‘Tá Facebook á líonadh le hamhráin agus an tOireachtas á cheiliúradh ag baile’

Ar líne amháin atá Oireachtas na Gaeilge ag tarlú de bharr na paindéime. Agus gan aon mhórtheacht le chéile ag na Gaeil i mbliana, sa tsraith seo labhraíonn Tuairisc.ie le daoine aitheanta faoi na rudaí is mó a bhraithfidh siad uathu

Brian Ó Baoill, údar

Cad iad na rudaí a bhraithfeá uait faoin Oireachtas?

Féile Mhór Chultúr na nGael is ea an tOireachtas agus gan é braithim easnamh mór agus mé im shuí sa mbaile, ag smaoineamh ar an fhéile mar a bhíodh. Tá muid scartha amach óna chéile sna ceantracha Gaeltachta agus in áiteanna eile ar fud na tíre.

Easnamh chuile dhuine na daoine a raibh siad ag tnúth le castáil leo arís i mbliana mar a rinne siad chuile bhliain lena mbeo, nach mór. Anam an Oireachtais is ea na mílte daoine Gaelacha, ó na naíonáin a shúnn isteach an chaint, na hamhráin, an gáire, an scleondar, na soilse, an gliondar, óna neadacha i mbaclainn na máthar, go dtí na seandaoine a bhíonn ag bacadadh leo, ag castáil le seanchairde arís i mbliana agus barróga á roinnt go háthasach, iad uilig ar neamh draíochta is ar néalta grá.

An bhfuil aon rud speisialta beartaithe agat ag an deireadh seachtaine leis an Oireachtas a cheiliúradh?

I mbliana, suífimid os comhair na teilifíse, aonaránach, seans, ag breathnú ar cibé taispeántas a chuirfear os ár gcomhair.

 

Ailbhe Ó Monacháin, iriseoir Nuacht TG4/RTÉ

Cad iad na rudaí a bhraithfeá uait faoin Oireachtas?

Na daoine, an chuideachta agus na hamhráin na rudaí a tharraing mise agus mo mhuintir chuig an Oireachtas ón chéad lá. Tá mé ag freastal ar an Oireachtas ó bhí mé i mo pháiste óg. Domhsa tá dhá fhéile sa bhliain a chronaím má chaillim iad, an tOireachtas agus Féile Willie Clancy agus cronóidh mé na daoine nach bhfeicfidh mé i mbliana. Bhí mé ag súil go mór leis an Oireachtas i mbliana thar bhliain ar bith eile agus é le bheith ar siúl i gcathair na Gaillimhe, áit éigin difriúil. Bhí mé ag súil go mbogfadh sé thart chuig áiteanna éagsúla ina dhiaidh sin mar go gcreidim go diongbháilte go bhfuil an eacnamaíocht a thig ón Oireachtas tuillte ag i bhfad níos mó bailte ná Cill Airne. Tá bliain iomlán ag an Oireachtas an fhéile a eagrú in áit éigin eile. Creidim go bhfuil sé tuillte go mór ag Béal Feirste, mar go bhfuil tréan óstán sa chathair agus ní raibh an tOireachtas ann le 23 bliain.

An bhfuil aon rud speisialta beartaithe agat ag an deireadh seachtaine leis an Oireachtas a cheiliúradh?

Tá mé le mo scíth a ligean agus amharcfaidh mé ar cibé Oireachtas atá ag dul ar aghaidh ar na meáin shóisialta.

 

Diane Ní Chanainn, amhránaí

Nuair a thosaigh mé ag gabháil de chomórtais an Oireachtas, is cuimhin liom a rá liom féin, nach deas a bheith i gCorn Uí Riada. Tá sin déanta agam le cúpla bliain anuas agus an-bhród orm go bhfuil mé ag an leibhéal sin. Cé go bhfuil brú millteanach ag baint leis na comórtais caithfidh mé a rá go gcronóidh mé i mbliana iad. Rinne mé cinneadh gurb í seo an bhliain dheireanach dom cur isteach ar na comórtais ach nuair a cuireadh ar ceal iad, d’athraigh mé m’intinn. Déanann an tOireachtas an oiread sin maitheasa dúinn, go háirithe sa tsean-nós. Ach ab ea é, cha ndéanfainn amhráin a fhoghlaim. Tá craic agus cuideachta ag

baint leis chomh maith agus cairde ón Oireachtas a bhíonn leat fríd do shaol uilig.

An bhfuil aon rud speisialta beartaithe agat ag an deireadh seachtaine leis an Oireachtas a cheiliúradh?

Tá sé doiligh plean ar bith a dhéanamh i dtaobh Oireachtas nó teacht le chéile ar bith eile de chineál ar bith agus muid i leibhéal a cúig. Nuair a thig muid slán as an phaindéim seo, agus nuair a bheas an tOireachtas ar ais ar cibé dóigh a bheas sé, sílim go mbeidh meas mór againn ar fad air. Idir an dá linn, tá Facebook á líonadh le hamhráin an tseachtain seo, agus an tOireachtas á cheiliúradh ag daoine sa bhaile. An t-amhránaí agus ceoltóir aitheanta Cathal Ó Curráin a chuir tús leis an fheachtas ina n-ainmnítear daoine le hamhrán a cheol.

Fág freagra ar '‘Tá Facebook á líonadh le hamhráin agus an tOireachtas á cheiliúradh ag baile’'