‘Tá mé ag súil le mo theastas breithe a fháil i nGaeilge – ní raibh sé ceadaithe nuair a rugadh mé’

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2023 le Cliodhna Ní Mhianáin, mac léínn agus urlabhraí de chuid An Dream Dearg

‘Tá mé ag súil le mo theastas breithe a fháil i nGaeilge – ní raibh sé ceadaithe nuair a rugadh mé’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2023?

Tá – bheith níos treallúsaí, níos mó deiseanna seanma ceoil a thapú agus gan mo chuid airgid uilig a chaitheamh ar chaife!

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Tionchair na reachtaíochta teanga úire ó thuaidh a fheiceáil ar leibhéal praiticiúil – ar nós bheith ábalta mo chomhfhreagras uilig leis an stát a dhéanamh i mo theanga dhúchais. Rud mór lena bhfuil mé ag súil ná mo theastas breithe a fháil i nGaeilge – ní raibh seo ceadaithe nuair a rugadh mé!

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2023?

 Traenáil réamhshéasúir– níl rud ar bith a chuireann níos mó samhnais orm ná leaindeáil ag an pháirc agus fios agam go bhfuil ritheanna seasmhachta ag fanacht orm.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Teacht an earraigh i nGaillimh… ní raibh ach fearthainn, fearthainn, sioc agus tuilleadh fearthainne inti ó thosaigh mé ar an ollscoil.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2023?

Fuair m’iar-mheánscoil, Gaelcholáiste Dhoire, foirgneamh ceart saindéanta buan den chéad uair ó bunaíodh an scoil, cloch mhíle stairiúil amach is amach. Is ábhar dóchais é seo dom toisc gur thosaigh mé ar an scoil le 13 dalta eile agus 3 sheomra lom ranga, anois tá thart ar 300 sa scoil agus foirgneamh seasta acu… léiríonn sé gur de réir a chéile a thógtar na caisleáin. Is cúis dóchais iad gach uile dhalta a chuaigh agus rachaidh fríd an scoil sin agus a thiocfaidh amach aisti oilte agus líofa.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2023?

Ba mhaith liom Craobh na hÉireann a bhaint amach sa chamógaíocht le Sleacht Néill.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2023, céard a d’athrófá?

An oiread réamhchlaonta atá le sonrú inár sochaí – tá nós ag muintir na hÉireann tuairimí traidisiúnta dochracha a bheith againn gan iad a cheistiú ariamh agus seachnaíonn go leor againn comhthéacsanna ina dtabharfaí dúshlán dár dtuairimí.

Bíonn leisce (b’fhéidir eagla) ar dhaoine dul in éadan an chreidimh choitinn a chruthaíonn agus a chothaíonn timpeallachtaí cosúil le cúlra teaghlaigh, grúpa cairde, pobal, na hinstitiúidí reiligiúnacha, an stát, oideachas agus na meáin. Domsa, go háirithe i dtaca le cúrsaí Gaeilge, cearta LADT+, fíorstair na hÉireann, mná i spórt agus ceist na hinimirce, ba bhreá liom dá ndéanfadh daoine cinnte fúthu in 2023 ar a stuaim agus a dtaighde féin in áit réamhchlaonta atá acu le fada an lá. ‘I ré an eolais, rogha atá san aineolas…’

Fág freagra ar '‘Tá mé ag súil le mo theastas breithe a fháil i nGaeilge – ní raibh sé ceadaithe nuair a rugadh mé’'