18% de dhaltaí nach ndearna an Ghaeilge d’Ardteist 2020

6% de dhaltaí nach ndearna an Béarla i mbliana agus an céatadán céanna nach ndearna an Mhatamaitic

18% de dhaltaí nach ndearna an Ghaeilge d’Ardteist 2020

Ní bhfuair 18% de na daltaí a fuair a ngráid mheasta don Ardteist inné aon mharc don Ghaeilge mar nach raibh siad cláraithe d’aon scrúdú Gaeilge.

10,704 dalta de 60,419 dalta nach ndearna an Ghaeilge i mbliana.

De ghnáth, bíonn díolúine ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.

Bhí difríocht shuntasach arís i mbliana idir líon na ndaoine nár thug faoin scrúdú Gaeilge ach a rinne scrúdú Béarla nó Matamaitice. 6% de dhaltaí nach ndearna an Béarla i mbliana agus an céatadán céanna nach ndearna an Mhatamaitic.

Tháinig deireadh anuraidh leis an laghdú leanúnach a bhí ag teacht ar líon agus ar chéatadán na ndaltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge san Ardteist ó 2012.

18% nach ndearna aon scrúdú Gaeilge in 2019, an céatadán céanna le 2020.

Bhí an céatadán de dhaoine nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge don Ardteist tite go dtí 15% in 2018.

Le linn na tréimhse 2004-2019, tháinig méadú mór ar líon na ndaltaí a fuair díolúine – ó 2,391 duine in 2004 go dtí 6,464 duine in 2019, méadú 170%.

Idir 2011-2019, áfach, bhí líon na ndíolúintí seasmhach go maith. Fuair idir 10.99% (2017) agus 12.57% (2012) de dhaltaí na hArdteiste díolúine ó staidéar na Gaeilge le linn na tréimhse sin.

Fuair 11% de dhaltaí Ardteiste 2019 díolúine ón nGaeilge.

Baineann na figiúirí san alt seo le líon na ndaltaí a rinne an Ardteist thraidisiúnta, Clár Gairme na hArdteiste agus an Ardteist Fheidhmeach.

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daoine nach mbíonn díolúine acu gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.

I measc na gcúiseanna a luaitear, tá gan aon spéis a bheith ag daltaí áirithe an scrúdú a dhéanamh. Chomh maith leis sin, dúradh go socraíonn daltaí nach mbeidh Gaeilge riachtanach ina gcuid staidéir tar éis na hArdteiste. Ina measc siúd, bíonn daltaí a bhfuil fúthu dul ag staidéar thar lear. Ní dhéanann daltaí eile scrúdú Gaeilge toisc iad a bheith ag déanamh na hArdteiste don dara huair nó toisc iad a bheith ina n-iarrthóirí seachtracha nach bhfuil Gaeilge á dhéanamh acu.

Thug an Roinn Oideachais córas nua díolúintí isteach ag deireadh na bliana seo caite a mhaíonn siad a chinnteoidh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheidh i ndíolúine ón nGaeilge feasta.

Ach níor thug an Roinn aon sainmhíniú ar cad a bhí i gceist le ‘annamh agus eisceachtúil’ agus tá saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go gcuirfidh an t-athrú go mór le líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadófar.

Bhí an Ghaeilge i measc na n-ábhar ba mhó inar shaothraigh daoine na gráid is airde in Ardteist na bliana seo.

Fuair ceathrar as gach cúigear dalta Ardteiste 60% nó níos mó i scrúdú ardleibhéil na Gaeilge in 2020– an bunriachtanas a theastaíonn sa Ghaeilge chun cáiliú do na coláistí oiliúna múinteoireachta.

29% de dhaltaí a fuair ceann den dá ghrád is airde, H1 nó H2, sa Ghaeilge i gcomparáid le 17.5% don Bhéarla agus 23.5% i gcás na matamaitice.

Fuair 81% ceann de na ceithre ghrád is airde sa Ghaeilge ag an ardleibhéal, i gcomparáid le 69% in 2019.

Fuair 71% de dhaltaí ceann de na ceithre ghrád is airde i scrúdú ardleibhéil an Bhéarla i mbliana agus 68% a rinne amhlaidh sa Mhatamaitic.

Bronnadh an grád is airde H1 ar 9.1% den 24,704 dalta a rinne Gaeilge ag an ardleibhéal. B’ionann sin agus ardú 49% ar chéatadán na ndaoine a fuair H1 anuraidh.

Thart ar 2,200 dalta a fuair H1 sa Ghaeilge i mbliana i gcomparáid le thart ar 1,400 anuraidh.

Ardú 43% a tháinig ar chéatadán na ndaoine a fuair H1 sa Bhéarla i gcomparáid le torthaí na bliana seo caite agus ardú 31% a bhí i gceist leis an Matamaitic.

Mar sin, cé go raibh athrú mór ar Ardteist na bliana seo i gcomparáid le blianta eile agus í bunaithe ar ghráid mheasta agus córas caighdeánaithe, níor tháinig aon athrú ar an scéala gurb í an Ghaeilge an croí-ábhar is éasca le torthaí maithe a bhaint amach ann.

Fuair breis is 60,000 dalta a dtorthaí Ardteiste inniu agus b’airde torthaí rang na bliana 2020 ná aon dream eile a chuaigh rompu.

D’fhág an córas nua marcála a tugadh isteach i mbliana de dheasca na paindéime Covid-19 go raibh torthaí na bliana seo 4.4 pointe céatadáin níos airde ar an meán ná mar a bhí anuraidh.

Fág freagra ar '18% de dhaltaí nach ndearna an Ghaeilge d’Ardteist 2020'