‘Tá eagla orthu roimh a thuilleadh daonlathais’ – cur chuige an rialtais maidir le bille Údarás na Gaeltachta cáinte

Le linn díospóireachta sa Dáil, dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary go raibh cruinniú ‘an-suimiúil’ aige le gairid leis an Údarás faoina phlean do chúrsaí tithíochta

‘Tá eagla orthu roimh a thuilleadh daonlathais’ – cur chuige an rialtais maidir le bille Údarás na Gaeltachta cáinte

Dúradh sa Dáil aréir go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil iarracht ar bun obair Údarás na Gaeltachta a choinneáil faoi rún agus diúltaithe ag an rialtas glacadh le moltaí a chuirfeadh dualgas air plé níos mó a bheith aige leis an bpobal.

Agus an Bille um Údarás na Gaeltachta á phlé sa Dáil aréir, mhaígh an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh eagla ann “roimh tuilleadh daonlathais”. Dúirt sí an méad sin nuair a dhiúltaigh Aire Gaeltachta na do leasú eile ar an mbille de chuid an fhreasúra.

Bhí sé molta ag Sinn Féin go leagfaí ar an Údarás sa reachtaíocht “tionól poiblí” a eagrú i ngach ceantar Gaeltachta chun “tuairimí an phobail Ghaeltachta a lorg maidir le feidhmeanna Údarás na Gaeltachta a leathnú”.

Dhiúltaigh an tAire Dara Calleary don leasú agus dúirt é go dtabharfadh filleadh thoghchán an Údaráis, príomhsprioc na reachtaíochta, deis don phobal a dtuairimí faoi obair na heagraíochta a chur in iúl.

Dúirt an Catherine Connolly, Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, nár aontaigh sí le tuairim an aire agus go raibh an chuma ar an scéal go raibh fonn ar an rialtas cuid d’obair Údarás na Gaeltachta a cheilt, go háirithe i bhfianaise diúltú an rialtais do leasú eile inar moladh go mbeadh cuid de chruinnithe míosúla bhord an Údaráis oscailte don phobal.

Is dócha go bhfuil eagla ar an gcóras roimh tuilleadh daonlathais,” a dúirt Connolly. “Cruinniú poiblí a bheith ag an Údarás chuile mhí, níor ghlac sibh leis sin. Seo cruinniú amháin in aghaidh na bliana chun cluas éisteachta a thabhairt do dhaoine. Níl aon fhreagracht eile i gceist. Níl aon dualgas eile i gceist. Níl muid ag cur tuilleadh brú ar an Údarás seachas éisteacht le daoine ar an talamh agus fóram a thabhairt do dhaoine.

“Is dóigh go bhfuil eagla oraibh roimh tuilleadh daonlathais. B’fhéidir go bhfuil mé mícheart ach sin an chuma atá ar an scéal mar ag dul tríd an bpróiseas seo, ní raibh sibh sásta glacadh le haon leasú a thugann tuilleadh trédhearcachta don phróiseas agus sin atá ag teastáil.”

Léirigh an Teachta dála Conor D. McGuinness, urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, frustrachas maidir le cinneadh Aire na Gaeltachta gan glacadh le haon cheann de mholtaí an fhreasúra go dtí sin. Dúirt an McGuinness nach raibh an bille sách láidir mar a bhí agus gur theastaigh ó dhaoine é a leasú chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá ag cur as do mhuintir na Gaeltachta.

“Níl na pobail Ghaeltachta pioc sásta leis an mbille seo. Níl na ceanneagraíochtaí – níl Conradh na Gaeilge. Níl na hoifigigh pleanála teanga. Ní dóigh liom go bhfuil roinnt mhaith daoine laistigh d’Údarás na Gaeltachta sásta, chun a bheith macánta,” a dúirt McGuinness.

“Tá daoine le fís laistigh den eagraíocht sin atá ag iarraidh níos mó a dhéanamh chun freastal ar na pobail Ghaeltachta agus ní dóigh liom go bhfuil siad sásta. Seans nach bhfuil siad á rá sin i gcruinnithe leat. Seans nach bhfuil sé fíor i gcás gach uile dhuine san Údarás ach sílim go gcaithfidh muid éisteacht anois leis na daoine a bhfuil saineolas acu, a bhfuil an taithí acu agus an rud ceart a dhéanamh i dtaobh an bhille ina iomlán.”

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta nua-cheaptha Fhianna Fáil, an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil, gur céim chun cinn a bhí sa mbille agus fáilte á cur aige roimh ghnéithe éagsúla ann, bunú coistí réigiúnacha ina measc. Mar sin féin, dúirt sé go gcaithfí tacaíocht cheart a thabhairt chun an reachtaíocht a chur i bhfeidhm.

“Ní mór na hacmhainní cuí a chur ar fáil. Maoiniú, foireann agus tacaíochtaí praiticiúla. Ní leor reachtaíocht amháin, caithfear í a chur i bhfeidhm go héifeachtúil.”

Le linn an phlé sa Dáil, dúirt an tAire Dara Calleary gur chas sé le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus cathaoirleach an bhoird le gairid chun cúrsaí tithíochta a phlé.

Cé nár thug sé aon sonraí faoin méid a pléadh, dúirt Calleary gur cruinniú “an-suimiúil” a bhí ann. “Tuigim anois céard é an plean [i dtaobh na tithíochta de],” a dúirt Calleary.

Dúirt sé go gcasfadh sé leis an Aire Tithíochta James Browne roimh dheireadh na míosa seo chun na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht agus dlíthe nua pleanála a phlé. Dúirt sé go gcasfadh sé leis na grúpaí feachtais Bánú agus Tinteán sna seachtainí amach romhainn chun an scéal a phlé chomh maith.

Fág freagra ar '‘Tá eagla orthu roimh a thuilleadh daonlathais’ – cur chuige an rialtais maidir le bille Údarás na Gaeltachta cáinte'