Tá Éire na tuaithe ag fáil bháis agus ní mian linn é a phlé fiú

Tabhair cuairt ar shráidbhailte na tuaithe, go háirithe ar an gcósta thiar - ó Dhún na nGall go Ciarraí cuir i gcás - agus ní bheimis ina dhiaidh ort dá gceapfá go raibh tubaiste éigin tar éis titim amach

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Ar an mbunscoil dúinn fadó, bhíodh aiste Ghaeilge amháin a tugadh dúinn go minic le scríobh:  Lá Faoin Tuath. Cuireadh ina luí orainne, ar lucht cathrach muid, go mba chineál Útóipe Éireannach de chineál éigin an tuath agus gach ar bhain léi. Bhí luachanna fós beo beathach faoin tuath a bhí imithe i léig sna cathracha brocacha más fíor – cineáltas, dúchas, tuiscint ar an rud is dúchas ann…Ba liosta le háireamh iad.

Ba iad lucht tuaithe na ‘fíor-Ghaeil’ más maith leat. Agus ba faoin tuath a bhí an Ghaeilge leis gan amhras. Ní rabhamar linn féin maidir leis an meon sin ar ndóigh. Bhí an meon sin coitianta sna healaíona is airde fud fad an hEorpa, an phéintéireacht agus an litríocht san áireamh, litríocht na Gaeilge san áireamh.

Ba ar thuras lae tuaithe a thiocfá ar na luachanna agus na hidéil a spreag laochra 1916 agus 1798 agus a seachadadh chugainn ó ghlúin go glúin. Amuigh faoin tuath áit éigin, bhí teacht ar ár bhféiniúlacht agus ar na hiarsmaí luachmhara a bhí ina gceangal idir muidne Gaeil na nua-haoise agus na glúine a tháinig romhainn. B’in a dúradh linn.

Bheinn amhrasach an mbeadh páistí ár linne chomh tógtha céanna leis an téis sin ná fiú leis an turas faoin tuath agus a bhíomarna an tráth úd. Bhí mé ag sochraid thíos faoin tír le déanaí. Aistear bóthair 100 míle chun na sochraide chun ómós a léiriú do Mháire (RIP) a bhí geall le 100 bliain d’aois nuair a d’imigh sí ar shlí na fírinne. Ar éigean má bhí oiread agus duine eile amháin feadh na slí. Agus deir daoine áirithe go bhfuil an tír seo ‘lán’ cheana féin agus nach mbeimis in ann dídean a thabhairt do chúpla míle teifeach.

Tá Éire na tuaithe ag fáil bháis; tá a cosa nite.  Agus ní lucht tuaithe iad muintir na hÉireann a thuilleadh fiú má chuirimid sin ina luí orainn féin uaireanta ar mhaithe le taom rómánsachais nó maoithneachais.

Tabhair cuairt ar shráidbhailte na tuaithe, go háirithe ar an gcósta thiar – ó Dhún na nGall go Ciarraí cuir i gcás – agus ní bheimis ina dhiaidh ort dá gceapfá go raibh tubaiste éigin tar éis titim amach, tubaiste anacrach a thug ar gach re duine an tuath a thréigean faoi dheifir. An Domhnach an lá a fheiceann tú cúrsaí mar atá go fírinneach faoin tuath, na seanóirí agus an t-aos óg ag siúl go mall i dteannta a chéile trí chonair na mbailte beaga leath-thréigthe, leath-dhearmadta. Teacht an tsamhraidh arís agus dúiseoidh Slí an Atlantaigh Fhiáin – do na turasóirí: thug an tAtlantach Fiáin céanna plúr na mban óg agus scoth na bhfear óg chun siúil.

Dá mba chuairteoir isteach ó dhomhan eile thú, shílfeá gurb iad na daoine seo fuíoll an áir aistigh a bhuail buile trom ar na bailte fearainn. Is ábhar comhrá toirmiscthe í an cheist chéanna in ainneoin fianaise do dhá shúl áfach. Ní labhraíonn daoine faoi; ní mian leo é a phlé. Tá an fhírinne rógharbh.

Fág freagra ar 'Tá Éire na tuaithe ag fáil bháis agus ní mian linn é a phlé fiú'

  • alan

    Ciúineas na marbh i réim faoin tuath ach an cósta foirgthe le tithe samhraidh. An ghluaiseacht faoi dhéin na gcathracha faoi lán seoil, polasaí na hEorpa.