‘Tá mo chnaipe núicléach níos mó ná do cheannsa’ agus scéalta eile

Is beag ábhar dóchais a bhí ann ó thaobh cúrsaí idirnáisiúnta in 2018, bliain chorrach amach is amach

‘Tá mo chnaipe núicléach níos mó ná do cheannsa’ agus scéalta eile

Bhí bliain sách corrach agam féin i mbliana, ach tar éis dom súil siar a chaitheamh ar chúrsaí reatha na cruinne, mar a dhéanaim gach bliain do Tuairisc.ie, rith sé liom go raibh bliain i bhfad níos corraí ag go leor daoine ná mar a bhí agam féin. Ar a laghad, níor bádh mé i súnámaí, ní bhfuair mé bás i sléacht gunna i meánscoil éigin, agus ní dhearnadh iarracht mé a nimhiú leis an oibreán néaróige novichok.

Bhí nimhiú Sergei Skripal agus a iníon Yulia, a tharla i mí an Mhárta, ar cheann de mhórchuid eachtraí a tharla i mbliana a chothaigh drochphoiblíocht don Rúis go hidirnáisiúnta. Níor chuir an scéal as a dhath do Vladimir Putin ag baile; coicís ghlan tar éis do scéal mhuintir Skripal briseadh atoghadh ina uachtarán é. 

Sa samhradh, rinne an Rúis iarracht aghaidh níos cairdiúla (ach gan a bheith gealgháireach) a thaispeáint don domhan agus Corn FIFA an Domhain ar siúl sa tír; ag an bhFrainc a bhí an bua. Ach pé deathoil idirnáisiúnta a cothaíodh le linn an chomórtais sin, tharraing an Rúis amhras uirthi féin arís i mí na Samhna nuair a rinne an tír ionradh armtha ar thrí longa cogaidh de chuid na hÚcráine i gcaolas Ceirts.

‘Tá mo chnaipe núicléach níos mó ná do cheannsa,’ a bhagair Donald Trump ar Kim Jong Un i dtús mhí Eanáir. Níor bhris an Tríú Cogadh Domhanda amach, áfach, agus i mí an Mheithimh, chas ceannairí na Stát Aontaithe agus na Cóiré Thuaidh le chéile den chéad uair riamh. 

Is beag lá a chuaigh thart i mbliana, dáiríre, nach raibh uachtarán na Stát Aontaithe sa nuacht ar chúis éigin – agus ní deaphoiblíocht a bhí ann den chuid is mó. Chuir an chaoi ar láimhseáil sé scéal na n-ionsaithe gunnaí  a tharla i meánscoileanna éagsúla sna Stáit alltacht ar go leor, mar aon leis an gcaoi ar láimhseáil sé scéal dhúnmharú iriseoir The Washington Post, Jamal Khashoggi. 

Ach sa deireadh ba bheag an dochar a rinne na scéalta sin ar fad don Trumpach sa toghchán lár téarma  i mí na Samhna. Is fíor gur bhain an Páirtí Daonlathach móramh amach i dTeach na nIonadaithe, ach mhéadaigh móramh an Pháirtí Phoblachtánaigh sa Seanad. Is beag seans anois go n-éireoidh le haon iarracht a dhéanfaí amach anseo an t-uachtarán a tháinseamh.

Agus anois, tá leathbhádóir ag Trump i Meiriceá Theas. Baineadh creathadh as an domhan nuair a toghadh an pobalóir fíorchoimeádach, ciníoch, homafóbach, frithbhanda agus gunna-ghrách Jair Bolsonaro ina uachtarán ar an mBrasaíl. 

Lean an cogadh sa tSiria ar aghaidh. San Aibreán, rinne na Stáit Aontaithe, an Fhrainc agus an Bhreatain ionsaithe diúracáin ar ionaid de chuid rialtas na Siria i ndiaidh d’arm Bashar al-Assad úsáid a bhaint as airm cheimiceacha in ionsaí ar an gcathair Douma, a bhí i lámha reibiliúnach. Tá na céadta míle tar éis bháis ó thús an chogaidh, agus tá na milliúin ar a dteitheadh.

Ach ní sa Mheánoirthear agus san Afraic amháin atá daoine ag fágáil fhód a ndúchais ar thóir saoil níos fearr, i bhfad ó chogadh agus ó ghorta. Ó atoghadh Nicolás Maduro ina uachtarán ar Veiniséala, tháinig méadú ollmhór ar líon na ndaoine a theith ón tír sin. Meastar go bhfuil os cionn 3 mhilliún teifeach as Veiniséala ag cur fúthu anois sa Cholóim, sa Bhrasaíl agus i dtíortha eile i Meiriceá Theas. Ní hionann agus teifigh a thug aghaidh ar an Eoraip, cuireadh fáilte rompu go dtí seo – ach tá sé sin ag athrú. 

Bhain Éire na ceannlínte idirnáisiúnta amach nuair a thug vótóirí na tíre seo cead don rialtas reachtaíocht a dhréachtú a cheadóidh ginmhilleadh i gcásanna áirithe. Bhí bua dá gcuid féin ag mná na hAraibe Sádaí: tugadh cead dóibh carr a thiomáint.

San India, bhí cúis cheiliúrtha ag an bpobal LADT: níl an grá idir bheirt den inscne chéanna in aghaidh an dlí sa tír sin a thuilleadh.

Phós an Prionsa Harry agus Meghan Markle. Fuair Sean-George Bush bás. Chuir eagraíocht armtha mhídhleathach na mBascach, ETA, deireadh léi féin go hoifigiúil. 

Chuaigh foireann shóisearach sacair i bhfostú in uaimh sa Téalainn agus rinne fear Tesla, Elon Musk, asal de féin nuair a chuir sé i leith duine de na tumadóirí a ghlac páirt sna hiarrachtaí tarrthála gur mí-úsáideoir páistí a bhí ann. 

Dála Elon Musk, bhí drochbhliain amach is amach ag Mark Zuckerberg. Ach oiread le Tesla, tháinig titim ollmhór ar luach scaireanna Facebook i mbliana. Tá an gréasán sóisialta sin, atá céasta ag scannail agus nuacht bhréige, á fhágáil ag na sluaite.

Chuaigh Iarsmalann Náisiúnta na Brasaíle trí thine, maraíodh 2,256 duine nuair a bhuail crith talún agus súnámaí oileán Sulawesi san Indinéis, dúirt eolaí as an tSín gur chuir sé beirt chailíní ghéinathraithe ar an saol, thuirling an taiscéalaí spáis InSight ar Mhars, agus tharraing léirsitheoirí na seaicéad buí achrann i bPáras.

Bhuail tonn teasa agus triomach an Eoraip, scriosadh cuid mhór d’fhoraoiseacha California agus na Sualainne i dtinte sléibhe, agus tá oighear an Artaigh agus an Antartaigh ag leá ar luas lasrach. Táthar ann fós a shéanann go bhfuil an aeráid ag athrú, agus faraor géar tá cuid acu sin i gceannas ar thíortha agus ar chomhlachtaí móra. 

Ach bhí Greta Thunberg dubh dóite díobh. Chuaigh Greta, atá 15 bliana d’aois, ar stailc ón scoil, chaith sí trí seachtaine ina suí taobh amuigh de pharlaimint na Sualainne. Níl stop léi ó shin. Ag comhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe i gcathair Katowice sa Pholainn, ag tús na míosa seo, thug sí dúshlán cheannairí an domhain. 

Greta, a chara, thug tú dóchas dom i mbliana agus is agatsa a fhágfaidh mé an focal scoir:

Fág freagra ar '‘Tá mo chnaipe núicléach níos mó ná do cheannsa’ agus scéalta eile'