Tá saoirse cainte ag ballstáit an Aontais Eorpaigh chomh fada is go gcloítear leis an líne oifigiúil

Luaigh an Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo go raibh saoirse cainte ar cheann de luachanna an Aontais ach, ag an am céanna,  bhí sé ag iarraidh stop a chur le saoirse cainte na hUngáire

Tá saoirse cainte ag ballstáit an Aontais Eorpaigh chomh fada is go gcloítear leis an líne oifigiúil

Bhí mé ag scríobh an tseachtain seo caite faoin mbealach neamhdhaonlathach a bhfuil an tAontas Eorpach, agus go deimhin níos mó agus níos mó tíortha Eorpacha i gcoitinne, ag plé le tuairimí nach n-oireann do líne oifigiúil an Choimisiúin.

Níl a fhios agam ar léigh an Taoiseach Micheál Martin an t-alt sin, ach tháinig sé amach ar an toirt beagnach le gach a ndúirt mé a dhearbhú.

In agallamh le Euronews an tseachtain seo caite, dúirt an Taoiseach gur chóir don Aontas Eorpach dul i ngleic leis an “mí-úsáid atá á baint ag an Ungáir as ceart crosta”.

Bhi sé ag tagairt don chaoi a bhfuil an Ungáir ag cur bac go rialta ar chúnamh don Úcráin sa gcogadh leis an Rúis, agus dúirt nach cóir don AE glacadh leis sin sa todhchaí.

Anois tá Victor Orban, príomh-aire na hUngáire, i ndiaidh a rá go gcuirfidh sé bac ar aontachas na hÚcráine leis an AE, cros a chuirfidh deireadh le huaillmhian na tíre sin cumarsáid níos dlúithe a dhéanamh leis an Iarthar i gcoitinne, agus lena lucht tacaíochta san Aontas Eorpach.

Chuir an ráiteas sin le fearg an Choimisiúin Eorpaigh i gcoinne na hUngáire, agus léim Micheál Martin isteach sa scéal le tabhairt faoi Orban.

Fiafraíodh de Martin céard é a ba chóir don Aontas a dhéanamh, agus dúirt sé go bhfuil bealaí ann le míshástacht a chur in iúl. Thagair sé ach go háirithe d’Alt 7 de Bhunchonradh an Aontais Eorpaigh a leagann síos bealach le ceart ballstáit a bhaint de.

Mar a tharlaíonn tá an chumhacht sin ann, ach caithfidh gach ballstát eile aontú leis.

Agus más scéal na hÚcráine an scéal atá ag cur fearg ar an gCoimisiún, níl an Ungáir leis féin, mar tá príomh-aire na Slóvaice, Robert Fico, ar aon tuairim le Orban ina thaobh sin.

Baothchaint, mar sin, ag deireadh thiar.

Ach léirigh an t-agallamh an meon atá ag Martin, meon, mo léan, atá coiteann san Aontas Eorpach anois. Sé sin, mura n-aontaíonn tú leis an líne atá ag teacht ón gCoimisiún, déanfar iarracht pionós de chineál éigin a chur ort.

Mar shampla, ag tús na míosa seo d’fhreastail Fico na Slóvaice agus Alexandr Vucic na Seirbia ar an 80ú comóradh de bhua an Aontais Shóivéadaigh ar an nGearmáin. D’eisigh Kaja Kallas, Príomhionadaí Gnóthaí Eachtracha agus Polasaí Sábháilteachta de chuid an Aontais, foláireamh don bheirt go mbeadh siad thíos leis dá rachaidís go Moscó.

Ní bheadh a fhios againn, ach tá sé dleathach freastal ar ócáidí den chineál seo, tá sé dleathach gan aontú leis na gCoimisiún faoi chogadh na hÚcráine, is tá sé dleathach gan a bheith ar son na hÚcráine a ligean isteach san Aontas.

Ach labhair idir Kallas agus anois Martin sa gcaoi gur chreid siad nach bhfuil sé sin dleathach is gur chóir mar sin pionós a ghearradh ar éinne a bhriseann an “dlí” sin.

Thug Orban freagra ar an Taoiseach.

“Dar linne, muintr na hÚngáire, cosantóirí na saoirse agus an neamhspléachais náisiúnta a bhí i dtírghráthóirí na hÉireann. Dúinne, is siombail í Éire den tsaoirse agus den fhlaitheas. Is ar an gcúis sin gur údar iontais dúinn aon uair a fheicimid tírghráthóir as Éirinn ag seasamh ar thaobh na himpireachta seachas ar son an fhlaithis náisiúnta.”

“Ná mill an scéal grá sin idir tírgháthóirí na hÉireann agus tírghráthóirí na hUngáire, le do thoil.

Tháinig an Taoiseach ar ais, ag rá nach mbeadh an tAontas in ann feidhmiú dá mbainfí leas mí-oiriúnach as an gceart crosta – freagra, ar ndóigh, a dhein neamhaird de cheannas gach ballstát agus a gceart an cros a úsáid má cheapann siad go mbíonn leas an bhallstáit i mbaol.

Luaigh an Taoiseach saoirse cainte mar luach de chuid an Aontais agus é, ag an am céanna, ag iarraidh stop a chur le saoirse cainte na hUngáire.

Is léir nach bhfeiceann an Taoiseach an chodarsnacht idir a cháineadh faoin gcaint ghránna a bhíonn ar na meáin shóisialta, é ag gearán go bhfuil daoine áirithe ag tabhairt le fios nach ceart aon tuairim ach a dtuairim féin a bheith ceadaithe go poiblí, agus a ráiteas féin nach bhfuil an ceart ag an Ungáir tuairim dhifriúil óna thuairim féin, nó ó thuairim an Choimisiúin, a bheith ag an tír sin.

Cinnte, tá an ceart aige argóint a dhéanamh i gcoinne dhearcadh na hUngáire, ach má tá ceannas ar bith ag aon bhallstát san Aontas tá an ceart acu gan aontú leis.

Fág freagra ar 'Tá saoirse cainte ag ballstáit an Aontais Eorpaigh chomh fada is go gcloítear leis an líne oifigiúil'