‘Tá páistí óga aici – d’fhéadfadh gurbh iad mo nianna iad’ – leithscéal gafa ag an Taoiseach le mná CervicalCheck

Fógraíodh bearta éagsúla chun cuidiú leis na daoine atá buailte ag an scannal CervicalCheck tráthnóna agus dúirt an Taoiseach nach raibh aon fhocail aige a thabharfadh sólás do Emma Mhic Mhathúna

‘Tá páistí óga aici – d’fhéadfadh gurbh iad mo nianna iad’ – leithscéal gafa ag an Taoiseach le mná CervicalCheck

Tá a leithscéal gafa arís ag an Taoiseach Leo Varadkar leis na mná atá buailte ag an scannal tástálacha ailse.

Nuair a fiafraíodh den Taoiseach tráthnóna ar mhaith leis aon ní a rá le Emma Mhic Mhathúna, duine de na mná ar tugadh torthaí míchruinne ar thástáil cheirbheacsach dóibh, dúirt sé nach raibh “aon fhocail” aige féin ná ag aon duine eile a thabharfadh sólás di.

Fuair Emma Mhic Mhathúna, a bhfuil cúigear clainne uirthi, drochscéala an tseachtain seo go bhfuil an ailse atá uirthi scaipthe ar fud a coirp cé gur tugadh le fios di in 2013 nach raibh aon rian den ailse uirthi. Tá cás na mná, a mhaireann i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne, go mór i mbéal an phobail ó cuireadh faoi agallamh ar dtús í ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag labhairt di le Helen Ní Shé ar an gclár céanna tráthnóna, labhair Emma, 37, a bhfuil cúigear clainne uirthi, faoin drochscéala a fuair sí inné go raibh an ailse atá uirthi scaipthe ar fud a coirp.

Dúirt an Taoiseach gur ghoill scéal Emma Mhic Mhathúna go mór air. “Tá sí 37 bliain d’aois, thart ar m’aois féin, d’fhéadfadh sí a bheith ina deirfiúr nó ina cara agam.

“Tá páistí óga aici – d’fhéadfadh gurbh iad mo nianna iad. Tá mé ag dul go dtí céad chomaoineach mo nia amárach. Nuair fheicim iad feicim na páistí eile sin chomh maith,” a dúirt an Taoiseach.

Bhí an Taoiseach ag caint ag preasócáid tráthnóna ag ar fógraíodh bearta éagsúla chun cuidiú leis na daoine atá buailte ag an scannal CervicalCheck.

I measc na mbeart sin, cuirfear cárta leighis ar fáil do na mná ar fad, nó dá neasghaolta.

An Rialtas a dhéileálfaidh leis na cásanna eile a bhfuil baint acu leis an gconspóid, agus a íocfaidh as costais leighis, ina measc cóireáil trialach. 

Ina theannta sin, dúradh go mbuailfí le gach teaghlach agus go gcuirfí pacáiste tacaíochta ar fáil dóibh.

D’fhógair an tAire Sláinte Simon Harris go bhfuil an státseirbhíseach i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte John Connaghan ceaptha mar ardstiúrthóir eatramach ar an HSE agus Tony O’Brien éirithe as tráthnóna i bhfianaise na conspóide.

Fág freagra ar '‘Tá páistí óga aici – d’fhéadfadh gurbh iad mo nianna iad’ – leithscéal gafa ag an Taoiseach le mná CervicalCheck'