Tá sé in am ag polaiteoirí éirí as an mbréagchogaíocht faoi chúrsaí tithíochta

Bhí cúrsaí tithíochta ar an gceist is mó san olltoghchán deiridh agus tá an chuma air go mbeidh an t-ábhar lárnach sa bhfeachtas atá romhainn freisin

Tá sé in am ag polaiteoirí éirí as an mbréagchogaíocht faoi chúrsaí tithíochta

Léirigh figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo go bhfuil praghas tithe sa tír 7% ar an meán níos airde anois ná mar a bhí siad nuair a bhí an borradh san eacnamaíocht i mbarr a réime in 2007. Mar is dual don scéal seo, is i mBaile Átha Cliath is measa atá cúrsaí ach tá an fhadhb ag scaipeadh ar fud na tíre. Tá contaetha atá i bhfad ón ardchathair agus i lár tíre ag fulaingt anois freisin de bharr praghsanna arda.

Chítear dom féin go bhfuil an scéal seo ag leanacht ar aghaidh gan stad gan staonadh leis na déaga de bhlianta anois. Bhí cúrsaí tithíochta ar an gceist is mó san olltoghchán deiridh agus tá an chuma air go mbeidh an t-ábhar lárnach sa bhfeachtas atá romhainn freisin. Ní léir, mar sin féin, go bhfuil leigheas nó fuascailt na faidhbe aimsithe ag aon duine ná ag aon dream. Tá Sinn Féin lena bpolasaí cuimsitheach a fhoilsiú go luath agus beidh súil acu go gcuirfidh na moltaí a bheidh acu stop leis an meath ar a gcuid tacaíochta. Tá an cheist ar cheann de na cúiseanna go dteastaíonn ó Fhianna Fáil agus Fine Gael a oiread moille agus is féidir a chur le holltoghchán mar go bhfuil súil acu go mbeidh dea-scéala le hinsint faoi thógáil tithe idir seo agus deireadh na bliana.

Ach tá earráidí sna figiúirí ar fad a bhaineann leis an gceist seo a chuireann an scéal as a riocht. De réir na bhfigiúirí don bhliain seo caite tógadh os cionn 32,000 teach sa tír. Ní bréag é sin ach ní thugann sé comhthéacs don easpa tógála le linn na géarchéime eacnamaíochta ná don ardú leanúnach sa daonra a fhágann an riachtanas tithíochta a bheith i bhfad níos mó ná mar a bhíodh. Go bunúsach, níl spriocanna an rialtais sách ard agus fiú má chloíonn siad leo beidh ganntanas tithíochta orainn.

Tá deontais do dhaoine atá ag ceannach tí den chéad uair, deontais le cuidiú le cíos a íoc agus lóistín éigeandála dá gcur ar fáil d’os cionn 14,000 duine. Níl iontu sin ar fad, ar ndóigh, ach sceacha i mbéal bearna agus deis do thiarnaí talún agus lucht forbartha tuilleadh brabúis a dhéanamh. Ní leigheasfaidh ceachtar acu an ghéarchéim reatha, ach níl sé fíor a rá ach oiread nach bhfuil aon rud á dhéanamh. B’fhéidir go bhfuil sé in am ag polaiteoirí an ‘Tá tú’ agus ‘Níl mé’ síoraí a chaitheamh in aer.

Teastaíonn an oiread tithe agus is féidir a thógáil chomh sciobtha agus is féidir. Teastaíonn an t-airgead atá dá chaitheamh le fóirdheontais agus tacaíochtaí a laghdú ionas gur féidir cur leis an stoc tithíochta. Teastaíonn go n-éireodh polaiteoirí as an mbréagchogaíocht faoi cé aige atá an leigheas is fearr. Tógtar na tithe a theastaíonn a luaithe agus is féidir sula mbíonn sna déaga de bhlianta eile againn ag trácht ar ghéarchéim agus tubaiste.

Fág freagra ar 'Tá sé in am ag polaiteoirí éirí as an mbréagchogaíocht faoi chúrsaí tithíochta'