Tá sé in am ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge don Ardteist

Níl córas na Gaeilge éigeantaí ag obair agus b’fhearr i bhfad líofacht a thabhairt do na daltaí a bhfuil sí uaithi seachas a bheith ag brú Gaeilge ar dhaltaí nach bhfuil á hiarraidh 

Tá sé in am ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge don Ardteist

Is í an Ghaeilge (mura bhfuil Príomhoide ag tabhairt díolúine dhuit) an t-aon ábhar a bhfuil sé éigeantach staidéar a dhéanamh air san Ardteist. Ceapann go leor daoine go bhfuil an Béarla agus an Mata éigeantach ach níl. Fós féin déanann níos mó daoine Béarla agus Matamaitic ná an Ghaeilge mar go bhfuil ag éirí le cuid mhaith daoine an Ghaeilge a sheachaint. Ní bhfuair 18% de na daltaí a fuair a gráid mheasta don Ardteist an bhliain seo caite aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe do scrúdú Gaeilge. Ní dhearna 6% de dhaltaí an Béarla, ní dhearna 6% an Mhatamaitic.

Idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge bíonn díolúine acu.

Is féidir díolúine a fháil ar dhá chúis: nach as Poblacht na hÉireann thú agus mar geall ar dheacracht foghlama. Is cosúil go bhfuil an díolúine ar fáil go héasca anois, ó socraíodh nár theastaigh ach tacaíocht ón bPríomhoide.

Tá an ceart ag daoine a bheith buartha faoin ardú mór, 11% mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, ar líon na ndaltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge anuraidh. Tá seans maith go leanfaidh an figiúr ag ardú bliain i ndiaidh bliana. Seans maith gur cuid den chúis leis an ardú go bhfuil fás ag teacht ar an líon daltaí ó chúlra iasachta i mbun na hArdteiste anois agus cuid mhaith den chúis go bhfeiceann daltaí eile go bhfuil bealach éalaithe ó ábhar, atá sách deacair, sách leathan agus go mb’fhearr leo an t-am a chaitheamh le hábhar eile seachas Gaeilge agus iad ag iarraidh an líon pointí CAO is mó a fháil ón Ardteist. Is chuige sin a reáchtáiltear an Ardteist. Leis an díolúine a fháil, is cosúil nach bhfuil le déanamh ach príomhoide na scoile a fháil lena shíniú a chur le foirm á rá go bhfuil deacrachtaí foghlama ag an dalta sa Ghaeilge. 

Bíonn deacrachtaí foghlama ag daltaí in ábhair eile chomh maith. Chaith mé mo shaol ag múineadh Matamaitice. Im thaithí bíonn deacrachtaí foghlama ag formhór na ndaltaí a dhéanann Mata don Ardteist ach déanann siad é, cé nach ábhar éigeantach é. Ach tá an Mata riachtanach má tá post uait nó má tá tú ag iarraidh dul ar aghaidh don tríú leibhéal sa gcuid is mó de na cúrsaí léinn.  Sé bun agus barr an scéil go mbíonn daoine ag iarraidh éalú ón nGaeilge (a) mar go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hábhair is deacra agus (b) go dtuigtear nach dteastaíonn Gaeilge uait sa saol tar éis scoile. 

Le nach mbeidh daltaí ag éalú ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge caithfear, im thuairimse, cúis ábhartha a thabhairt dóibh le Gaeilge a roghnú seachas brú a chur orthu trí ábhar éigeantach a dhéanamh di. Tá an chuma ar an scéal gur in aghaidh a dtola a dhéanann formhór na ndaltaí an cúrsa Gaeilge don Ardteist. Thriail an Roinn Oideachais an cúrsa a dhéanamh níos éasca agus níos éasca ag súil go ndéanfadh an éascaíocht an t-ábhar níos tarraingtí. Tugadh níos mó marcanna don scrúdú cainte ach d’fhéadfaí an scrúdú cainte a chleachtadh bunaithe ar an tsraith pictiúr a cuireadh ar fáil, sa gcaoi is gur bhain sé an mhaith as, más fíor a ndeir na múinteoirí. Ag foghlaim na míreanna cainte de ghlanmheabhair a bhíonn na daltaí anois.  

Go bunúsach níl an polasaí ag obair. Níl aon fhigiúirí cruinne ann, go bhfios dom, ach tá an chuma ar an scéal nach mbíonn ach codán beag de na daltaí a dhéanann an Ardteist in ann comhrá simplí a choinneáil ar bun i nGaeilge. Céatadán idir 5% agus 10% a déarfainn. Is taighde é sin arbh fhiú é a dhéanamh: suirbhé a dhéanamh gach bliain ar shampla den 52,000 a dhéanann an Ardteist le fáil amach cén sciar acu a bheadh in ann gnáthchomhrá a dhéanamh nó/agus litir a scríobh. 

Ba mhaith liom moladh a dhéanamh, mar chuid den díospóireacht faoi chás na Gaeilge san Ardteist. Nárbh fhearr i bhfad daltaí a mhealladh le Gaeilge a dhéanamh don Ardteist agus díriú ansin ar líofacht a thabhairt do na daltaí atá ag iarraidh í a fhoghlaim, seachas a bheith ag brú Gaeilge ar dhaltaí nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim? Nach mbeadh sé níos éasca ar mhúinteoirí an teanga a mhúineadh do dhaltaí a mbeadh an t-ábhar roghnaithe acu seachas do rang ina bhfuil formhór na ndaltaí ann in aghaidh a dtola, agus ag cur isteach ar an gcuid eile, mar a tharlaíonn faoi láthair.

Sí an tslat tomhas ba cheart a bheith againn leis an bpolasaí a mheas, im thuairimse, ná an céatadán daltaí a thagann amach as an gcóras iarbhunoideachais le Gaeilge sách líofa agus muiníneach as an dteanga a úsáid, ach an deis a fháil. Is olc an sochar ar an infheistíocht mhór atá déanta ag an stát ag múineadh na Gaeilge do gach duine tríd an gcóras oideachais, nach mbeadh ach idir 5% agus 10% de na daltaí a dhéanann an Ardteist inniúil ar an nGaeilge, idir léamh, tuiscint agus scríobh.  

Tuigim go maith go seachnódh níos mó daltaí iarbhunscoile an Ghaeilge, mura mbeadh sí éigeantach. 

Roghnóidís ábhar níos éasca ina háit agus thuigfinn dóibh. Ní hamháin go laghdódh sé seo an líon daltaí a dhéanann an Ghaeilge, a bhformhór mór a bheadh in ann don teanga, ach chuirfeadh sé na daltaí a choinníonn leis an nGaeilge faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid leo. 

Sin atá ag cur imní ar go leor daoine.  

Tá an baol ann go dtitfeadh líon na ndaltaí a dhéanann an Ghaeilge san Ardteist bliain i ndiaidh bliana mura mbeadh buntáistí ábhartha ag dul don té a roghnódh Gaeilge, seachas an té a sheachnódh an ábhar. 

Tá na pointí bónais a thugtar do dhaoine a thógann Mata ag an Ardleibhéal luaite ag roinnt daoine, mar réiteach ar an bhfadhb. D’oibrigh an tseift sin le líon na ndaltaí a dhéanann Mata ag an Ardleibhéal a mhéadú, cuid mhaith acu nach bhfuil in ann dhó. Ach sin scéal eile. Níl cúis ar bith nach n-oibreodh na pointí bónais mar spreagadh do dhaltaí an Ghaeilge a roghnú mar ábhar Ardteiste chomh maith. Tuigim, ar ndóigh, nach díreach mar a chéile an dá chás. 

Seo mar a fheicimse an scéal. Tá trí ábhar Ardteiste ann ina bhfuil níos mó oibre le déanamh iontu ná mar atá in aon ábhar eile: Matamaitic, Béarla agus Gaeilge. Ní bheadh sé ach ceart na pointí bónais céanna a thabhairt do na trí ábhar sin, seachas é a thabhairt don Mhatamaitic amháin. Tá dhá pháipéar le déanamh iontu agus anuas air sin tá an scrúdú cainte sa Ghaeilge. Páipéar amháin atá le déanamh i go leor ábhar eile, agus níos éasca na pointí arda a fháil ar níos lú oibre. Má tá an stát ag iarraidh go mbeidh go leor daltaí ag déanamh Gaeilge san Ardteist caithfidh ‘cúiteamh’ a bheith le fáil don té a roghnaíonn í mar ábhar. Ach bíodh an ‘cúiteamh’ céanna le fáil ag an mBéarla: an córas oideachais ag tabhairt an aitheantais chéanna don dá theanga oifigiúla.

Ach chomh maith leis sin ba cheart go mbeadh grád áirithe riachtanach i mBéarla agus i nGaeilge san Ardteist leis an gcuid is mó de na postanna iontrála sa státchóras a líonadh. Bheadh cúiseanna maithe ag daltaí ansin an Ghaeilge a dhéanamh seachas an chúis atá faoi láthair ag go leor acu – go gcaithfidh siad é a dhéanamh. 

Fág freagra ar 'Tá sé in am ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge don Ardteist'

  • Eoghan Ó Néill

    Tá’n ceart ag Donncha, b’fhearr ar fad go mbeadh líofacht na teangan ag 20%- de dháltaí a mbeadh sí mar chuid dá gcultúr agus a labhródh í lena bpáistí níos moille ina saol. Caithfimid glacadh leis go n-amharcan formhór na daoine orthu féin mar Anglos agus mar chuid den chultúr is tábhachtaí ar fud na cruinne anois níl suim acu sa ghaelig ar ndóigh.

  • Oisín Mac Samhráin

    Ní aonteoinn níos mó. Is fearr an teanga a labhairt do daoine le fíor-suim in áit ag brú é ar daoine gan aird ar bith in san teanga.

  • S. Mac Muirí

    Bíonn a loscadh féin in gach coill. Más féidir an córas galloideachais a lot ar fad, níor mhiste a dhéanamh nó is léir nach n-oibríonn sé ach inár gcoinne (Voces Diversae, 2006, 37, 49, 50, 77, 98, 130).
    D’uireasa aon dath Gaeilge a bheith sa ngalloideachas thiocfadh borradh as cuimse faoin nGaeloideachas, ach le freastal ar a leithéid bheadh Roinn Oideachais ar leith de dhíth, nó is cinnte go n-éireodh roinn an ghalloideachais ar a dhá cois deiridh leis an mborradh céanna a spealadh. Fágaim, níor thúisce teangacha sa mbreis ar an nGaeilg a bheith ar na bocáin ag an bhForas Pátrúnachta 2017 (Áireamh le teagasc i bhFraincis / Gearmáinis ina measc), rud a bhain bíogadh as na Gaill, nó amach sna sála acu bhí Bruton 7 a roinn oideachais béarla lena mhacasamhail féin de rún (Nollaig) 2017.
    Ach na hoidí a bheith ar fáil chuige amach anso, ba mhaith an Pholainnis, mar eochairtheanga, agus an-mhórán eile nach í, a bheith san áireamh.

  • Eoin Ó Murchú

    Ní aontaimse beag nó mór leis an argóint seo. Maireann agus mairfidh an Ghaeilge de réir mar a bheidh stádas ag an teanga. Má bhrúitear as an ngnáthscolaíocht í, mar a mholann Donncha, is ábhar mionlaigh i ndáiríre a bheidh ann agus beidh an teanga lagaithe dá bharr. Nuair a baineadh stádas eigeantach den Ghaeilge sa gcóras oideachais bhi sé in ainm’s grá don teanga a bheith ann in ionad brú éigeantach. Murach na Gaelscoileanna – a d’fhás toisc nach féidir Gaeilge a fháil insna gnathscoileanna – ni bheadh aon Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus an teanga lagaithe nios mó fiú sa nGaeltacht féin. Lámh á cur inár mbas fein a bheadh ann.

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Croí na faidhbe ná an córás pointí ar chóras ciondála ar áiteanna ollscoile atá ann. Tá an tOideachas meánscoile curtha as a riocht aige, daltaí ag foghlaim conas marcanna airde a bhaint amach i scrúdú, gan tuiscint ná bá don ábhar – agus ag íoc go daor as sin san Ollscoil.

    Go dtí go ndéantar leasú ar sin is fánach a bheith ag cant ar leasú ar bith eile ar an gcóras oideachais.

  • Lillis Ó Laoire

    Cá ndeachaigh an Laidin?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Eoin ag cur mo argóint as riocht. Caithfidh nár léigh sé mo alt sách cúramach. Níor mhol mé an Ghaeilge a bhrú amach as an gcóras oideachais.

  • Darach Ó Scolaí

    An-phlean, a Dhonncha! Cuirtear deireadh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach agus ní bheidh sé de dhualgas ar na scoileanna múinteoirí Gaeilge a fhostú. Agus cheal múinteoirí Gaeilge ní hamháin nach mbeidh ar na daltaí an Ghaeilge a fhoghlaim, ní bheidh siad in ann í a fhoghlaim!!

  • Daithi Mac Carthaigh

    Mura mbíonn spás agus am ar leith curtha go leataobh do theangacha ní roghnaítear iad le múineadh nó le foghlaim mar gheall go gceaptar go bhfuil siad ‘deacair’ mar ábhair.
    Thit an tóin as múineadh teangacha i Sasana ó rinneadh roghnach don GCSE iad timpeall 20 bliain ó shin, rud is dócha a chabhraigh leis an ngluaiseacht ar son an Bhreatimeachta. Is ábhair mionlaigh iad go dtí an lá inniu féin. Sna scoileanna príobháideacha is mó a mhúintear anois iad thall.
    Thapaigh Rialtas na Breataine Bige an deis an uair sin an Bhreatnais a dhéanamh éigeantach anuas go dtí an GCSE. De ghnách is é an GSCE deireadh na scolaíocht do dhaltaí na Breataine Bige, dála na hArdteiste anseo.
    Tá an Ghaeilge lán-roghnach sna Sé Chontae agus roghnaíonn formhór mór na scoileanna Caitliceacha gan í a mhúineadh. Murach gur ghá an Ghearmáinis le háit a fháil in Ollscoil na hÉireann, bheinn tar éis éirí as in aois a cúig déag. Buíochas leis an NUI nár éiríos as tar éis nach bhfuair mé ach C san Ardteist ann; is scil don saol é.
    Ní spreagann Gaeilge éigeantach don Ardteist fuath don Ghaeilge. Ní raibh an Ghaeilge éigeantacht d’aon ionadaí tofa den DUP riamh!
    Spreagann aineolas ar an nGaeilge fuath di mar a chímid in Albain agus sna Sé Chontae.
    Freisin, scriosfaí príomh-thionscal teanga-lárnaithe na Gaeltachta: na coláistí samhraidh ceal éilimh i ndáil le hábhar mionlaigh.
    Seo an toradh a bheadh ar mholadh Dhonncha, imeallú na Gaeilge agus na Gaeltachta.

  • Bríd

    Mhol tú go deimhin a ùdair beag & fiù a dhéanamh d’ar dteanga dùchais! Ag déanamh beag do phobail nach bhfuil na hacmhainnì acu í a chur chun cinn lasmuigh den seomra ranga. Nach tú atá ardnósach i do chuid tuairimì cé a labhróidh í!
    Coinnigh leis na figiùirì!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is beag muinín atá agat i mbainistíocht na scoileanna, Darach, go gceapann tú nach bhfostódh scoileanna múinteoirí Gaeilge ar bith, mura mbeadh Gaeilge éigeantach san Ardteist!

  • Agus Sin Sin

    Tá mé tinn tuirseach de bheith ag éisteacht leis éileamh seo! Déan ábhar roghnach de chuile ábhar, Gaeilge, Béarla agus Mata don Ardteist, nó bíodh na trí ábhair go léir éigeantach. Ná bí ag caitheamh anuas ar cheann amháin acu.

  • Seán Ó Gallchobhair

    Ag rámhaillí atá tú a Dhonncha más ag moladh ‘éigeantas’ teanga sa chóras scoile a bhaint agus ‘riachtanas’ teanga a cheangal le poist sa státseirbhís i gcomhthráth amhail is go bhfuil seans ar bith ann go dtarlódh a leithéid. Dar ndóigh ba cheart an dá rud a bheith ann, mar a bhí, ós í an teanga náisiúnta í an Ghaeilge. Is í fírinne an scéil nach mbeadh focal Gaeilge ag cuid mhaith Gael in Éirinn dá mba ábhar roghnach í an Ghaeilge agus iad ar scoil ‘s gan aon spéis acu in ábhar ar bith, iad ró-óg chun lánleas a bhaint as an deis. Is iomaí duine nach bhfaigheann ach ‘D’ i nGaeilge na hArdteiste ach is leor sin chun ligean dóibh an teanga a shealbhú go tapaidh faoin am a chromann siad uirthi sa deireadh mar dhaoine fásta. Ní féidir a mbíonn á fhoglaim ag páistí i ngan fhios dóibh féin a thomhas le staitisticí agus mallacht Dé ar éinne a chuideodh le namhaid na nGael an doras sin a dhruidim ar óige na tíre agus ar a gcumas foghlama sa todhchaí. Is maith is eol duit go dtiocfaidh meath as cuimse ar gach sórt Gaeilgeora dá bhfuil ann dá gcuirfí do mholtaí i gcrích. D’fhágfadh do mholtaí i dtaobh mhúineadh na Gaeilge, stádas oifigiúil na teanga agus theorainneacha na Gaeltachta (ag tagairt d’ábhar eile atá scríofa agat thar na blianta) seasamh na Gaeilge in Éirinn chomh lag le cás na teanga in Albain. Dar ndóigh, bíonn tú ag iarraidh na teorainneacha Gaeltachta a ath-tharraingt freisin agus dá ligfí duit táim nach mór cinnte de nach mbeadh fágtha den Ghaeltacht ach líne chailce mórthimpeall do chos clé!

  • S. Mac Muirí

    B’fhearr liom do mholadhsa a Lillis, an Laidin mar eochairtheanga, in ionad na Fraincise mar a mholas féin ar ball thuas.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní ghlacaim leis an ‘moladh’ seo a bheag ná a mhór. In áit déanamh ar shiúl leis an éigeantacht déan na roghanna sa Ghaeilg níos leithne. Nach í chéad teanga na tíre í? An bhfuil sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar an chóras scrúdaithe atá sa tír seo agus bogadh ar shiúl ón chóras caol, aon-treorach atá againn agus an-bhrú ar dhaltaí na ‘pointí’ maithe a fháil san aon scrúdú amháin, agus an ceann is ‘tábhachtaí’, a dhéanfaidh siad ina saol?

    ‘(a) mar go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hábhair is deacra’
    Nach bhfuil achan ábhar deacair ach go ndéantar cleachtadh agus tuilleadh cleachtaithe leis an t-ábhar sin a fhoghlaim? Nach seo mar a bhíonn an saol? Foghlaimíonn tú trí cleachtadh a dhéanamh? Nach mbíonn ar dhuine a bhíonn ag seinm ceoil an cleachtadh rialta a dhéanamh le bheith ina sár-seinnteoir? Ach cén seoirt cleachtadh Gaeilge a dhéantar? An bhfuil locht ar thuismitheoirí? Ar cheart iadsan a mhealladh leis an Ghaeilg a fhoghlaim/úsáid? Agus nach iad na tuismitheoirí a théid chuig an phríomhoide ag caoineadh nach bhfuil ar c(h)umas a mac/iníon an scrúdú Gaeilge a dhéanamh?? An bhfuil cúntóirí teanga de dhith ar thuismitheoirí?

    ‘agus (b) go dtuigtear nach dteastaíonn Gaeilge uait sa saol tar éis scoile.’
    An bhfuil an Ghaeilg in úsáid ar láthair na scoile – taobh amuigh den seomra ranga? An bhfuil oifigeach Gaeilge ag achan scoil/ollscoil sa tír? An bhfuil ainm Gaeilge ag achan scoil/ollscoil sa tír? An bhfuil stáiseanóireacht agus lógó Gaeilge/dátheangach (ach i nGaeilg amháin sa Ghaeltacht) ag achan scoil/ollscoil sa tír? Cad chuige nach ndéantar an Ghaeilg a úsáid mar theanga cumarsáide sa rang matamaitice? eolaíochta? tís? fraincíse? ealaíne? Nuair a bhíonn ócáidí spóirt ann – sa bhaile agus as baile? Nuair a thagann cuairteoirí go dtí’n scoil? Nuair a bhíonn ócáidí sóisialta ag an scoil? An bhfuil comharthaíocht dátheangach/i nGaeilg amháin le feiceáil ar fud láthair na scoile agus má tá, an bhfuil tús áite ag an Ghaeilg? An bhfuil comhionannas ag an Ghaeilg in áit an amaidí seo le cló Iodálach agus litreacha beaga? Nach institiúidí stáit iad scoltacha na tíre seo? An bhfuil polasaí Gaeilge ag achan scoil/ollscoil sa tír? Agus dá mbeadh, an mbeadh dearcadh eile ag daltaí scoile taobh amuigh den Ghaeltacht ar úsáid na Gaeilge sa ghnáthshaol??

    ‘an teanga a mhúineadh do dhaltaí a mbeadh an t-ábhar roghnaithe acu seachas do rang ina bhfuil formhór na ndaltaí ann in aghaidh a dtola’
    Déan an modh teagaisc agus foghlama a athrú agus leathnaigh na roghanna sa Ghaeilg éigeantaí le roghanna difriúla do na daltaí siúd a bhfuil sé deacair daofa suí agus a ghaosáin (shróna) sáite i leabhair ag iarraidh an Ghaeilg a fhoghlaim.

  • Áine

    Ní aontaím dubh, bán ná riabhach leis an argóint seo… mura mbeidh an Ghaeilge éigeantach ní bheidh sí ag daoine a bheas á caoineadh lá níos faide anonn, Caithfear rogha a thabhairt don chéad ghlúin eile an teanga náisiúnta a bheith acu… Tá córas na bpointí thar a bheith lochtach agus ní chóir gurb í an Ghaeilge a bheadh thíos leis ná ár deiseanna teanga bheith á gceilt ar ár ndéagóirí…. an gcreideann tú i ndáiríre a Dhonnacha go bhfostófaí múinteoirí le Gaeilge a mhúineadh mura gcaithfí??? Tá dul amú mór ort má cheapann tú é sin. Tá ciall lena bhfuil ráite ag Daithí agus ag Seán….
    Deireadh leis an nGaeltacht uilig… agus imeallú na nGaeilgeoirí sa tír tí chéile gan trácht ar deiseanna a cheilt ar scoláirí……

  • Liam

    Is dalta ardteiste mé. Múintear filíocht agus saothair litríochta ach níor chaith aon múinteoir a bhí agam riamh aon rang ar bith i mo shaol riamh ar ghnéithe gramadaí. Sin an fhadhb atá againn.

    Tá fonn ar dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim. Nuair a thosaigh mé an meánscoil bhí gráin mhór agam don Ghaeilge ach spreag rud éigin fonn ionam. Céim ar chéim, thosaigh mé ag breathnú ar TG4 níos minice, cheannaigh mé leabhar faoi ghramadach, thosaigh mé ag éisteacht le RnaG is ag léamh Tuairisc agus níos déanaí Nós agus Comhar. Lean mé Gaeilgeoirí ar na meáin shóisíalta is cheannaigh mé leabhair. Ach níl na deiseanna sin ar fáil do gach duine, má bhí mé ag brath ar an gcóras oideachais an Ghaeilge a mhúineadh dom, ní bheinn in ann an t-alt beag seo a scríobh.

  • Pól Ó Braoin

    Is mór an trua é gur caitheadh amach an riachtanas Gaeilge do dhaoine agus postanna á bhfáil sa státseirbhís abhus acu. Is minic muid fanta go mór i dtuilleamaí an bhéarla agus muid ag iarraidh seirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge mar gheall air sin. Má chaitear an Ghaeilge amach mar ábhar éigeantach, is mó go mór an dochar a dhéanfar di. Tá dualgas ar an státchóras aire a thabhairt dár gcéad teanga leochaileach oifigiúil agus cuid mhór mhaith den dualgas sin ná an teanga a mhúineadh do chuile dhalta sa tír. Feicim dul amú eicint ar chóras na ndíolúintí a thugann díolúine ón nGaeilge do dhuine agus an duine céanna i mbun teanga eile a fhoghlaim mar ábhar scoile. Cuid eile den dhualgas céanna an státchórais ná scéim labhairt na teanga, a thugadh spreagadh do dhaoine an teanga a labhairt faoi beagáinín airgid bhreise a thabhairt dóibh, agus a caitheadh amach roinnt blianta ó shin, monuar…
    Tugaim faoi deara an fás as cuimse faoin meas a thaispeántar dár dteanga ina measc siúd a d’imigh thar lear agus a bhreathnaíonn orthu féin mar Éireannaigh. Tá luach de chineál eicint inár dteanga fiú mura bhfeiceann an Roinn Oideachais ná an rialtas é sin, cheapfainn…

  • Seán Mag Leannáin

    Moladh maith ag Donncha gur chóir go dtabharfaí na pointí bónais céanna do na trí ábhar lárnacha sa chóras oideachais: Matamaitic, Béarla agus Gaeilge. Mar a deir sé “tá níos mó oibre le déanamh iontu ná mar atá in aon ábhar eile. Tá dhá pháipéar le déanamh iontu agus anuas air sin tá an scrúdú cainte sa Ghaeilge. Páipéar amháin atá le déanamh i go leor ábhar eile, agus níos éasca na pointí arda a fháil ar níos lú oibre.” Tá an ceart ar fad aige gur chóir go mbeadh ‘cúiteamh’ “le fáil don té a roghnaíonn an Ghaeilge mar ábhar. Ach bíodh an ‘cúiteamh’ céanna le fáil ag an mBéarla: an córas oideachais ag tabhairt an aitheantais chéanna don dá theanga oifigiúla.”

    Is ar strae ar fad a théann Donncha, áfach, nuair a mholann sé a stádas ‘riachtanach’ – a stádas mar ábhar a gcaithfidh gach dalta staidéar a dhéanamh uirthi – a bhaint den Ghaeilge. Tá an ceart ag Eoin Ó Murchú go maireann agus go “mairfidh an Ghaeilge de réir mar a bheidh stádas ag an teanga.” Gan an stádas náisiúnta a bheith aici mar ábhar lárnach sa chóras oideachais ba ghearr go mbrúfaí as an ngnáthscolaíocht ar fad í agus ní bheadh inti ansin ach ábhar mionlaigh.

    Féach ar tharla sa Tuaisceart. Mar a deir Dáithí Mac Cárthaigh “Tá an Ghaeilge lán-roghnach sna Sé Chontae agus roghnaíonn formhór mór na scoileanna Caitliceacha gan í a mhúineadh” agus tá na scoileanna sin in ainm is a bheith báúil léi.

    Tá réiteach an-simplí ar fhadhb na ndíolúintí ach an toil pholaitiúil a bheith ann chuige. Is é sin gan cead a bheith ag dalta staidéar a dhéanamh ar aon dara teanga eile mura bhfuil sé ar a c(h)umas staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Ní féidir idirdhealú a dhéanamh ar bhonn teangeolaíochta nó nó ar bhonn chumas foghlama idir an Ghaeilge agus aon teanga eile.

  • Concubhar

    Bhí moladh fiúntach ag Donnchadh tamall de bhlianta ó shin, go dtabharfaí pointí dúbailte CAO don mharc sa Ghaeilge san Ard Teist. Mheallfadh sin daltaí tabhairt fén ábhar don Ard Teist. An fhadhb ná an Ard Teist agus an cheangal leis an CAO is dul isteach ar oideachas 3ú libhéal. Níl suim in aon ábhar á spreagadh ag an gcóras mar atá – an sprioc ná ard mharc a bhaint amach agus más féidir sin a aimsiú tre straicí móra téacsa a fhoghlaim de ghlan mheabhair (mar a tharlaíonn faoi láthair leis an nGaeilge), déanfaidh sin cúis. Más é sprioc an chórais múinteoirí Gaeilge a fhostú, bhuel éiríonn leis. Más é an sprioc grá don Ghaeilge mar mheán chumarsáide a spreagadh, tá teipthe air. Nílim cinnte gur féidir deireadh le Gaeilge riachtanach a chur i gcrich gan athrú ó bhonn ar an gcóras oideachais agus, mar sin, seans gur beart fánach a bheadh ann é a dhéanamh dá uireasa.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Mé buíoch do gach dhuine a chuir stró orthu féin freagra tomhaiste a chur leis an alt. Ábhar macnaimh dom cuid de na freagraí. Poinntí maith ag Daithí Mac Cárthaigh agus Seán Mag Leannáin. Aontaím ar fad le Aonghus Ó hAlmhain, go bhfuil an córas oideachais ag leibhéal na hArdteiste curtha as riocht ar fad ag córas na bpoinntí.

    Ní bhacfaidh mé leis na daoine a bhí maslach agus na daoine a chuir an moladh as riocht uilig, seachas déileáil leis. Ar ndóigh nílim ag moladh an Ghaeilge a ‘bhrú amach as an gcóras oideachais’ nó ‘deireadh a chur le múineadh na Gaeilge sns scoileanna’. Feictear dom go bhfreagraíonn an duine i mbealach níos fearr don mhealladh ná don bagairt. Ní fheicim maith ar bith a bheith ag brú na Gaeilge ar daltaí nach bhfuil aon chúis acu í a fhoghlaim. Agus tuigim an imní a bheadh ar dhaoine dá dtrialláilfí an méid a mholas. Ach caithfear cúis éicint níos fearr a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a roghnú seachas a rá leo, ‘caithfidh tú a dhéanamh’ mar tá sé éigeantach.

    Súil agam go leanfar leis an díospóireacht.

  • Colin Ryan

    Mar dhuine atá ag breathnú na ceiste seo ón taobh amuigh (thar sáile), aontaím le Donncha. Is minic a bhuaileas le hÉireannaigh nach bhfuil an cúpla focal féin acu. Níor luaigh sé fadhb mhór eile a cíoradh go minic ar RnaG – na múinteoirí Gaeilge nach féidir leo comhrá a dhéanamh sa teanga. Éiríonn leis an gcóras atá anois ann beagán cainteoirí líofa a sholáthar, ach sin an méid. Ní hí an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann anois (ach amháin mar shiombail); is é an Béarla an teanga sin. Ní mór an cheist seo a scagadh go fuarchúiseach.

  • Lee keybom

    An bhfuil cead agam dul leithreas ar do cheann

  • Lee keybom

    Ba mhaith liom an gaeilge a dhéanamh don ardteist

  • Lee keybom

    Seo mar a fheicimse an scéal. Tá trí ábhar Ardteiste ann ina bhfuil níos mó oibre le déanamh iontu ná mar atá in aon ábhar eile: Matamaitic, Béarla agus Gaeilge. Ní bheadh sé ach ceart na pointí bónais céanna a thabhairt do na trí ábhar sin, seachas é a thabhairt don Mhatamaitic amháin. Tá dhá pháipéar le déanamh iontu agus anuas air sin tá an scrúdú cainte sa Ghaeilge. Páipéar amháin atá le déanamh i go leor ábhar eile, agus níos éasca na pointí arda a fháil ar níos lú oibre. Má tá an stát ag iarraidh go mbeidh go leor daltaí ag déanamh Gaeilge san Ardteist caithfidh ‘cúiteamh’ a bheith le fáil don té a roghnaíonn í mar ábhar. Ach bíodh an ‘cúiteamh’ céanna le fáil ag an mBéarla: an córas oideachais ag tabhairt an aitheantais chéanna don dá theanga oifigiúla.