Tá cumhacht Mheiriceá ag dul i laghad ach táimid dall air sin

Nuair a bhíonn stát ag dul i laige is ea is baolaí é, go háirithe i ré núicléach

Tá cumhacht Mheiriceá ag dul i laghad ach táimid dall air sin

Le tamall fada tá reitric na Stát Aontaithe i gcoinne na Síne ag dul chun seirbhe agus brú mór ó Mheiriceá ar an Eoraip teagmháil trádála leis an tSín a laghdú.

Agus má tá difríochtaí idir Donald Trump agus Joe Biden faoi chogadh na hÚcráine, tá siad ar aon tuairim faoin mbagairt a bhaineann leis an tSín d’fhorlámhas na Stát Aontaithe i ngeilleagar an domhain.

Anseo in Éirinn tá na mílte míle caite againn ag iarraidh trádáil na tíre seo leis an tSín a mhéadú – cúrsaí mairteola mar shampla. Ach anois deirtear linn go gcaithfimid a bheith buartha go bhfuil córas teilifíse ciorcaid iata i bhfeidhm ag an tSín sa Dáil.

Baol do shlándáil na tíre is ea é, de réir na meán agus fiú polaiteoirí ar an eite chlé, ar nós Patrick Costello ón gComhaontas Glas, a deir gur chóir sampla na Breataine is tíortha eile a leanacht is fáil réidh leis na ceamaraí seo.

Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil duine bocht éigin sa tSín fostaithe le breathnú ar phictiúir de Theachtaí Dála is eile ag siúl trí phasáistí Theach Laighean, ach caithfimid a bheith buartha faoi, deirtear.

Mar chúlra an scéil is cóir cuimhneamh go bhfuil an tSín ag éirí níos láidre in aghaidh an lae ó thaobh na heacnamaíochta i gcomórtas le Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá a rian seo le feiceáil ar an bpolaitíocht idirnáisiúnta. Déanann stáit na hÁise i bhfad níos mó trádála leis an tSín ná mar a dhéanann siad le Stáit Aontaithe Mheiriceá. Mar sin, maidir leis smachtbhannaí in aghaidh na Rúise níl ach ceithre stát san Áise ag taobhú le SAM fúthu: an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Téaváin agus Singeapór.

Tá bun-ionaid mhíleata ag SAM i dtrí cinn de na stáit seo.

Tá an chuid eile de na stáit san Áise ag leanacht sampla na Síne, mar atá an Afraic agus Meiriceá Theas.

Ach ní faoi chúrsaí eacnamaíochta amháin atá an reitric ann. Tá SAM ag tabhairt foláireamh go rialta faoi bhagairtí na Síne cogadh a fhearadh ar an Téaváin ar mhaithe le seilbh a fháil ar ais ar an gcúige sin a d’fhan i lámha an Kuomintang ag deireadh an chogaidh chathartha sa tSín nuair a tháinig na cumannaigh i gcumhacht.

Bíonn longa cogaidh SAM le feiceáil go rialta in aice leis an tSín, agus ar ndóigh faoi láthair SAM, an Bhreatain agus an Astráil tagtha le chéile le loingeas fomhuireáin a chur sa gceantar.

Cosnóidh an fiontar seo €229 billiún ar an Astráil, sin beagnach €9,000 do gach duine san Astráil. Airgead é seo nach mbeidh ar fáil le caitheamh ar riachtanais mhuintir na hAstráile, mar a dúirt Paul Keating iar-phríomhaire na tíre sin.

Tá sé cáinte ar ndóigh ag an tSín mar feictear dóibh go bhfuiltear ag cur leis an armrás.

Tá lucht AUKUS (mar a thugtar ar an gcomhghuaillíocht seo) ag rá nach bagairt é seo ach gníomh síochána is cosanta. Ní chreideann na Sínigh an chaint seo.

Ní nach ionadh, níl tada ráite ag rialtas na tíre neodraí seo faoin gcontúirt a bhaineann leis seo go léir. Go deimhin tá muid sáinnithe i gceart i bpóca Uncail SAM.

Ach ní ceist theibí í seo. Riamh anall bhí an chontúirt ann go rachadh coimhlintí agus cogaí as smacht, ach i ré núicléach tá an chontúirt ann freisin go scriosfaí an domhan ar fad.

Ach an gá é a rá nach trí chogadh ach trí iomaíocht trádála a shocrófar caidrimh stáit, nó gur mar sin ba chóir iad a shocrú?

Léiríonn an scéal, ar ndóigh, go bhfuil cumhacht Mheiriceá, nó cumhacht eacnamaíoch Mheiriceá, ag dul i laghad.

Tá sé seo ar siúl le tamall, ach léiríonn meath an dollair sa trádáil dhomhanda, go bhfuil tionchar diúltach ag an gcumhacht laghdaithe seo anois ar shaibhreas na Stát Aontaithe.

Chomh maith leis sin, de réir an National Science Foundation i Meiriceá, tá an tSín anois chun cinn ar SAM maidir le líon na bpaitinní eolaíochta. De réir an Australian Strategic Policy Institute tá an tSín chun cinn ar Mheiriceá i 37 réimse teicneolaíochta as 44.

Tá an dearcadh céanna faoi chúrsaí taighde agus teicneolaíochta léirithe ag an iris Fortune agus ag an Wall Street Journal.

Anois tá Meiriceá buartha freisin go bhfuil caidreamh na Síne le tíortha eile ag éirí níos dlúithe freisin. Bhí an tSín, mar shampla, ina hidirghabhálaí idir an Iaráin agus an Araib Shádach nuair a aontaíodh conradh síochána eatarthu le déanaí.

Sea, tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ag éirí níos laige agus nuair a bhíonn tír ag dul i laige is ea is baolaí í. Faraor tá muid dall air sin agus ar na himpleachtaí go léir a bhaineann leis.

Fág freagra ar 'Tá cumhacht Mheiriceá ag dul i laghad ach táimid dall air sin'