Tá níos mó i gceist leis an nGaeltacht ná paistí beaga daite ar mhapa na hÉireann

Tá ualach na hoibre ar fad maidir le slánú na teanga leagtha ar chosmhuintir na Gaeltachta – más ea bíodh údarás áitiúil daonlathach dá gcuid féin acu

Tá níos mó i gceist leis an nGaeltacht ná paistí beaga daite ar mhapa na hÉireann

Deir Fianna Fáil gur cheart iad a thabhairt thar n-ais. Deir Fine Gael nach bhfuil aon ghnó acu dóibh a thuilleadh, go bhfuil sé níos saoire an tigh a chothú dá gceal, agus gur an-phlean a bhí acu iad a chaitheamh an doras amach.

Tá mam agus daid in earráid lena chéile fúthu, agus an chlann fágtha ar an dtráigh fholamh dá dheasca. Ba dhóigh leat gur radharc éigin ó dhroch-shobaldráma Meiriceánach a bhí á fhaire agat.

Ar thoghcháin Bhord Údarás na Gaeltachta atáim ag trácht. Táthar ag trácht aríst orthu le tamall, agus an dá pháirtí mór ar mhalairt tuairime maidir lena bhfiúntas. Bhí Údarás áitiúil Gaeltachta ar cheann de mhóréilimh Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ón gcéad lá.  Bhí toghcháin go dtí Bord an Údaráis ann ó 1979, nó gur cuireadh deireadh leo in 2012, le linn ré na sceanairte. Táthar ag rá go bhfuil daonlathas á cheilt ar mhuintir na Gaeltachta, in éagmais na dtoghchán áirithe seo.

Is maith ann é Údarás na Gaeltachta, agus an-obair déanta acu ó cheann ceann na Gaeltachta chun an saol a fheabhsú do mhuintir na Gaeltachta. Is beag pobal nó treibh ar fud an domhain go bhfuil a leithéid d’fhoras forbartha acu. Ach b’fhéidir nach fiú a bheith ag trácht ar thoghcháin do Bhord an Údaráis in aon chor, mar ní foras forbartha ar nós Údarás na Gaeltachta a bhí á éileamh ag lucht Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta an chéad lá, ach foras Rialtais áitiúil le cumhachtaí daonlathacha, ar nós na gcomhairlí contae.

Más rud é go raibh lucht na Gluaiseachta in ann údarás áitiúil Gaeltachta a shamhlú leathchéad bliain ó shin, is go rabhadar lánchinnte go bhféadfaí a leithéid a chur ar a bhonnaibh, ba cheart dúinne bheith in ann an rud céanna a éileamh, go háirithe agus áiseanna teicneolaíochta agus bonneagar taistil dulta go mór chun feabhais ó shin (seachas an N59. Agus an N22. Agus an N86. Agus Bealach Chúl na hEaragaile ach ná bac san).

D’fhéadfaí, mar shampla, ceantair bhardasacha a dhéanamh de na ceantair Ghaeltachta éagsúla, agus líon na gcomhairleoirí a bhunú ar an daonra, cruinnithe rialta a bheith ar bhonn áitiúil sna ceantair bhardasacha seo, agus cruinnithe iomlána de Chomhairle na Gaeltachta a bheith ann uair sa mhí, le nasc físe dóibh san nárbh fhéidir leo taisteal.

Tá a leithéid de chomhairlí ag pobail bheaga thar lear, beag beann ar chúinsí tíreolaíochta. Tá Comhairle nan Eilean Siar ar Na h-Eileanan Siar in Albain. Tá Comhairlí le cumhachtaí éagsúla ag náisiúin bhundúchasacha i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe. Níl aon chúis nach féidir a leithéid a bhunú i nGaeltacht na hÉireann.

Tá, agus bhí, lochtanna fadbhunaithe ar na comhairlí contae, go háirithe le linn ré an rachmais nuair a bhain comhairleoirí áirithe aimhleas as na cumhachtaí a bhí acu.

Ach más fíor go bhfuil níos mó i gceist leis na ceantair Ghaeltachta ná paistí beaga daite ar mhapaí na hÉireann, b’fhiú bonn daonlathach a chur fén nGaeltacht.

Deirtear coitianta gurb é an tslí is éifeachtaí chun an bonn a bhaint de ghluaiseacht agóide agus é a choilleadh ná a thabhairt le fios do lucht na gluaiseachta sin go bhfuil pé móréileamh atá acu géillte dóibh. Sin a deineadh le dhá cheann de mhóréilimh Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta; bhí stáisiún raidió ina dteanga féin uathu, rud a fuaireadar; ach bhí sé fé smacht RTÉ, rud go rabhadar glan ina choinne. Fuaireadar Údarás, le baill tofa ag an bpobal, ach arís ní an múnla a bhí á éileamh ag lucht na Gluaiseachta a bhí ann. Fochomhlacht stáit a bhí ann, le béim ar fhorbairt thionsclaíoch, seachas údarás daonlathach áitiúil.

Facthas le déanaí seo go bhfuil sé mar mhórghné de phlean athraithe aeráide an Rialtais seo ualach den fhreagracht a bhualadh ar an bpobal féin. Sa tslí chéanna, buaileadh an phleanáil teanga sa mhullach ar na pobail Ghaeltachta. Má chreideann an Rialtas go bhfuil pobal na Gaeltachta freagrach a ndóthain, agus tagtha in inmhe a ndóthain, chun ról chomh tábhachtach san a bheith acu i dtodhchaí na Gaeltachta, cén fáth nach féidir foras daonlathach a thabhairt dóibh? B’fhéidir gurb amhlaidh go gceapann piardaí móra na cumhachta nach ann don nGaeltacht in aon chor, nó gur rud sealadach atá ann nó go bhfaighfear réidh leis an gcuid is mó di in athbhreithniú éigin ar theorainneacha na Gaeltachta amach anseo.

Mura bhfuil sa Ghaeltacht ach ‘fís’, nó ruidín suarach sealadach, ní fiú dóibh aon allas a shileadh le rud ar nós foras daonlathach.

An t-ualach oibre ar fad ar an gcosmhuintir, ach gan aon ghuth daonlathach dá gcuid féin acu. Sin rud an-ait i bpoblacht.

Fág freagra ar 'Tá níos mó i gceist leis an nGaeltacht ná paistí beaga daite ar mhapa na hÉireann'

  • Béarla Teanga an Stáit

    Níl muintir na Gaeltachta ina n-aonar agus iad ag iarraidh an teanga náisiúnta a choimeád beo. Tá Éireannaigh eile atá ag iarraidh cuid de “ualach” na Gaeilge a thógaint urthu fhéin freisin.
    Sna 26 condae tá na polaiteoirí as tiún le mianta go leor leor den phobail maidir le dul chun cinn na Gaeilge. Níl ach 5% de pháistí bunscoile na 26 condae ag freastal ar Ghaelscoil in ainneoin go bhfuil 25% de thuismitheoirí ag iarraidh a bpáistí a sheoladh chuig Gaelscoil dá mbeadh ceann ar fáil sa chomharsanacht. Cuireann an Roinn Oideachais gach aon bhac roimh bhunú Gaelscoileanna nua.

  • Eoin Ó Riain

    Tá an ceart ag an scríobhnóir nuair a deireann sé nach “foras forbartha ar nós Údarás na Gaeltachta a bhí á éileamh ag lucht Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta an chéad lá, ach foras Rialtais áitiúil le cumhachtaí daonlathacha, ar nós na gcomhairlí contae.”

    Bhí píosa san Sunday Times (23/6/2019) ag gearán faoin méid airgead a bhí á caitheamh ag an Rialtas ar foirgnimh le haghaidh oifigí ina measc Foras na Gaeilge. Nár ceart an oifig sin a bheith sa Ghaeltacht a dúradh san alt úd.

    Chuir sé sin agus an alt seo píosa a scríodh i 1969 i gcuimhne dom. Ní mór dúinn ceannas (bhfuil sé ró chrua ‘greim scornaí’ a thabhairt air?) Bhaile Átha Cliath a bhriseadh, ní hamháin i leith na Gaeltachta ag i leith chuile áit eile sa tír. An ‘tarraingt siar mar ghníomh réabhlóideach’ a tugadh air ag scriobhnóirí ag aimsir GCSnaG.

    Nach fiú scríbhinní an ama sin a athléamh?
    (http://gaeltacht21.blogspot.com/p/thosaigh-iarchonnacht.html)

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Tá an ceart ag Daithí, dar liom féin. Ach is baol go mbeadh an iomarca cumhacht ag lucht na Gaeltachta seo a bhfuilim féin ag cur fúm inti–Gaeltacht Chathair na Gaillimhe–atá níos Gallda ná Contae Chill Mhantáin féin