Tá go leor oibre déanta le cás a thabhairt in aghaidh Donald Trump, an obair in aisce í?

An mbeidh ainm Donald Trump ar liosta na ndaoine a mbeifear ag iarraidh an dlí a chur orthu faoin méid a tharla ar an 6 Eanáir 2021?

Tá go leor oibre déanta le cás a thabhairt in aghaidh Donald Trump, an obair in aisce í?

Tá sé beagnach dhá bhliain ó tharla an chíréib in Washington DC a chuir alltacht agus sceon ar an saol mór. Tá scagadh á dhéanamh ó shin ag coiste speisialta fiosrúcháin faoin méid a tharla an lá úd agus d’fhógair siad an tseachtain seo go bhfuil siad faoi réir leis an obair a thabhairt chun críche an tseachtain seo chugainn. Níos tábhachtaí fós, tá siad réidh le hainm a chur ar na daoine a thabharfaidh siad chun cúirte mar gheall ar eachtraí an lae. Dé Luain a chaithfear na vótaí faoi na cásanna cúirte agus faoin tuarascáil deiridh ón gcoiste agus foilseofar í ar an gCéadaoin, a dúirt an Cathaoirleach, Bennie Thompson.

Tá práinn anois leis an obair a bhí chomh mall ag tosú. Beidh an Chomhdháil nua, ina mbeidh tromlach, ceann beag ach tromlach mar sin féin, ag baill an Pháirtí Phoblachtánaigh ó thús na bliana nua nuair a ghlacfaidh na comhaltaí nua ar éirigh leo sna toghcháin lár téarma lena gcuid suíochán. Tá roinnt mhaith acu sin a mbeadh dáimh acu le Donald Trump chomh maith le bheith ina mbaill den Pháirtí Poblachtánach agus níl amhras ar bith faoin spéir ach go gcuirfidís lom láithreach in aghaidh aon chaint ar an dlí a chur ar aon duine as an bpáirtí nó as rialtas Donald Trump.

Tá sé deacair ag an gcóras i Meiriceá méar a shíneadh go díreach ar Donald Trump agus a chuid foirne – a dhlíodóir pearsanta Rudi Giuliani ina measc – faoi eachtraí an lae sin a ghríosú. Tá 964 duine tugtha os comhair cúirte faoi choireanna eile a tharla ar an lá úd agus tá os cionn 400 acu ciontaithe.

D’fhéadfaí a rá nach bhfuil ansin ach sop in áit na scuaibe agus gurb é atá ag teastáil anois duine éigin a bhí gníomhach sa ngluaiseacht a bhunaigh agus a chothaigh lucht tacaíochta Donald Trump agus an fear é féin.

Bhí sé soiléir ó bunaíodh an coiste speisialta nach mbeadh sé éasca a gcuid oibre a chur i gcrích. Sheas na Poblachtánaigh sa mbealach ar an obair ón tús. Ní raibh ach beirt ón bpáirtí ina mbaill den choiste – Liz Cheney agus Adam Kinsinger. D’éirigh Kinsinger as an bpolaitíocht anuraidh agus níor roghnaigh an páirtí in Wyoming Cheney le bheith ina hiarrthóir sna toghcháin lár téarma.

Tá an coiste éirithe as aon iarracht eolas a fháil faoi thaifid ghutháin Trump agus tá na déaga de thoghairmeacha ag lorg eolais eile a bhain leis an gcás ligthe i léig ar mhaithe leis an obair a chríochnú an tseachtain seo chugainn.

Tá fianaise bailithe ó na céadta agus tá na mílte comhad fianaise curtha i dtoll a chéile ag an gcoiste.  Tá go leor oibre déanta le cás a chur ar bun, cás in aghaidh Donald Trump, go speisialta.

Beidh sé spéisiúil nuair a bheidh cruinniú deiridh an choiste thart Dé Luain an mbeidh a ainm i measc na ndaoine a bhfuil siad ag iarraidh an dlí a chur orthu faoin méid a tharla ar an 6 Eanáir 2022.

Tá an baol ann, ainneoin an méid atá déanta ag an gcoiste, gur obair in aisce a bheidh ann dóibh agus nach mbeidh ar a gcumas a rá go bhfuil a ndóthain fianaise acu in aghaidh Trump le gníomhú.

Nach é a bheidh mórtasach más amhlaidh a bhíonn agus é ag tabhairt faoin gcéad toghchán uachtaránachta eile.

Fág freagra ar 'Tá go leor oibre déanta le cás a thabhairt in aghaidh Donald Trump, an obair in aisce í?'

  • Séamus Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

    An t-Uasal Trump

    Tabhair seo faoi deara, ní chaithfidh an t-Uasal Trump lá amháin i bpríosún mar gheall ar a shaibhreas agus aicme.
    Ach féach ar an duine bocht, dá ghoidfeadh sé bullóg aráin nó pingin rua ón Roinn Leasa Shoisialaigh bheadh a bhricfeasta ag fanacht air i gcarcair.

    Agus i mo chás féin eist(an creatúr bocht !!!) :—

    “Athraigh na Dlíthe i dtaobh na Gaeilge agus cruthaigh suim in aghaidh an chultúir Angla-Mheiriceánach in áit ag díol tuarastal agus ag cruthú scéimeanna faoin ‘Straitéis 20 Bliain na Gaeilge’ nach meallfadh daoine taobh amuigh den Ghaeltacht sa tír.

    Mar shampla :—-

    ” Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de réir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. Ní raibh an hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Chóiriúil’ (Pholaitiúil) faoi lán seoil (ó réimse Uí Choileáin) ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)
    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E

    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ***************************************************************************************