Tá ospidéil an Tuaiscirt i mbaol a bplúchta, ach cé air atá an locht?

Tá sé ina imní sa Tuaisceart go mbeidh an tríú ráig den víreas Covid-19 ann sula mbeidh an dara ráig curtha dínn againn

Tá ospidéil an Tuaiscirt i mbaol a bplúchta, ach cé air atá an locht?

Aire Sláinte Thuaisceart Éireann, Robin Swann. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Scaoileadh srianta Covid-19 i dTuaisceart Éireann maidin Dé hAoine seo caite. Thug an tAire Sláinte Robin Swann rabhadh an oíche roimh ré go mbainfeadh an víreas éiric na hoscailte asainn i ndiaidh na Nollag. Faoi mhaidin Dé Luain bhí lucht leighis ag caint ar shrianta nua a bheith riachtanach roimh an Nollaig. An tráthnóna sin d’eisigh na hIontaobhais Sláinte foláireamh gur ghearr go mbeadh an brú ar na hospidéil dofhulaingthe.

Údar mór imní ab ea é go raibh líon na ndaoine a raibh Covid-19 orthu ar an Aoine méadaithe ón uair a cuireadh an ‘briseadh ciorcaid’ i bhfeidhm coicís roimhe sin ar 27 Samhain. Tuairiscíodh go raibh an aicíd ar 184 duine sa bhreis ar an méid a bhí dearbhaithe an lá ar cuireadh tús leis an dreas srianta sin agus bhí 98 básaithe le Covid-19 le seachtain.

Ba chosúil gur ag dul in olcas a bhí an scéal agus bhí faitíos mór ar shaineolaithe faoi mhí Eanáir. Bhí leide tugtha ag Stormont go bhfógrófaí go luath go bhféadfadh trí líon tí teacht le chéile i gcaitheamh 5 lá faoi Nollaig. Conas is féidir leo cloí leis an bplean sin?

Dúirt ceardchumann na n-oibrithe sláinte nach raibh ach 34 leaba ar fáil as iomlán na n-ospidéal abhus luath ar an Luan agus baol ann gur ghearr eile a bheadh an líon sin féin ar fáil.

‘Dúisígí’, a dúirt siad le Feidhmeannas Stormont. Níorbh iad na ceardchumainn amháin a cháin an Feidhmeannas faoin drogall a bhí orthu srianta diana a chur i bhfeidhm in am, agus faoi chosc an DUP, ar chéimeanna riachtanacha.

‘Meata’ an lipéad a chuir roinnt ar an bhFeidhmeannas ach cheistigh polaiteoirí áirithe iompar an phobail sna laethanta ó scaoileadh na srianta.

Bhain pictiúir de scuaine míle ar fhad ag siopa croitheadh as daoine.

Ina gcomhráiteas, dúirt Príomhfheidhmeannaigh na nIontaobhas Sláinte go raibh cúig cinn de na hospidéil mhóra pacáilte thar a gcumas. Tá sé iontaobhas freagrach as riaradh na n-ospidéal. Ba iad na cinn a bhí thar a gcumas cheana féin, an Mater agus Ospidéal Uladh i mBéal Feirste, an Causeway i gCúil Raithin, ospidéal Aontroma agus ospidéal an iardheiscirt in Inis Ceithleann.

Nuair a chuirtear san áireamh go raibh ganntanas foirne sa tseirbhís sláinte roimh an bpaindéim agus go bhfuil líon mór oibrithe tinn nó as láthair mar go bhfuil siad ag aonrú, is furasta foláireamh na nIontaobhas a thuiscint. Meastar freisin go raibh beannacht na Roinne Sláinte ag an ráiteas sin ó na Príomhfheidhmeannaigh. A thuilleadh fianaise nach ionann leagan amach na Roinne agus an Fheidhmeannais?

Cé a chuirfeadh locht ar an bpobal má tá mearbhall orthu. Údar dóchais é go mbeidh an vacsaín le fáil ag daoine an bhliain seo chugainn. Tá sí faighte ag líon an-bheag daoine ach tógfaidh sé tamall maith sula mbeidh fáil uirthi go forleathan. Bhí scéalta faoin vacsaín an-dearfach agus seans gur chothaigh sé sin misneach mar a rinne cinneadh Stormont. Scaoileadh na srianta agus tugadh ugach do dhaoine tabhairt faoin tsiopadóireacht ‘ar mhaithe leis an ngeilleagar’.

Ach cháin ionadaí ón DUP daoine faoina bheith amuigh ina sluaite ag siopadóireacht. Ní mór don phobal freagracht phearsanta a ghlacadh, ar sé. Is fíor sin ar ndóigh ach ní éileamh as miosúr é ar Stormont a chinntiú nach bhfuil a gcuid teachtaireachtaí ag teacht salach ar a chéile.

D’achainigh na hIontaobhais Sláinte ar dhaoine a bheith ríchúramach, na treoracha a leanúint maidir le lámha a ní, mascanna a chaitheamh agus fanacht amach ó dhaoine le linn na féile. Dúirt a n-ionadaí go raibh siad imníoch faoin tríú ráig den víreas Covid-19 sa mbliain nua sula mbeadh an dara ráig curtha dínn againn.

Bíonn éileamh an-trom ar an tseirbhís sláinte mí Eanáir de ghnáth ach má leanann an phaindéim ag treisiú mar a bhí le tamall is baolach nach mbeidh sí in ann ag an gcúram.

Dúirt ionadaí na ndochtúirí, Tom Black ón BMA nár mhór dianghlasáil ceithre seachtaine a chur i bhfeidhm seachas a thuilleadh scaoilte – chun tubaiste sa bhliain úr a sheachaint. Cinneadh misniúil a bheadh ansin ón bhFeidhmeannas – iad ag ceilt na Nollag ar dhaoine ar mhaithe leis an leas coiteann. Chífimid.

Fág freagra ar 'Tá ospidéil an Tuaiscirt i mbaol a bplúchta, ach cé air atá an locht?'