Tá púca an ‘populism’ an-áisiúil do lucht cosanta an status quo

Má thugann páirtí ar bith dúshlán an nualiobrálachais, is féidir beag is fiú a dhéanamh díobh trí ‘pobalachas’ a chur ina leith

Tá púca an ‘populism’ an-áisiúil do lucht cosanta an status quo

Tá taibhse ag taithí dhomhan na hiriseoireachta is na polaitíochta!

Ach ní hí an taibhse chéanna í ar thagair Karl Marx dó i 1848, taibhse an chumannachais. Taibhse nua-aimseartha í seo: sea, taibhse an Phobalachais, nó Populism.

Is ar éigean gur féidir alt faoi chúrsaí reatha a léamh na laethanta seo gan teacht ar an bhfocal pobalachas, nó ‘populism’. Céard é féin? Níl a fhios againn ach amháin gur drochrud é agus gur naimhde don tsibhialtacht na daoine a chleachtann é!

D’admhaigh iar-ambasadóir na hÉireann go dtí an Bhreatain, Bobby McDonagh, agus é ag scríobh san Irish Times, go bhfuil sé iontach deacair aon mhíniú a thabhairt ar an bhfocal. Mar sin féin, tuigeann McDonagh (fear nua-aimseartha é gan dabht) a bhfuil i gceist: aon dearcadh polaitiúil a théann i gcoinne an nua-liobrálachais nó na prionsabail a bhaineann leis.

Nuair a thit an cumannachas san Aontas Sóivéadach, bhí an bealach réidh sa domhan go léir d’infheistíocht agus do dúshaothrú mhórchumhachtaí an airgid: na Stáit Aontaithe is stáit na hEorpa.

Is éard a theastaigh uathu ná nach mbeadh aon srian ar airgead a infheistiú aon áit nó ar bhrabús a bhaint as aon áit: saoirse a thug siad air seo – saoirse gluaiseachta, saoirse airgid, saoirse earraí is saoirse daoine.

Teastaíonn uathu gur treise cumhachtaí an airgid ná cumhachtaí aon stát faoi leith a mbeadh an pobal ann ag iarraidh an scéal a athrú tríd an daonlathas, is é sin trí vótaí na ndaoine.

Tá na prionsabail seo, na ceithre shaoirse mar a thugann siad orthu, scríofa i mBunreacht an Aontais Eorpaigh, i gconarthaí Maastricht, Nice, Liospóin, is thar aon rud, sa Chomhaontú Fioscach.

Baineann na conarthaí seo an chumhacht ó na ballstáit is cuireann siad i lámha na mórchumhachtaí í.

Caithfear a rá gur éirigh go hiontach leis an nua-liobrálachas seo agus le domhandú na heacnamaíochta a bhí mar bhunchloch aige. Is é sin, d’éirigh go hiontach leis más duine saibhir thú.

Bhí brabús as cuimse ar fáil don chéad 1% sa domhan i ngach áit, agus brabús níos teoranta ar fáil don ard-mheánaicme ar fud an domhain – go háirithe sna margaí nua a osclaíodh san Áise agus san Afraic.

Ach aithníonn an McKinsey Global Institute gur fhulaing an íos-mheánaicme agus an aicme oibre go dona sna tíortha ba mhó forbairt.

Ní hamháin gur scriosadh a ngeilleagar, ach scriosadh a dtionchar polaitiúil freisin. Féach ar thuaisceart Shasana agus ar chrios na meirge san Stáit Aontaithe – na ceantair is mó a thug tacaíocht don Bhreatimeacht is do thoghadh Trump – ceantair atá dearóil is buailte go dona.

Bhíodh ceardchumainn láidre acu sin agus ba phobail iad sin a gcaithfeadh polaiteoirí éisteacht leo. Anois tá na ceardchumainn nach mór briste is ní thugann na polaiteoirí aon aird ar na daoine sin.

Ní hé go bhfuil aon fhreagra ag Jacob Rees-Mogg ná Donald Trump ar a gcás ach an oiread, ach mura bhfreastalaíonn an eite chlé ar na daoine sin, agus ní fhreastalaíonn, rachaidh siad áit éigin eile. Ní haon chúnamh iad Tony Blair ná Hilary Clinton ach an oiread.

Go bunúsach, ní oireann an chomhthuiscint chompordach seo idir na páirtithe coimeádacha agus na páirtithe sóisialta daonlathacha don phobal a thuilleadh. Agus dá bharr sin tá titim mhór ar fud na hEorpa ar an leibhéal tacaíochta ag na páirtithe sóisialta daonlathacha.

Ach in ionad dul i ngleic leis an míshuaimhneas seo agus déileáil leis na hargóintí, tá sé níos éasca acu ‘lipéad’ an phobalachais a tharraingt chucu féin agus neamhaird a thabhairt ar an dúshlán.

Agus sin é atá i gceist le Pobalachas. Má thugann páirtí ar bith dúshlán don chomhaontú compordach seo de chuid an nua-liobrálachais, is féidir fáil réidh leo trí ‘pobalachas’ a chur ina leith.

Meas tú céard a nascann Donald Trump le Jeremy Corbyn is le Hugo Chavez? Sea, tugtar fir an phobalachais orthu triúr, toisc go bhfuil siad ag cur isteach ar thogra an nua-liobrálachais, ar bhealaí difriúla, ina dtíortha féin agus ar fud an domhain.

Cinnte, tá daoine gránna ar an eite dheis, mar is eol do mhuintir Veiniséala nó do mhuintir na Palaistíne i gcás Donald Trump. Ach an leor sin le hiachall a chur ar an lucht oibre i seancheantair na tionsclaíochta, san Eoraip nó i dtuaisceart Mheiriceá, seasamh le dream eile nach dtugann aon údar dóchais ar chor ar bith dóibh maidir leis an todhchaí?

B’fhéidir gurbh fhearr dúinn díospóireacht bhéasach a bheith againn faoi na hábhair seo in ionad maslaí a chaitheamh thart agus ‘lipéid’ a chur ar dhaoine nach dteastaíonn uainn aon rud a phlé leo.

Mar ag deireadh thiar, ní de bharr caimiléireacht na Rúise nó iompar diamhair na Síne atá daoine míshásta. Is amhlaidh go bhfuil siad míshásta toisc nach mbíonn an córas ag freastal orthu agus toisc nach dtugann sé aon chumhacht dóibh.

Ní haon ionadh go bhfeiceann siad gurbh fhearr dóibh cumhacht éigin a fháil ar ais ina stáit féin. Sin daonlathas an phobail.

Mar tá an oiread cineál pobalachais ann is atá pobail.

Fág freagra ar 'Tá púca an ‘populism’ an-áisiúil do lucht cosanta an status quo'

  • Traolach Ó Sioradáin

    Tá an ceart ar fad agat san alt so.
    Nár laga Dia thú

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Nuair a thit an cumannachas san Aontas Sóivéadach, bhí an bealach réidh sa domhan go léir d’infheistíocht agus do dúshaothrú mhórchumhachtaí an airgid: na Stáit Aontaithe is stáit na hEorpa.”

    Nuair a thit an Aontas Sóivéadach as a chéile tháinig an rud uafásach seo i réim ina áit ar a thugtar SAOIRSE!

  • Eoin Ó Murchú

    SAOIRSE, a Dhonncha? Saoirse an duine a theach cónaí a chailliúint le go ndéanfadh bainc is creach-chistí brabús? Saoirse an iar-oibrí sa gcrios meirge fanacht dearóil toisc gur féidir le lucht an rachmais níos mó brabúis a dhéanamh thar lear? Saoirse lead óg ón tuaith dul ar eisimirce?
    Saooirse daoine bheith ciúin gan todhchaí soisiualta nó eacnamuil? Cén saoirse atá i gceist agat, a Dhonncha?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An SAOIRSE a baineadh amach sa Rúis agus sna tíortha a bhí faoi smacht na Rúise nuair a thit an córas sóibhéadach as a chéile. Tá mé ag ceapadh go dtuigeann tú na saoirsí atá i gceist agam. Na saoirsí a bhfuil cleachtadh againne orainn san áit uafásach sin ar a thugtar an Aontas Eorpach. Tusa Eoin, tá sé admhaithe agat go bhfuil tú ag iarraidh go dtitfidh an AE as a chéile, mar atá cuid mhaith de iarthacadóirí leis an Aontas Sóibhéadach ach tú ag éagaoin ag an am céanna gur thit an cumannachas san Aontas Sóibhéadach.

    Dá olc an saol faoin ‘liobrálachas’ an AE do go leor leor daoine – agus níl aon dabht faoi ach go gcaithfear cearta daoine chun tithíochta, sláinta agus oideachais a fheabhsú – ní féidir a rá go smacht docht ar shaoirse daoine fáil ar oideachas, ar theach, ar charr, ar chlóscríobhán, ar thaisteal thar lear. B’shin mar a bhí faoin gcóras smachta a bhí i bhfeidhm sa USSR. Gach rud mórán ag braith ar cé mar a sheas tú leis an bpáirtí mór amháin a bhí ceadaithe ag an stát. An cás céanna sna tíortha a bhí faoi smacht ag rialtais puipéide de chuid an USSR, a thug páirtithe cumannacha orthu féin, ach a bhí chomh fada ó bhun bhrí an chumannachais is a fhéadfá bheith.