Tá an traenáil a dhéanann clubanna na laethanta seo níos déine ná aon rud a rinne mise le Corcaigh ná Luimneach

Tá ár gcolúnaí ag plé le foireann iomána Chumann Barra Naofa i mbliana agus an obair uile a dhéanann imreoiri ag cur iontais air

Tá an traenáil a dhéanann clubanna na laethanta seo níos déine ná aon rud a rinne mise le Corcaigh ná Luimneach

Brian Hayes ag imirt do Chumann Barra Naofa. Pic: INPHO/Bryan Keane

Tá mí caite ó chuir mé peann le pár nó méar le méarchlár agus mé sáite i gcúrsaí iomána i gCorcaigh. Den chéad uair le tamall de bhlianta, tá mé ag plé le foireann agus baint agam le mo chumann féin, Cumann Barra Naofa. 

Tá deireadh ag teacht le babhtaí na ngrúpaí sa bPríomhchraobh Shinsir Iomána an deireadh seachtaine seo agus oscailt súl cheart a bhí sa mhéid atá feicthe agam go dtí seo. 

Chuir sé iontas an domhain orm an méid traenála agus ullmhúcháin atá á dhéanamh ag clubanna sa chontae, más aon slat tomhais é club Barra Naofa, agus an méid a rinne na himreoirí sinsir. Bhí caighdeán na prapála níos airde ná aon traenáil a rinne foirne sinsir Chorcaí nó Luimnigh nuair a bhíos ag obair leo.  

Tá isteach is amach le hochtó seisiún traenála déanta ag iománaithe sinsir mo chumainn féin agus gan ach dhá chluiche craoibhe imeartha againn. Faraor, tá an dá chluiche sin caillte againn chomh maith agus obair le déanamh anois chun teacht slán ón ísliú céime. 

I gcoinne ár sean-naimhde, an Charraig Dubh, a bhí ár gcéad chluiche agus bhí sé ina chath go deireadh. Bhí pointe amháin le spáráil ag na Rockies agus na cearta maíte acu an uair seo, mar aon leis an dá phointe luachmhar. Bhí díomá orainn an oíche sin ach bhí cuid mhaith a bhí dearfach sa taispeántas.  

Ach, mar a tharlaíonn do chlubanna a imríonn sa dá chód, bhíomar d’uireasa ár seachtar imreoirí peile ar feadh nach mór coicíse ina dhiaidh sin agus iad ag fáil réidh dá gcluiche féin. Chaill na peileadóirí a gcéad chluiche i gcoinne Mhala agus tháinig na leaids ar ais chugainn agus iad in ísle brí.  

Ní raibh ach trí sheisiún againn leis an bpainéal iomlán roimh an gcéad chluiche eile, i gcoinne Chumann an Athar Uí Néill.  An oíche Shathairn sin bhíomar gan ceathrar a thosnódh go hiondúil; an t-imreoir contae Ethan Twomey (a gortaíodh sa chluiche peile), imreoir contae eile Conor Cahalane (a gortaíodh ag imirt peile mí roimhe sin), captaen ar  fhoireann bhuacach 2022, Billy Hennessy (ballnasc na croise gortuithe aige ag imirt peile) agus Eoghan Finn, a raibh gortú matáin ag cur as dó.  

An oíche chéanna, ní rabhamar ach measartha agus mar a tharlaíonn i gcónaí, bhuaigh an fhoireann ab fhearr. Más rud é go raibh díomá orthu i ndiaidh an chéad cluiche, bhí na himreoirí in umar na haimléise ar fad i ndiaidh an dara ceann. Bhí ciúnas millteach sa seomra feistis ina dhiaidh. Thuigeamar gur beag seans a bhí againn fanacht sa rás don chraobh gan cabhair chúpla míorúilt.  

Bhuel, sular bhuail clog an Aingil an tráthnóna ina dhiaidh, bhí freagra na ceiste againn agus ár rás rite agus ár bport seinnte do shéasúr 2024. Níor ‘rith‘ aon torthaí linn ar an Domhnach.  

Amárach, beimid ag taisteal go dtí an Chloch Dhubh chun aghaidh a thabhairt ar Bhaile Núis agus sprioc amháin againn, an cluiche a bhuachaint. Beidh muid i mbaol ár ndícháilithe gan an toradh ceart. Bhí mórán cainte anuraidh nuair a díbríodh ceann de bhoic mhóra Chorcaí, Fánaithe an Ghleanna den chéad uair riamh. Tá an cháil céanna ar Chumann Bharra Naofa agus bheadh sé ina scéal mór sa chontae dá mbeidís fós i mbaol tráthnóna amárach. Tá súil agam nach mbeidh.  

Anuraidh bhuaigh Baile Núis, club beag tuaithe atá suite gar go leor de bhaile Dhroichead na Bandan, craobhacha sinsir A sa pheil agus san iomáint. Éacht amach is amach a bhí ann. Tá suas le deichniúir acu ag tosnú ar an dá fhoireann. Go dtí seo tá an chéad dá chluiche caillte acu freisin, cé go rabhadar an-iomaíoch sa dá cheann. 

Ag an bpointe seo sa chraobh, tá seaimpíní na bliana seo caite, na Sáirséalaigh, cáilithe don chéad bhabhta eile, mar atá an Charraig Dubh agus Cumann an Athar Uí Néill, ach tá fiúntas le cuid mhaith de na cluichí atá le n-imirt amárach.  

Ó mo thaithí féin i mbliana, tuigim go bhfuil tromlach na n-imreoirí sa tír sásta leis an ‘séasúr scoilte’ ach nílim céad faoin gcéad cinnte go fóill an é an réiteach is fearr ar an bhfadhb. 

Smaoineamh eile a ritheann ná n’fheadar an féidir le himreoirí sinsir club an pheil agus an iomáint a imirt ag an am céanna níos mó agus an oiread sin brú orthu idir an traenáil agus na cluichí. 

Fág freagra ar 'Tá an traenáil a dhéanann clubanna na laethanta seo níos déine ná aon rud a rinne mise le Corcaigh ná Luimneach'

  • Carraig

    Go n-éirí libh.