Tá paraimíleataigh dhílseacha ag diúltú don choiriúlacht –arís…

Beidh le feiceáil an ndéanfaidh an UDA, UVF agus RHC beart de réir a mbriathar

Tá paraimíleataigh dhílseacha ag diúltú don choiriúlacht –arís…

‘Tugaimid lántacaíocht do riail an dlí agus cáinimid as éadan gach cineál coiriúlachta’. Na paraimíleataigh Dhílseacha, an UDA, UVF agus Red Hand Commando a dúirt Dé Luain ag ócáid phoiblí i mBéal Feirste i dtaca le comóradh fiche bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Más maith is mithid.

Ba é seo an chéad chomhráiteas ó na trí eagraíocht pharaimíleata ó d’fhógair siad sos cogaidh i 1994,  sos a sáraíodh go mion minic idir an dá linn.

Má bhí daoine ag dréim le fógra go rabhthas chun na grúpaí paraimíleata a scor, bhí thiar orthu. Bhí comhráite ar siúl ag ceannairí na bparaimíleatach le triúr iarcheannairí ar eaglaisí Protastúnacha le roinnt míonna anuas. Maítear nach raibh siad in ann a theacht ar réiteach go scorfaí na heagraíochtaí ach bhíodar go léir aontaithe gur theastaigh uathu coiriúlacht a chur ó dhoras. Ba shárú ar phrionsabail dhílseacha leas a bhaint as ainmneacha na n-eagraíochtaí paraimíleata mar ‘údarás’ do choiriúlacht, a dúradh, agus ní ghlacfaí mar bhall le héinne a bheadh i mbun coiriúlachta.

Níor mhian leo déileáil leis an bparadacsa gur eagraíochtaí toirmiscthe iad agus dá bhrí sin, gur sárú ar an dlí iad a bheith ann. Dúirt urlabhraithe gur ghá na heagraíochtaí a choinneáil chun an obair dhearfach a bhí á fógairt acu a chur i gcrích.

Sceith bhéil iad na paraimíleataigh dhílseacha as sracadh airgid, mangaireacht drugaí, striapachas, cambhrú cosanta agus ionsaithe pionóis. Nuair a seoladh an cháipéis nua dar teideal A Loyalist Declaration of Transformation bhí na hiarcheannairí eaglasta i láthair i bhfochair na bparaimíleatach. Fir iad an triúr a bhfuil iontaoibh ag daoine astu, iarArdeaspag Ard Mhacha, Alan Harper ó Eaglais na hÉireann, Norman Hamilton iarMhodhnóir na bPreispitéireach agus Harold Good, iarUachtarán na Modhach a bhí ina fhinné neamhspleách ar dhíchoimisiúnú an IRA in 2005.

Dúirt an tUrramach Good ag an nuachtócáid nach mbeadh na heaglaisigh i láthair mura mbeidís deimhin de go raibh na paraimíleataigh ionraic agus i ndáiríre faoin bplean. Céim mhór ab ea í sna hiarrachtaí chun an tsochaí a athrú, dar leis. Gheall na paraimíleataigh gurb é a rún ról tairbheach a imirt feasta agus ceannaireacht dhearfach a thabhairt don phobal.

Gheall siad arís go raibh siad tiomanta do phróiseas na síochána. Mhaígh siad nárbh fhéidir Comhaontú Aoine an Chéasta a dhéanamh dá n-éagmais ach gur deineadh faillí orthu ó shin.

Bhí an port céanna acu faoin bhfaillí a rinneadh iontu ó 1998 nuair a d’fhógair siad in 2015 go raibh siad ag tabhairt droim láimhe le coiriúlacht agus paraimíleatachas. Ag an am sin ba é an mhórphearsa a bhí ina bhfochair Jonathan Powell, iarchomhairleoir Tony Blair. Dúirt Powell ansin gur fágadh na dílseoirí sa bhfásach go polaitiúil agus gur deineadh neamhshuim díobh ó thaobh na heacnamaíochta. Faoin am sin bhí os cionn 50 maraithe ag dílseoirí ó d’fhógair siad a sos comhraic agus a lán acu luaite le coiriúlacht, mar atá i gcónaí.

D’fháiltigh Príomh-Chonstábla an PSNI, George Hamilton roimh an dearcadh a nochtadh i ráiteas an Luain ach mheabhraigh sé don bpobal gur chualathas na briathra céanna i 1994. Thagair sé do dhuine a bhí láthair ag an ócáid ar an Luan agus atá i gceannas ar thogra a fhaigheann maoiniú ó Stormont ach atá á fhiosrú faoi choiriúlacht an UDA san Dún Thuaidh.

Chonacthas don Phríomh-Chonstábla gur mhór an chodarsnacht idir comhráiteas na bparaimíleatach agus eachtraí sa Dún Thuaidh mar a ndearna an UDA agóid – taispeántas nirt – an tseachtain seo caite toisc gur chuardaigh póilíní teach an fhir sin. Ina theannta sin eisíodh bagairt thar ceann an UDA sa cheantar sin in aghaidh iriseora. Gheall Hamilton nach staonfadh an PSNI óna chuid fiosruithe faoi choiriúlacht na bparaimíleatach.

Seacht mí ó shin cuireadh dlús le saothar tascfhórsa nua a bunaíodh chun a dhul i ngleic le coiriúlacht na bparaimíleatach. Tá oifigigh ón PSNI, Seirbhís Chustaim na Ríochta Aontaithe agus an Áisíneacht Náisiúnta Frithchoiriúlachta ar an tascfhórsa sin. Tá os cionn dhá scór cúisithe faoin tráth seo agus drugaí, tobac agus airgead urghafa. Ina theannta sin táthar ag súil le tuairisc ón gCoimisiún Neamhspleách um Thuairisciú ar Pharaimíleataigh i mí an Mheithimh.

Ba cheart go dtabharfadh obair an dá bhuíon sin léargas dúinn an bhfuil beart de réir a mbriathar á dhéanamh ag an UDA, UVF agus RHC nó an bréagmhaidneachan eile é an fógra is deireanaí seo.

Fág freagra ar 'Tá paraimíleataigh dhílseacha ag diúltú don choiriúlacht –arís…'