánach, is é is lú is cóir a dhéanamh líonra mór idirnáisiúnta d’antraipeolaithe agus de theangeolaithe a bhunú faoi scáth UNESCO leis an oiread d’acmhainní cultúrtha agus teanga atá i mbaol a mbáite faoi láthair a fhístaifeadadh go córasach agus a eagrú i stóras mór digiteach. Seo í an eitneagrafaíocht don am atá le teacht, a bheadh á déanamh i gcomhbhá leis na mionlaigh teanga atá faoi bhrú.

Sa chás seo, bheadh taifead éigin buan againn ar ilghnéitheacht an domhain dá dteipfeadh ar na hiarrachtaí polaitiúla cosaint a thabhairt don éagsúlacht bheo shoch-chultúrtha. Féach, mar shampla, an obair Stòras Beò nan Gàidheal/An Taisce Ghaelach atá idir lámha againn.

An Ghaeltacht san éagsúlacht

Níl i ngéarchéim na Gaeltachta, mar sin, ach léiriú áitiúil ar chás leochaileach na mionteangóirí go domhanda. Léirítear i staid reatha na nGael in Éirinn cuid de na contrárthachtaí a bhaineann le cur i bhfeidhm bheartais státurraithe atá i ndíréir le dúshláin shóisialta na gcainteoirí. Cé gur bronnadh stádas oifigiúil ar an nGaeilge beagnach 100 bliain ó shin agus gur caitheadh airgead poiblí ar a cothú ón am sin i leith, is léir go bhfuil doicheall oifigiúil faoi láthair ann dul i ngleic leis an gcreimeadh leanúnach atá á dhéanamh ar chúinsí sochaíocha na nGael (féach Léaráid 1). Bac mór ar straitéis stuama in aghaidh ghéarchéim na Gaeltachta atá i dtarraingt oifigiúil na gcos in Éirinn. Is le teann neamhshuime a thiteann meath mionteanga amach go minic.

Líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge (3-18bl.) taobh amuigh den Chóras Oideachais, Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíocht (2015)

Léaráid 1: Faisnéis na dToghrann Gaeltachta ó Dhaonáireamh 2011

Mar gheall ar an mbearna shuntasach idir uaillmhianta na bpolasaithe oifigiúla agus taithí shóisialta mionteangóirí, is féidir le ‘siondróm mionteanga’ teacht chun cinn.

Sa díréir polasaí seo, tugann an Státchóras neamhaird ar dheacrachtaí sóisialta na mionteangóirí mar gheall ar a dhúshlánaí is atá an cúram. Lena chois sin, feictear go minic:

  • Go gcuireann polaiteoirí agus oifigigh Stáit béim ar fheidhm shiombalach na mionteanga agus ar a cleachtadh sa chóras riaracháin, agus in earnálacha poiblí ar leith atá faoina stiúir nó faoina n-anáil.
  • Go gcuirtear ródhóchas sa chóras scolaíochta le cúiteamh a dhéanamh ar easnaimh shochaíocha;
  • Go dtagann bréagfhealsúnachtaí nó idé-eolaíocht sheachmallach chun cinn a chuireann ródhóchas i bhfoghlaimeoirí mionteanga a bhaineann leas aisti i ngréasáin ócáideacha, de cheal deiseanna sochaíocha eile;
  • Nach dtugtar aghaidh ar dheacrachtaí na gcainteoirí óga dúchais a dteanga féin a shealbhú, mar a léiríodh san Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach (Péterváry et al. 2014, féach Léaráid 2);
  • Go gcuireann lucht an Stáit cur chuige mionteanga i bhfeidhm nach léir tacaíocht an phobail a bheith aige;
  • Go mbíonn rósmacht ag ceannairí eagraíochtúla ar chultúr sibhialta an mhionlaigh sa chaoi is go bhfuil imní ar mhionteangóirí labhairt go fírinneach ar an staid reatha, agus i gcásanna áirithe, go mbíonn drogall ar mhionteangóirí a bheith páirteach i gcultúr sibhialta an mhionlaigh;
  • Go gcuireann saol eagraíochtúil na mionteanga cinsireacht i bhfeidhm ar léargas agus ar thuairimí nach bhfuil ag teacht leis na riachtanais idé-eolaíochtúla atá ag an Státchóras don mhionteanga;
  • Gur mó luí atá ag an Státchóras le riachtanais agus dearcthaí eagraíochtúla a fheileann do na foghlaimeoirí mionteanga ná le cúinsí sóisialta an phobail dúchais; agus dá bharr sin, go mbrúitear cur chuige ar an bpobal cainteoirí dúchais a cumadh go príomha do dhála na bhfoghlaimeoirí;
  • Go gcothaítear teannas idir lucht ceannais eagraíochtaí, a mbíonn dearcadh seachtrach na mórtheanga ar an mionteanga acu go minic, ar láimh amháin, agus an pobal dúchais mionteanga, ar an láimh eile.

Scórinnéacs Shealbhú an Bhéarla agus na Gaeilge i measc cainteoirí dúchais
Gaeilge (7-12 bl.) sa Ghaeltacht, Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach 2014

Léaráid 2: Faisnéis ón Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach (2014), COGG, a léiríonn cumas níos fearr sa Bhéarla ag cainteoirí óga dúchais Gaeilge

Teacht as an tSáinn: Aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na Gaeltachta

Léiríonn an siondróm thuas go mbíonn stáit a bhronnann aitheantas siombalach ar mhionlaigh teanga ag iarraidh an dá thrá a fhreastal: soláthar cuimsitheach don mhórtheanga ach beartú teoranta don mhionteanga. I gcás ghéarchéim na Gaeltachta, chruthaigh díréir na bpolasaithe Gaeilge trí chúinse dhochracha:

  • Neamhghníomh oifigiúil sa saol polaitiúil – tá séanadh sách coitianta ann i measc polaiteoirí faoina íogaire is atá cúrsaí sa Ghaeltacht agus tá eagla orthu a admháil go soiléir go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht;
  • Marbhántacht i saol eagraíochtúil na Gaeilge – in ainneoin an iliomad tograí taighde a shonraigh cúinsí éigeandála na Gaeltachta, ní rabhthas in ann ach cur chuige neamhábhartha a cheapadh a bhí sócúil don Státchóras, ach lagbhríoch i gcás riachtanais an phobail, mar shampla an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta 2012;
  • Sáinn sa phobal – is léir go bhfuil drogall ar an bpobal tacú le beartais uiscealacha atá bunaithe ar an mídhiagnóis atá déanta ar chreimeadh sochtheangeolaíochta na Gaeltachta.

Is éard a theastaíos ag an tráth seo, mar sin, leis an neamhghníomh, an mharbhántacht agus an tsáinn a bhriseadh ó thaobh chur chuige an Státchórais sa Ghaeltacht de, go n-admhódh an lucht polaitiúil go soiléir gur ann don ghéarchéim sa Ghaeltacht agus go bhfuil géarghá le straitéis ábhartha le teacht i gcabhair ar an bpobal ina ngátar reatha (mar atá leagtha amach againn sa leabhar Beartas Úr na nGael); go bhfógródh ceannairí shaol eagraíochtúil na Gaeilge go bhfuiltear le hathbhreithniú a dhéanamh ar laghad na héifeachta dearfaí a bhí ag an Straitéis 20 Bliain agus Acht na Gaeltachta 2012 ar chúinsí na nGael sa Ghaeltacht; go mbunófaí fóram pobail sa Ghaeltacht le tuairimí a fháil ón bpobal faoin tslí ar aghaidh agus le ról a thabhairt d’ionadaithe pobail i ndearadh straitéisí cuí atá níos réadúla ó thaobh na ndúshlán atá ag an bpobal sa Ghaeltacht; agus go mbunófaí áisíneacht taighde agus comhairle a chruinneodh faisnéis agus a thabharfadh tacaíocht agus comhairle don phobal Gaelach.

D’fhéadfadh an Stát teachtaireacht shoiléir a thabhairt don phobal go rabhthas le seasamh go dlúth leis an bpobal sa ghéarchéim dá n-athbhunófaí Scéim Labhairt na Gaeilge ar bhonn ní ba straitéisí mar chéim tosaigh i gcur chuige nua. Is féidir beartú le teann dóchais i gcomhar leis an bpobal, ach teastaíonn bonn fóinteach gnímh i dtosach má tá misneach le bheith ag an bpobal go ngabhfaí i ngleic lena gcás go stuama.

Ollamh Taighde na Gàidhlig in Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán, Alba, é Conchúr Ó Giollagáin. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'Tá sé in am deireadh a chur leis an neamhghníomh atá ag marú na Gaeltachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tagaim leis an anailís sin ar chás na Gaeilge sa nGaeltacht.

    Aontaím go láidir leis an moladh ag deireadh an ailt:
    “D’fhéadfadh an Stát teachtaireacht shoiléir a thabhairt don phobal go rabhthas le seasamh go dlúth leis an bpobal sa ghéarchéim dá n-athbhunófaí Scéim Labhairt na Gaeilge ar bhonn ní ba straitéisí mar chéim tosaigh i gcur chuige nua.”

    Ba é an gníomh ba mheasa agus ba éagóraí a rinne an stát in aghaidh na Gaeltachta deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge i 2011. Gníomh a bhí ann a chuaigh glan in aghaidh an chomhairliúcháin a cuireadh ar an Roinn ag an am. Cuireadh comhairle ar an Roinn an Scéim Labhairt na Gaeilge a leasú le díriú ar pháistí ón uair a thagann siad ar an saol, mar a bhí molta go deimhin sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (2007). Ach in áit sin a dhéanamh cuir Roinn na Gaeltachta deireadh ar fad leis an scéim!

    Gearán beag amháin: ar mhiste le Conchúr éirí as a bheith ag tabhairt ‘Gael’ ar chainteoirí Gaeilge? Ní gá a bheith i do ‘Gael’ le Gaeilge a labhairt agus tá an tír lán le ‘Gaeil’ nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Domsa, tá blas an chíníochais ar an téarma.

  • Bean

    Beidh an t-am sin den bhliain arís é? Alt eile uaidh Chonchur ag maíomh go bhfuil chuile rud á dhéanamh mícheart mar ní thé an rud a dúirt sé fhéin atá á dhéanamh 😴

  • Conchúr Ó Giollagáin

    Go raibh maith agat, a Dhonncha, faoi na focail chineálta thuas. Maidir leis an aguisín deiridh atá agat – cuid de chiníochas an mhórghrúpa teanga, dar ndóigh, tathant ar an mionlach teanga nach grúpa sainiúil iad agus nach bhfuil aitheantas ar leith ag dul dóibh.

  • Léitheoir Eile

    Moltaí stuama lena linn tríd.

    Agus is focal breá dlisteanach é ‘Gael’. Níl aon rud ciníoch faoi in aon chor, a mhalairt fiú. Cuirimid fáilte roimh chách.

  • Seán Mag Leannáin

    An chúis imní is mó atá againn mar phobal teanga ná an laghdú leanúnach i líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Thug an daonáireamh deireanach (sa mbliain 2016) tuilleadh fianaise gurb amhlaidh atá sé. Chaith mé tréimhse i nGaeltacht Conamara don chéad uair siar sa mbliain 1971 agus is iomaí cuairt a thug mé ar an gceantar ó shin. Tháinig cúlú mór ar an nGaeilge mar theanga labhartha le linn na tréimhse leath-chéad bliain sin. Le glúin anuas, nó níos mó, is léir go bhfuil athrú bunúsach faoi lán seoil sa Ghaeltacht

    B’fhéidir gurb í an cheist is tábhachtaí anois ná an mbeidh an Ghaeilge in ann maireachtáil amach anseo gan tobar na teanga sa Ghaeltacht? Tá a fhios agam gurb í an ghnáth-thuiscint nach féidir le teanga maireachtáil gan ‘comhthionól fuinniúil fuinte’ (nó local organic community) mar thobar le tarraingt as ach n’fheadar an fíor sin i gcónaí? I ré seo an idirlín agus agus na meán sóisialta an féidir go bhfuil nádúr na cumarsáide féin ag athrú ó bhonn. An bhfuil an focal scríofa in éindigh leis an íomhá bheo ag fáil an lámh in uachtar ar an bhfocal labhartha. Lena chois sin b’fhéidir go bhfuil caighdeánú de shaghas éicint ag teacht chun cinn sa teanga, fiú más é an simpliú atá i gceist san éabhlóid seo. Cén fáth nach rachadh an caighdeánú nó an nua-aoisiú seo chun tairbhe na teanga amach anseo?

    Mairimid faoí scáth an Bhéarla, taitníodh é sin linn nó ná taitníodh. Caithfimidne mar Ghaeilgeoirí áit agus meas a chothú don Ghaeilge i measc mhórphobal na tíre agus i gcomhthéacs shíorláithreacht an Bhéarla sa tír. Ar nós an té nach bhfuil láidir ní foláir don Ghaeilge agus do na Gaeilgeoirí a bheith glic chun spás a chruthú agus a chosaint don teanga i saol poiblí na tíre. Is ródhócha go bhfuil an ‘chaint thíriúil, chréúil, chraicneach’ a ndearna an Cadhnach tagairt dó curtha i gcré na cille leis ach fós féin b’fhéidir go maireann an teanga i gcónaí agus go mairfidh sí i gcruth nua do ré nua. Neosfaidh an aimsir.

  • Brendan Keane

    “Céard iad na comharthaí sóirt ar phobal atá á gcosaint féin ón mísheasmhacht nó ón mbagairt teanga? Go hachomair, is iad na pobail teanga a choinníonn dé i gcroí-réimsí sóisialta na teanga is mó a thabharfaidh aghaidh go héifeachtach ar an ngéarchéim teanga.” Is an anam de dhíth orainn an dé na Gaeilge i mbailtemóra a chaomhnú agus a chothú.

  • Seán ÓM

    Is maith liom an chaoi a úsáideann Conchúr Ó Giollagáin am focal “Gael” in ionad “Cainteoir Dúchais” – ní fheicim aon chiníochas ann.
    A mhalairt slí! Má úsáidtear an focal mar seo, is féidir duine ar bith a d’fhás suas le Gaeilge nó Gàidhlig mar phríomh-theanga a bheith ina Gael/Ghael.

    Ciall iomlán teangeolaíoch agus chultúrtha atá sa focal “Gael” anseo mar sin. Má tá aon teanga Ghaelach agat, tá tú Gaelach – is cuma cad as a thagann do thuismitheoirí nó sinsearaí nó cén dath atá ar do chraiceann nó cén séipéal a théann tú ann.

    Ba chóir do dhaoine atá míchompordach leis a an stair chiníoch a bhain leis an bhfocal “Gael” sna seanlaethanta caint le “Fine Gael” agus duine a chreideann go bhfuil Gaelachas sa fuil agus géineolaíocht, seachas sa teanga agus cultúr.

    GRMA as an alt den scoth, a Chonchúir.