Tá baol mór ann go bhfágfar muide ag deireadh na scuaine don vascsaín

B’fhearr an idé-eolaíocht a chur ar leataobh agus gan doicheall a bheith orainn roimh vacsaíní ón Rúis is ón tSín

Tá baol mór ann go bhfágfar muide ag deireadh na scuaine don vascsaín

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

I lár dhorchadas na dianghlasála, tá na comharthaí dóchais i dtaobh vacsaín éifeachtach i gcoinne Covid-19 ag éirí níos soiléire. Ionaclú d’fhormhór an phobail ar siúl cheana féin sa Rúis agus sa tSín, agus maíomh ó Pfizer go mbeidh a vacsaín siúd réidh le dáileadh amach faoi dheireadh na bliana seo.

Ar an taobh eile, ámh, ní léir cé chomh fairsing is a bheidh dáileadh na vacsaíne, ag an tús ar aon chuma. Tá clár ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) lena chinntiú go mbeidh an vacsaín ar fáil do thíortha neamhshaibhre, ach tá na Stáit Aontaithe, mar shampla, ag diúltú páirt a ghlacadh sa gclár sin (a dtugtar GAVI air), nó go deimhin in aon bheart de chuid an WHO faoi láthair.

Ábhar gáire mar sin, b’fhéidir, go bhfuil nuachtáin cosúil leis an Financial Times ag gearán go bhfuil an tSín agus an Rúis ag tapú na deise le cairdeas a chothú eatarthu féin agus tíortha sa domhan i mbéal forbartha trí dháileoga den vacsaín a chur ar fáil dóibh.

Tá vacsaín na Rúise ar ndóigh in úsáid sa Rúis féin, ach tá an tSeirbia, na hOileáin Fhilipíneacha, Meicsiceo agus fiú an Bhrasaíl ag glacadh páirt i dtástáil na vacsaíne sin ina dtíortha féin. Gan dabht is ar mhaithe leo féin atá siad, iad ag súil go mbeidh siadsan ag barr na scuaine nuair a chuirfear tús le dáileadh idirnáisiúnta forleathan ba vacsaíne.

D’fhógair an tSín an mhí seo caite go mbeidh siadsan ag glacadh páirt sa gclár GAVI. Mhínigh Yin Weidong, príomhfheidhmeannach SinoPharm (ceann de na comhlachtaí is mó atá chun cinn maidir le vacsaín a fhorbairt), gur ag díriú ar an tSín a bhí siad nuair cuireadh tús lena gcuid taighde, ach toisc líon na gcásanna ag dul i laghad sa tSín féin, is í an aidhm atá acu anois ná an vacsaín a chur ar fáil don domhan mór.

Cén freagra atá ag comhlachtaí rachmasacha an iarthair ar an bhfeachtas ‘taidhleoireachta’ seo (a chuireann a gcuid brabúis féin i mbaol)? Cad eile, ach cáineadh a dhéanamh ar an vacsaín, agus an Rúis agus an tSín a ionsaí as vacsaín a chur ar fáil gan triail cheart.

In ainneoin na bolscaireachta sin, tá an vacsaín Rúiseach faoi thriail ó na 1980idí ar aghaidh san Institiúid Gamalayev i Moscó. Tá an vacsaín frith-covid bunaithe ar vacsaín a bhí in úsáid i gcoinne ebola in iarthar na hAfraice, agus é curtha in oiriúint don ghalar nua.

Is eol do na Rúisigh, agus don chomhluadar domhanda eolaíochta, bunús na vacsaíne seo, agus aon iarmhairt a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi. Tá an tSín ag cloí leis an modh oibre céanna, is tá siad chomh muiníneach as a gcuid vacsaíní go bhfuil ionaclú forleathan á dhéanamh acu.

Ach fiú má ghlactar leis an mbolscaireacht fhrithRúiseach is frithShíneach, toisc ionaclú forleathan a bheith ar siúl go forleathan sa dá thír sin cheana féin, gan na trialacha eile ar fud an domhain a lua, nach triail ann féin é sin? Níl aon chosúlacht ann is cosúil go bhfuil aon dochar nó easpa éifeachta ag baint leis na vacsaíní. Go fóill, go cinnte.

Tá ceist eile ann, ámh, atá níos tábhachtaí agus baineann sí sin le héifeacht fhadtéarmach na vacsaíní.

Léiríonn taighde Astrazeneca i Sasana go laghdaíonn antashubstaint Covid-19 tar éis roinnt míonna. Tugann an taighde seo le fios gur dócha go mbeidh sé riachtanach teanndáileog a fháil, b’fhéidir go bliantúil mar a tharlaíonn leis an vacsaín fliú nó slaghdáin.

Bunaithe ar an taighde seo, is laige na hargóintí faoi indhíonacht tréada mar chuid den troid in aghaidh an víris. Tá muid ag brath níos mó ná riamh ar vacsaín le dul i ngleic leis an víreas seo.

I bhfianaise an eolais sin ar fad, ní fheicim gur chóir dúinn diúltú don vacsaín as an Rúis nó do cheann na Síne.

Ní cóir dúinn ligint don idé-eolaíocht agus an bholscaireacht i gcoinne na dtíortha sin muid a dhalladh ar an gcúnamh a d’fhéadfaidís a chur ar fáil dúinn, faoi mar tá siad a chur ar fáil in áiteacha eile sa domhan.

Ag an am céanna ní mór dúinn a bheith san airdeall maidir le soláthar na vacsaíní eile atá faoi fhorbairt ag Pfizer (a bhfuil monarcha déantúsaíochta acu anseo in Éirinn), Johnson & Johnson, Moderna is eile.

Cheana féin tá soláthar de na vacsaíní seo á cheannach go forleathan ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag an mBreatain, ag an bhFrainc, ag an nGearmáin is tíortha eile.

Muide? Ós ball den chlub muid (!) tá muid ag fanacht ar an Aontas Eorpach. Ach tabhair faoi deara nach é an tAontas atá ag ceannach dáileog (na céadta míle díobh) ach na ballstáit sin.

Tá baol mór ann go bhfágfar muide ag deireadh na scuaine mura ndéanfaidh muid rud éigin anois, agus gan a bheith doicheallach faoi vacsaíní ón Rúis is ón tSín, beag beann ar chúrsaí idé-eolaíochta.

Fág freagra ar 'Tá baol mór ann go bhfágfar muide ag deireadh na scuaine don vascsaín'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is mó muinín Eoin as an Rúis agus an tSín ná as an Aontas Eorpach! Le Eoin buaileann a ideolaíocht seanaimseartha gach rud eile, fiú amháin sláinte an phobail.

  • Eoin Ó Murchú

    Ná creid mise, a Dhonncha. Ach b’fhéidir go gcreidfeá tuairisci san bhFinancial Times, Le Monde agus Die Welt?