Baineadh preab as saol na polaitíochta ag deireadh na seachtaine seo caite nuair a tugadh le fios go raibh an tIonad Fáilte in Óstán an Citywest le dúnadh toisc go raibh sé lán go doras. Cuireadh ceist ar an Aire atá freagrach as seo, Roderic O’Gorman, an bhféadfadh sé a chinntiú nach gcuirfí teifigh ó dhoras nó nach mbeadh teifigh ar an tsráid. Ní raibh sé in ann freagra a thabhairt. Frítheadh amach ag an deireadh seachtaine go raibh ar 44 teifeach fanacht san aerfort toisc nach raibh lóistín feiliúnach ar fáil dóibh.
Ní luíonn an méid seo leis an íomhá atá ag an tír den ‘Céad Míle Fáilte’. Céard a cheapann na turasóirí ón Eoraip nó ó Mheiriceá Thuaidh nuair a leaindeálann siad ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus nuair a fheiceann siad go bhfuil an t-aerfort in úsáid mar champa teifeach chomh maith? Chuile sheans nach bhfaca siad é sin i bhfógraí lucht turasóireachta na hÉireann, a mheall go dtí an tír seo iad…
Faoi dheireadh, áfach, ba chosúil gur thuig an rialtas cé chomh tromchúiseach is a bhí an fhadhb seo. Reáchtáladh fochoiste rialtais tráthnóna Dé Luain. D’fhreastail ceannairí an chomhrialtais agus airí sinsearacha eile ar an gcruinniú seo ag ar pléadh na roghanna éagsúla a bhí ag an rialtas le dul i ngleic leis an scéal.
Ag labhairt le foinsí Rialtais, is léir nach gcuireann an ghéarchéim seo aon iontas orthu. Tá méadú as cuimse tagtha ar líon na dteifeach atá ag teacht chun na tíre le bliain anuas – tá 58,000 ag fanacht i lóistín an Stáit faoi láthair, i gcomparáid le 7,800 an tráth seo anuraidh. Tá 25% de sheomraí óstáin na tíre in úsáid faoi láthair ag an Stát chun lóistín a chur ar fáil dóibh siúd a lorgaíonn tearmann. Thug an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige le fios go raibh deacrachtaí aici teacht ar lóistín do theifigh atá faoi “chosaint idirnáisiúnta” (i.e. nach as an Úcráin dóibh) agus dúradh go bhfuil samplaí ar fud na tíre d’áiteanna atá ag diúltú do theifigh sa gcatagóir sin.
Ach céard faoi réiteach na faidhbe seo?
De réir dealraimh, pléadh go leor moltaí éagsúla ag an gcruinniú éigeandála seo ar an Luan. Tá sé i gceist ag an rialtas an íocaíocht a dhéantar le daoine a chuireann lóistín ar fáil do theifigh a dhúbailt – ó €400 go €800 in aghaidh na míosa. Deirtear go dtuigtear go gcaithfear brath ar an tithíocht phríobháideach nó tithíocht réamhdhéanta seachas ar óstáin, toisc go dteastaíonn réiteach fadtréimsheach uathu.
Moltar deireadh a chur le béilí saor in aisce, mar a fhaightear sna hóstáin, chun teifigh a mhealladh i dtreo tithe príobháideacha, agus anois tá caint ann go scaipfear an scéal i measc an phobail Úcránaigh nach bhfuil lóistín ar fáil in Éirinn, le súil is go gcuirfeadh sé ina luí orthu go mba cheart fanacht i dtír éigin eile san Eoraip.
Ritheann sé liom, áfach, nach dtugann na moltaí seo tús áite do na teifigh.
Is daoine iad seo atá ag lorg tearmainn ó chogadh, a bhfuil scrios déanta ar a dtíortha dúchais, a bhfuil cairde is clann caillte sa sléacht acu – agus tá muid ag caint ar dheireadh a chur le béilí saor in aisce dóibh nó conas a rá leo nach bhfuil spás againn dóibh?
Ba cheart don rialtas féachaint ar conas cabhair a thabhairt do na grúpaí leochaileacha sin. I measc na moltaí eile a pléadh, tá sé i gceist ag an Roinn oifigigh lánpháirtíochta a earcú a chabhródh leis na daoine seo socrú isteach i sochaí agus cultúr na hÉireann. Labhair an Taoiseach ar an éacht atá déanta ag pobail bheaga ar fud na tíre fáilte is fiche a chur roimh na teifigh atá ag teacht chugainn ar thóir tearmainn. Tá an daonnacht agus an “céad míle fáilte” le sonrú i ngníomh agus i bhfocail mhuintir na hÉireann. Ba cheart go mbeadh a leithéid le sonrú chomh maith ar mheon an rialtais agus ar a chuid polasaithe.
Fág freagra ar 'Tá do thír scriosta ag an gcogadh agus tá muide ag caint ar dheireadh a chur le do bhéile saor in aisce'