Tá bunteachtaireacht na nGlasach glactha chucu féin ag go leor polaiteoirí eile

An mbeidh an Comhaontas Glas sásta fanacht i rialtas nuair atá sé soiléir gur uirlis toghchánaíochta ag iarrthóirí eile pháirtithe an rialtais a bheith á gcáineadh?

Tá bunteachtaireacht na nGlasach glactha chucu féin ag go leor polaiteoirí eile

Ní lia duine ná tuairim. I bhfianaise na dtorthaí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, tá tuairimíocht go leor ann le seachtain anuas faoin dáta a roghnóidh Simon Harris le holltoghchán a reáchtáil. Ag brath ar cén tráchtaire lena mbíonn tú ag éisteacht, d’fhéadfadh an Taoiseach dul chuig an Áras am ar bith, cé go bhfuil formhór daoine den tuairim gur i mí Dheireadh Fómhair nó mí na Samhna a tharlóidh sé.

An mbeidh rogha an Taoisigh bunaithe go hiomlán ar thorthaí na dtoghchán? Ní gá gur amhlaidh a bheadh. Tá an teannas idir na páirtithe rialtais méadaithe go suntasach le roinnt seachtainí agus é le feiceáil go poiblí an tseachtain seo. Níl an Comhaontas Glas sásta leis an mbealach ar caitheadh leo i rith an fheachtais  – go deimhin, ghoill an cáineadh an oiread sin orthu gur labhair a gceannaire Eamon Ryan go poiblí faoi agus gur chuir sé a mhíshástacht in iúl don Taoiseach agus don Tánaiste. Ba cheart go reáchtálfaí toghcháin ar bhealach measúil, a dúirt Aire na Meán agus na Gaeltachta, Catherine Martin agus í ag tagairt don cháineadh a rinneadh ar na Glasaigh.

Níl sé ach roinnt seachtainí ó dúirt Eamon Ryan go mbeadh ionadaí ag an gComhaontas Glas ar gach uile údarás áitiúil sa tír. Anois agus na vótaí comhairthe ní bheidh comhairleoirí ag an bpáirtí ach ar ocht gcinn den 31 údarás áitiúil sa tír. Mar bharr air sin, tá a gcuid suíochán caillte ag an mbeirt Fheisirí Eorpacha a bhí acu, Ciarán Cuffe agus Grace O’Sullivan. An é nár chuala an Comhaontas Glas na foláirimh ar fad a tugadh dóibh? Taobh amuigh d’aon chaint ar chúrsaí tuaithe agus aeráide, faigheann an páirtí is lú in aon chomhrialtas sonc i gcónaí ón bpobal le linn toghchán lár téarma. Chaithfeadh gur údar díomá amach is amach é don Chomhaontas Glas gur éirigh le Fianna Fáil agus Fine Gael a líon comhairleoirí féin a chaomhnú cuid mhaith.

Tá bunteachtaireacht na nGlasach glactha chucu féin ag go leor polaiteoirí eile – tá an ghéarchéim aeráide agus an phráinn atá le gníomh aitheanta ag na páirtithe ar fad. Tá sé éasca, mar sin féin, nuair a bhíonn gné den pholasaí ann nach dtaitníonn leis na páirtithe móra, an milleán a chur ar na Glasaigh. Bhí go leor den chineál sin cainte ar siúl le linn an fheachtais toghcháin. Dúirt Regina Doherty gur mó dochar ná a mhalairt a bhí polasaithe an Chomhaontais Ghlais a dhéanamh, ach bhí iarrthóirí go leor cáinteach ar na Glasaigh agus, de réir cosúlachta, cead lucht ceannais a bpáirtithe acu.

An mbeidh an páirtí sásta fanacht i rialtas nuair atá sé soiléir gur uirlis toghchánaíochta ag iarrthóirí eile pháirtithe an rialtais a bheith á gcáineadh? An mbrisfidh ar a bhfoighid agus páirtithe eile ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar scéal na haeráide? An measfaidh siad gur gá dóibh iad féin a chur chun cinn mar pháirtí iontu féin arís sna míonna seo romhainn?

Tá móramh an rialtais thar a bheith beag.

Fág freagra ar 'Tá bunteachtaireacht na nGlasach glactha chucu féin ag go leor polaiteoirí eile'