Tá an tOireachtas thart, seo chugainn Féile na Mí

Reáchtálfar Féile na Mí i Ráth Chairn idir 12 agus 15 Samhain

Féile na Mí poster

Tá an saol Gaelach ag teacht chuige féin tar éis Oireachtas na Samhna in Óstán an Citywest an deireadh seachtaine seo caite. Ba léir ó na meáin shóisialta tráthnóna Dé Domhnaigh agus maidin Dé Luain go raibh na Gaeil in ísle brí tar éis mhórfhéile na Samhna.

Ach beidh “fáilte mhór” roimh lucht freastail an Oireachtais ag Féile na Mí a bheidh ar siúl i nGaeltacht na Mí i gceann coicíse. Beidh Comharchumann Ráth Chairn, a eagróidh an fhéile, agus muintir na háite ag súil le cuairteoirí ó chuile chearn den tír agus níos faide i gcéin fós.

Cuirfear tús le himeachtaí le féile i Ráth Chairn Déardaoin 12 Samhain nuair a labhróidh Rónán Mac Con Iomaire ar a leabhar Rocky Ros Muc i leabharlann Rath Chairn. Leanfaidh an fhéile ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh 16 Samhain nuair a dhúnfar í tar éis seisiún mór ceoil sa Bhradán Feasa ag 3in.

Tá an fhéile ar an bhfód le os cionn 40 bliain. Bhunaigh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1974 í agus tá sí á cur ar siúl go bliantúil ó shin i leith. Ba é an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich a d’oscail an chéad Fhéile i mBaile Ghib, an baile eile Gaeltachta i gcontae na Mí. Tá Féile na Mí á reachtáil i Ráth Chairn le tamall de bhlianta anuas.

Tá an ceantar ag ceiliúradh ceithre scór bliain i mbliana ó aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Contae na Mí. Bronnadh gradam speisialta ar phobal Ráth Chairn ag Oireachtas na Samhna in Óstán an Citywest an deireadh seachtaine seo caite.

Bhain an baile aitheantas oifigiúil amach mar Ghaeltacht sa bhliain 1967 tar éis feachtas cearta sibhialta a d’eagraigh Craobh Cearta Sibhialta na Gaeltachta, Ráth Chairn.

Bunaíodh an Comharchumann sa bhliain 1973.

Fág freagra ar 'Tá an tOireachtas thart, seo chugainn Féile na Mí'