Tá níos mó ná toghchán uachtaránachta i gceist i SAM

Faoi láthair tá an Teach Bán agus an Seanad i seilbh na bPoblachtánach

Tá níos mó ná toghchán uachtaránachta i gceist i SAM

Agus muid ag caitheamh súil siar an Atlantach ar an toghchán a bheidh ansin i dtús na míosa seo chugainn, is beag a bhéarfadh orainn dearmad a dhéanamh go bhfuil níos mó ná toghchán uachtaránachta i gceist. Tá toghcháin na comhdhála ar siúl freisin, rud a d’fhéadfadh athrú ó bhonn a chur ar chruth na polaitíochta sna Stáit Aontaithe.

Faoi láthair tá an Teach Bán agus an Seanad i seilbh na bPoblachtánach. Tá Teach na nIonadaithe i seilbh na nDaonlathach. Ciallaíonn sin gur mó seans go nglacfar le clár oibre na bPoblachtánach, mar go praiticiúil is amhlaidh a oibríonn an Seanad le moill a chur ar Theach na nIonadaithe. Tuigeann muid freisin go bhfuil an tromlach atá ag an bPáirtí Poblachtánach sa Seanad ag déanamh tairbhe do chumhacht an Uachtaráin.

Níl againn ach cuimhneamh siar ar an bpróiseas lena tháinseamh. Ó tharla gur vótáil na Seanadóirí ar fad seachas Mitt Romney lena bpáirtí féin theip ar an triail. Tá an díospóireacht chéanna ar siúl an tseachtain seo faoi dhearbhú cheapadh Amy Coney Barrett ar an gCúirt Uachtarach. Go deimhin, dúirt an Seanadóir Lindsay Graham ina aitheasc ag tús na n-éisteachtaí – go vótálfadh Poblachtánaigh ar a son agus Daonlathaigh ina haghaidh. Ní bheidh aon chomhoibriú ar an ábhar seo.

An easpa comhoibrithe sin a fhágann nach minic a dhéantar mórán dul chun cinn i Meiriceá ar cheisteanna tábhachtacha ar nós cúram sláinte. Ag tús na míosa seo chugainn, beidh an deis ag Daonlathaigh cúrsaí a athrú, sin ar ndóigh má éiríonn leo sa toghchán. Go fiú agus má éiríonn le Joe Biden ní leor sin. Caithfidh siad a bheith ag súil le greim a fháil ar an Seanad. Tá 47 Seanadóir ag na Daonlathaigh faoi láthair, 53 ag na Poblachtánaigh.

Caithfidh na Daonlathaigh ceithre shuíochán breise a thabhairt leo le móramh a fháil. Cúig cinn i ndáiríre mar go nglactar leis go forleathan nach n-éireoidh leo greim a choinneáil ar an suíochán a bhuaigh siad in Alabama anuraidh.

Tá sé ionann is cinnte go mbeidh suíochán breise ag na Daonlathaigh in Arizona áit a bhfuil an spásaire Mark Kelly ag seasamh don pháirtí. Is é Kelly fear céile Gabby Giffords an t-iarbhall Comhdhála a caitheadh in 2011 agus a fágadh gortaithe go dona.

Na stáit eile go bhféadfadh na Daonlathaigh dul chun cinn a dhéanamh iontu? Colorado, Maine agus Carolina Thuaidh. Tá Iowa, Montana, Georgia agus Carolina Thuaidh idir dhá cheann na meá chomh maith. Cén tábhacht a bhaineann leis seo ar fad?

Ciallaíonn smacht ar an Seanad, go háirithe má bhíonn Biden sa Teach Bán, go mbeidh deis ag na Daonlathaigh a gcuid polasaithe a chur i bhfeidhm seachas a bheith ag caint fúthu le linn an fheachtais toghchánaíochta agus iad sáinnithe ag Comhdháil nach gcuideoidh leo nuair a bheidh an toghchán thart. I mbeagán focal – deis a bheadh ann roinnt athruithe atá ina bpolasaithe a chur i gcrích.

Fág freagra ar 'Tá níos mó ná toghchán uachtaránachta i gceist i SAM'

  • Poraic o'hEipicín

    I bhfad uainn an t-olc.