Tá cumhacht uisce, gaoithe agus gréine iontach, ach…

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Léiríonn géarchéim leictreachais atá ar na bacáin sa Bhrasaíl nach bhfuil sé inmholta a bheith i dtaobh leis an aon fhoinse fuinnimh inathnuaite amháin

Tá cumhacht uisce, gaoithe agus gréine iontach, ach…

Roinnt seachtainí ó shin, gearradh leictreachas an tSaoithín Aeráide.

Ní raibh sé tar éis a bhille a íoc.

Níorbh aon agóid i gcoinne an chaipitleachais a bhí i gceist ach taisme; ba é an chaoi gur chaith sé tréimhse ar an taobh eile den domhan ag tabhairt aire dá mháthair agus go ndeachaigh an bille nár íoc sé ar strae. (Sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí ar an Saoithín Aeráide, ní íoctar billí trí dhochar díreach go hiondúil agus bíonn ar an Saoithín Aeráide a chuid billí a íoc go fisiciúil sa bhanc, nó iarraidh ar dhuine eile sin a dhéanamh dó – rud nach féidir a dhéanamh nuair a théann an bille féin ar strae agus murar féidir cóip nua a iarraidh trí shuíomh idirlín an chomhlachta leictreachais…)

Scéal fada, ach ba é an deireadh a bhí leis ná gur gearradh cumhacht an tSaoithín Aeráide díreach agus colún á scríobh aige do Tuairisc.ie.

Scéal fada eile a bhí sa scuaine taobh amuigh d’oifig an chomhlachta leictreachais ar chaith an Saoithín Aeráide trí uaire an chloig inti d’fhonn an bille nár íocadh a íoc. Ní bhodhróidh an Saoithín sibh leis an scéal sin ach baineann luach an bhille le hábhar: 37 reais, is é sin, 6 euro.

Anois, ar eagla go gceapfadh sibh go raibh an bille sin chomh híseal toisc go raibh an Saoithín Aeráide féin as baile: bhí deartháir Brasaíleach an tSaoithín ag tabhairt aire dá árasán agus bhí úsáid á baint go laethúil as an gcuisneoir, as na soilse agus an trealamh leictreonach eile. Ní raibh mórán idir luach an bhille sin agus luach gnáthbhille.

Ní chaitheann an Saoithín Aeráide ar leictreachas sa mhí ach €6, a deir sibh? Cén chaoi is féidir?

Is féidir toisc gur ó chumhacht uisce a thagann 70 faoin gcéad de sholáthar leictreachais na Brasaíle. Agus mar is eol don saol ní hamháin gur foinsí fuinnimh inathnuaite iad uisce, gaoth agus grian, tá siad saor in aisce (na foinsí féin – ar ndóigh bíonn costas ar an infreastruchtúr agus ar luach saothair na bhfostaithe.)

Ach ar an drochuair ní féidir brath ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite i gcónaí. Bíonn laethanta ann nach mbíonn an ghrian ag scaladh agus nach mbíonn an ghaoth ag séideadh. Agus uaireanta ní thiteann deoir báistí ar feadh míonna fada.

Faoi láthair, tá leibhéal an uisce i dtaiscumair na stáisiún ginte sa Bhrasaíl níos ísle ná mar a bhí le nach mór céad bliain anuas. Thit i bhfad níos lú fearthainne ná mar is gnáth le roinnt míonna anuas agus mar bharr ar an donas níl an séasúr tirim ach ina thús sa chuid is mó den tír. Míorúiltí as an áireamh, ceapann na saineolaithe go mbeidh ar an rialtas ciondáil chumhachta a chur i bhfeidhm ar feadh mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair, nó go gclisfidh ar an soláthar leictreachais ar fud na tíre sa tréimhse sin, nó an dá rud. Fiche bliain ó shin, an uair dheireanach ar tharla a leithéid, bhain géarchéim chumhachta an bonn ón eacnamaíocht agus ó uachtarán na linne, Fernando Henrique Cardoso.

Aisteach go leor i bhfianaise an scéil thuas, tá an Bhrasaíl fós ag brath i bhfad rómhór ar chumhacht uisce. Tá dul chun cinn áirithe déanta ag an bhfuinneamh gaoithe agus ag an bhfuinneamh a ghintear as bithmhais le blianta beaga anuas, ach creid é nó ná creid, in ainneoin go mbíonn an ghrian ag scoilteadh na gcloch ó cheann ceann na bliana nach mór, ní fhaca an Saoithín Aeráide oiread agus painéal gréine riamh sa tír.

An ceacht atá le baint ag an gcuid eile den domhan ó scéal na Brasaíle – tír ina dtagann 83 faoin gcéad den soláthar leictreachais ó fhoinsí inathnuaite, de réir fhigiúirí an rialtais – ná nach féidir a bheith i dtaobh leis an aon fhoinse fhuinnimh inathnuaite amháin.

I gcathair Salvador, mar a bhfuil cónaí ar an Saoithín Aeráide, tá moladh déanta ag an gcomhairleoir cathrach André Fraga de chuid an Pháirtí Ghlais (PV) go dtabharfaí lacáistí agus deontais do dhaoine a bheadh ag iarraidh painéil ghréine a chur ar a gcuid díonta. An-smaoineamh ar fad (mura mbainfidh na painéil chéanna na súile as muintir na cathrach faoin solas geal trópaiceach), ach is ar éigean go mbeidh dóthain painéil ghréine curtha ar na díonta sa Bhrasaíl sula rithfidh an t-uisce i dtaiscumair na stáisiún ginte hidrileictreacha amach.

Gach seans gur i muinín na gcoinnle a bheidh muintir na tíre i gceann cúpla mí, díreach mar a bhí an Saoithín nuair nár íoc sé a bhille.

 

 

Fág freagra ar 'Tá cumhacht uisce, gaoithe agus gréine iontach, ach…'

  • Séamas Mac Coitir

    Níl aon amhras ach go bhfuil cumhacht uisce, gaoithe agus gréine iontach. Bíonn siad guagach scaití agus is deacair brath orthu in am an ghátair.
    Is iad uisce, tine agus gaoth na cairde is fearr atá ag duine, os a choinne sin, is iad na naimhde is measa atá aige chomh maith céanna.
    Ní thuigtear feidhm an tobair go dtéann sé i dtrá. Deirtí nach mbíodh tobar fíoruisce ar bith gan chosán anallód.