Tá fear fada caol na Casacstáine agus a Bhéarla briste ar ais

Ar an drochuair ní éiríonn le heachtraí mírialta Borat, fear an chroiméil agus an fhobhríste bháin an sprioc a aimsiú an uair seo

Tá fear fada caol na Casacstáine agus a Bhéarla briste ar ais
Borat: Subsequent Moviefilm
Stiúrthóir: Jason Woliner
Cliar: Sacha Baron Cohen, Maria Baklova, Dani Popescu

Tá fear fada caol na Casacstáine fillte, fear an chroiméil agus an fhobhríste theann, iriseoir cúlánta, aineolach, ciníoch, frithbhanda an Bhéarla bhriste. Sea, tar éis ceithre bliana déag tá Borat Sagdiyev fillte.

Bhain Borat: Cultural Learnings of America for Make Benefit Glorious Nation of Kazakhstan stangadh agus gáire as an lucht féachana in 2006. Bhíothas ann, muintir na Casacstáine san áireamh, a mheas go raibh an saothar díspeagúil, graosta agus ciníoch. Is í tuairim na coitiantachta, áfach, gur saothar greannmhar, coráistiúil, aorúil faoi leith atá ann. Ní hiad muintir na Casacstáine atá thíos leis an saothar ach muintir Mheiriceá.

Léiríonn cuid mhaith de na Poncánaigh ina bhfocail féin go bhfuilid aineolach, cúlánta agus ciníoch. Ní drochtheist iad na maslaí frithSheimíteacha ar na Giúdaigh ach ar an dream a bhfuil na tuairimí sin acu. Cuirfidh mé geall leat gur vótáil tromlach na liúdramán seo do Donald Trump.

Is é fear na gruaige aite ceann de na cúiseanna nach n-éiríonn le Borat Subsequent Moviefilm: Delivery of Prodigious Bribe to American Regime for Make Benefit Once Glorious Nation of Kazakhstan an sprioc a aimsiú. Ceithre bliana déag ó shin bhain iompar lucht na cúngaigeantachta siar asainn mar aon le gáire a bhaint asainn. Ní hamhlaidh atá anois mar tá éirithe le Trump an chúngaigeantacht, an t-aineolas agus an ciníochas a thabhairt isteach i lár an aonaigh. Dá bharr ní raibh aon iontas orm faoi iompar na ndaoine a bhí ag an slógadh ag ar chan Borat amhrán ciníoch, míchuí.

Mar gheall ar an rath a bhí ar an gcéad scannán b’éigean do Baron Cohen tabhairt faoin scannán leantach seo i ngan fhios agus tháinig an fógra faoin scannán aniar aduaidh ar mhórán. Mar chuid den rúndacht bhí sé i mbreágriocht i mórán radharcanna.

Is í a iníon Tutar (Baklova) atá taobh leis an babhta seo agus é ar chamchuairt Mheiriceá. Tá sé ag iarraidh an cailín bocht a thabhairt mar bhronntanas do Leas-Uachtarán Mheiriceá, Mike Pence, nó Mike Penis mar a bhaisteann sé air nuair a dhéanann sé ionradh ar shlógadh dá chuid i gceann de na radharcanna is fearr sa scannán.

Mar is dual do Sacha Cohen agus a chomhghuaillithe ní chuirtear fiacail ann ó thaobh na graostachta, na gáirsiúlachta, na tarcaisne, an chiníochais agus an fhuatha ban. Ar an drochuair ní dóigh liom go bhfuil cuid mhaith de na fínéid seo greannmhar agus chuaigh cuid acu thar fóir. Ní raibh aon dealramh leis an ngraostacht ag bál na ndeibeanna, mar shampla.

Tá cad é bús faoin radharc inar sáinníodh Rudy Giuliani agus is cinnte go ndéanann sé stail amadáin dó féin. Ina dhiaidh sin féin ní raibh aon ní greannmhar nó léargasach faoin gcúram, seachas gur cuma le Giuliani, atá sé bliana déag le cois na trí scór, a bheith á iompar féin go míchuí.

Ba dheas é Borat a fheiscint arís ach ní éiríonn leis an sprioc a aimsiú sa saol nua ait seo.

Fág freagra ar 'Tá fear fada caol na Casacstáine agus a Bhéarla briste ar ais'