Tá feachtas toghchánaíochta seolta ag Conradh na Gaeilge agus éilimh déanta acu maidir le cur chun cinn na Gaeilge.
Tá na héilimh á ndéanamh roimh na toghcháin áitiúla atá le reáchtáil i dTuaisceart Éireann faoi cheann coicíse.
Is léir an deighilt a chruthaíonn ceist na Gaeilge ó thuaidh go fóill agus gan aon tacaíocht ar fáil ó aon cheann de na páirtithe aontachtacha d’éilimh an Chonartha.
Faoin am ar seoladh an feachtas ‘Gaelvóta, níor thug aon cheann de na ceithre pháirtí aontachtach – an DUP, an UUP, an TUV, agus an PUP – freagra ar bith ar an iarratas a rinne Conradh na Gaeilge ar pháirtithe coimitmintí toghchánaíochta a thabhairt maidir leis an nGaeilge.
Deir an Conradh go bhfuil “easpa measa” léirithe arís ag na páirtithe aontachtacha agus diúltaithe acu freagra a thabhairt.
Níor thug dhá mhionpháirtí eile, Páirtí na nOibrithe agus Rogha Lucht Oibre Trasphobail (Cross-community Labour Alternative), aon fhreagra ar éilimh an Chonartha ach an oiread.
Thacaigh seacht gcinn de pháirtithe leis na cúig éileamh atá déanta ag Conradh na Gaeilge roimh na toghcháin áitiúla.
Is iad na héilimh sin – go nglacfadh gach Comhairle Áitiúil ó thuaidh le polasaí agus straitéis don Ghaeilge; go soláthrófaí seirbhísí i nGaeilge; go gcuirfí áiseanna ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú; go méadófaí feiceálacht na Gaeilge sa cheantar Comhairle; agus go ndéanfaí obair feasachta chun an teanga a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le claontacht.
Is iad Aontú, Páirtí na Comhghuaillíochta, an Páirtí Glas, SDLP, Sinn Féin, Pobal Seachas Brabús agus Páirtí Poblachtach Sóisialach na hÉireann na páirtithe a ghlac go hiomlán le héilimh Chonradh na Gaeilge. Deir an Conradh gur thacaigh Páirtí Sóisialach, Tuaisceart Éireann, le tromlach na n-éileamh agus tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha ag tacú leo chomh maith.
“Agus muid anois i ré na reachtaíochta úire don Ghaeilge ó thuaidh, is údar dóchais dúinn é go bhfuil tromlach na bpáirtithe ó thuaidh ag tacú leis na héilimh Ghaeilge sa toghchán áitiúil,” a dúirt Michaeline Donnelly, Tánaiste Chonradh na Gaeilge.
“Aithnímid go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag roinnt comhairlí le blianta beaga anuas ó thaobh na Gaeilge de, ach má tá muid iomlán ionraic, tá bealach fada fós le dul.”
Beidh na toghcháin áitiúla ar siúl i dTuaisceart Éireann Déardaoin, an 18 Bealtaine.
Fág freagra ar '‘Tá bealach fada fós le dul’ – diúltaithe ag páirtithe aontachtacha tacú le héilimh faoin nGaeilge'