Níl na daoine i dTuaisceart Ghaza ach “ag fanacht leis an mbás” tar éis trí seachtaine de bhuamáil Iosrael, a deir Philippe Lazzarini, Ardchoimisinéir Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha [UNRWA].
“Tá líon na marbh ag méadú agus beagnach trí seachtaine caite ag Fórsaí Iosrael ag buamáil gan stad gan staonadh. Tá ár gcuid oibrithe ansin ag rá linn nach bhfuil teacht acu ar bhia, uisce ná cúram leighis. Tá boladh an bháis ar fud na háite mar go bhfuil na corpáin fágtha ina luí ansin ar na bóithre nó istigh faoin smionagar,” a dúirt Lazzarini.
Dúirt an tArdchoimisinéir gur diúltaíodh dá n-iarracht na corpáin a thabhairt chun bealaigh agus cúnamh daonnúil a chur ar fáil.
“I dTuaisceart Ghaza, níl na daoine ach ag fanacht leis an mbás. Braitheann siad go bhfuil siad tréigthe, iad ina n-aonar agus gan aon dóchas fágtha acu. Maireann siad ó uair an chloig amháin go ceann eile, agus scéin an bháis iontu gach aon nóiméad.”
Dúirt Lazzarini ó thosaigh an cogadh seo bliain ó shin gur fhan cuid d’fhoireann UNRWA i dtuaisceart Ghaza agus “go ndearna siad a ndícheall rud a bhí dodhéanta a dhéanamh agus cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí ina ndídeanaithe ina ndúiche féin”.
Choinnigh foireann UNRWA cuid de na hionaid dídine oscailte d’ainneoin na buamála agus ionsaithe géara ar a gcuid foirgneamh.
“Ar son ár gcuid oibrithe i dtuaisceart Ghaza, tá mé ag iarraidh sos comhraic láithreach bonn, fiú mura mbeadh ann ach cúpla uair an chloig, le cead imeachta daonnúil a thabhairt do theaghlaigh ar mian an áit sin a fhágáil agus dul go ceantar éigin atá níos sábháilte. Sin é an rud is lú ba chóir a dhéanamh chun beatha sibhialtach, nach bhfuil baint ná páirt acu leis an gcogadh seo, a shábháil.”
Bhí Anthony Blinken, Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, ar ais in Iosrael inniu agus é ag iarraidh bonn a chur arís faoin bpróiseas taidhleoireachta atá ó rath d’fhonn teacht ar shos comhraic idir Iosrael agus Hamas agus teacht ar réiteach faoina saorfaí na gialla.
Dheimhnigh aireacht sláinte na Liobáine inniu gur maraíodh 13 duine agus gur gortaíodh 54 eile in ionsaí buamála de chuid Iosrael i mBéiriút.
Dúirt Iosrael gur áiseanna de chuid Hezbollah an targaid a bhí acu san ionsaí ach dealraíonn sé gur buaileadh ceantar cónaithe trasna ó Ospidéal Ollscoile Rafik Hariri, an príomhospidéal poiblí i ndeisceart Bheiriút.
cleasaí cantalach
náireach ar fad. tá difríocht ann idir “díoltas” agus barbarthacht agus is léir domsa go bhfuil iosrael lán-sasta an líne sin a thrasnú gan aon náire nó comhbhá. is staitín lofa agus cinedhíothach é
Criostóir
Maraíodh cúigear in ionsaí sceimhlitheoireachta ar chomhlacht aerspáis sa Tuirc cúpla lá ó shin. Tá rialtas Erdogan tar éis an milleán a chur ar ghrúpa míleatach Coirdíneach agus tá ionsaithe aeir déanta ag arm na Tuirce ar phobail Choirdíneacha sa tSiria agus san Iaráic ó shin, ionsaithe inar maraíodh os cionn scór sibhialtach.
Sampla de chlaontacht agus de chúngaigeantacht Tuairisc.ie is ea nach bhfuil trácht ar bith air seo a fhad is a bhíonn tuairiscí agus colúin ann ar bhonn seachtainúil ar an gcoimhlint in Iosrael/Gaza.
Tá sé aisteach go ndíríonn an suíomh seo ar bhealach chomh mion agus leanúnach sin ar an gcoimhlint idir Iosrael agus na Palaistínigh nuair atá coimhlintí eile chomh tromchúiseach céanna (nó níos tromchúisí fós) ar siúl le blianta beaga anuas agus gan faic na fríde cloiste againn fúthu ar an suíomh. Tá na mílte duine maraithe sa chomhlint idir na Coirdínigh agus an Tuirc le cúpla bliain anuas ach ní bheadh sin ar eolas ag an té atá ag brath ar Tuairisc.ie mar fhoinse nuachta. Tá na Coirdínigh á gcur faoi chois ó bunaíodh Poblacht na Tuirce i 1923. I measc na n-ár is mó a imríodh orthu tá sléacht Dersim, nuair a mharaigh arm na Tuirce 40,000-70,000 sibhialtach agus cuireadh 11,818 duine ar deoraíocht. Leanann an cos ar bolg ar aghaigh sa lá atá inniu ann, agus meastar go bhfuil thart ar 40,000 duine maraithe sa choimhlint idir an Tuirc agus na Coirdínigh le 40 bliain anuas (sibhialtaigh den chuid is mó).
Cén fáth a bhfuil bá chomh mór sin ag Tuairisc.ie leis na Palaistínigh, as measc na bpobal uile ar domhan atá á gcur faoi chois? Cén fáth nach dtarraingítear aon aird ar an gcos ar bolg atá á dhéanamh ag an Tuirc ar an bpobal Coirdíneach, ag rialtas na Síne ar na hUigiúraigh nó ag an Asarbaiseáin ar na hAirméinigh, gan ach cúpla sampla a lua?
Níl a fhios agam an é aineolas, easpa suime intleachtúla nó rud níos tromchúisí is cúis leis an gclaontacht agus leis an oibseisiún le hIosrael, ach tá ag teip ar Tuairisc.ie léiriú cruinn, tomhaiste a thabhairt ar staid an domhain dá bharr.