Messi, Ronaldo, Rodriquez, Kane agus Mo Salah. Cúil neafaiseacha, cúil iontacha, VAR agus cadráil lucht anailíse. Na Gearmánaigh ag cac ar na huibheacha agus na Sasanaigh ag treabhadh leo go stuama. Nach ait agus nach iontach an mac é Corn an Domhain?
Ar dtús báire caithfidh mé mea culpa a rá; ní hé an sacar an spórt is ansa liom. Go deimhin dá gcuirfinn ord tosaíochta le chéile bheadh an ‘cluiche álainn’ sa gceathrú áit, é ag sodar i ndiaidh na caide, na gcamán agus an rugbaí.
Is deacair gean a bheith agat ar an spórt mar is minic nach mbíonn sé álainn. Imreoirí á gcaitheamh féin ar an talamh, ag cur i gcéill agus búiríl ar an réiteoir, ach fós féin…
Taibhsítear dom gur cluiche é inar tábhachtaí an chosaint ná an t-ionsaí, ach fós féin…
Cuireann na himreoirí mustracha, atá loite le peataireacht agus airgead, pip orm, ach fós féin…
Tá rud éigin suaithinseach faoi Chorn an Domhain agus éiríonn leis sleamhnú isteach i scioból do shamhlaíochta gach ceithre bliana. Ba é Mexico ’86 an chéad cheann gur cuimhin liom féin; Platini, Rummenigge, Elkjaer, Lineker, Careca, agus gan amhras an draoi é féin Diego Maradona. Mhair an dúil mhíchuibheasach ó shin.
Ní scéal aon duine amháin óir go mbíonn daoine ar fud an domhain faoi gheasa ag an seó bóthair seo. Meastar gur 3.3 billiún duine a d’fhéach ar an gcomórtas seo nuair a bhí sé ar siúl sa Bhrasaíl ceithre bliana ó shin.
Tá traidisiún fada ag RTÉ ó thaobh chraoladh an chomórtais de agus ní taise don chomórtas seo é le 56 cluiche as 64 á gcraoladh beo acu agus cad é purtís eile ar na hardáin is meáin dhifriúla. Nuair a chuireann tú an t-allagar agus brille bhreaille ar fad san áireamh tánn tú ag caint ar tuairim is 180 uair an chloig don trubhlait gur mhaith leis craos a dhéanamh air féin.
Darragh Maloney, Jacqui Hurley agus Peter Collins sa chathaoir agus raidhse aíonna os a gcomhair. Hope Solo, Keith Andrews, Shay Given, Richard Dunne agus Michael O’Neill earcaithe le suí taobh leis na seanphlandaí Eamon Dunphy agus Liam Brady. Lena chois sin, tá meitheal mhór curtha chun na Rúise.
Tá rógairí Après Match againn chomh maith agus 20 bliain ar an bhfód á gceiliúradh acu. Mar chuid dá n-alfraitsíocht beidh an cluiche réitigh don tríú háit á láithriú acu.
Tá céim na ngrúpaí curtha dínn againn anois agus uisce le fiacla dos na cluichí díbeartha. Bíonn saghas aiféala ormsa ag an bpointe seo óir nach mbeidh cúpla cluiche againn gach lá as seo amach. Tánn tú, a bhuíochas den seinnteoir agus den ghuthán cliste, in ann leathshúil a choimeád ar chluichí fad is a bhíonn gnáthchúraimí an lae á gcur díot agat. Bhí lá amháin acu sin a raibh ceithre chluiche ar siúl, agus an craoladh ar siúl ar feadh tuairim is dhá uair an chloig déag. Ní chabhraíonn an aimsir bhrothallach leis an gceiliúradh ar an gcúits ach oibríonn an 4G ar an dtráigh chomh maith, bíodh a fhios agat.
wtf
Is maith liom breathnù air anois is arís ach ní thèim as mo shlí chun iad a fheiceáil. Is maith liom galamaisíocht, talann, leanbaíocht agus gliocas Ronaldo. Chaithfeá gean a thabhairy dó. Ach an rud a chuireann cantal ormsa ná go gcaithim féachaint ar a oiread sin imreoirí a bheith ag raideadh prioslaí uathu. Nós é sin nach bhfeictear in aon chluiche eile, go bhfios dom. Cad is bun leis sin? Cad as a dtagann an phrioslaíocht ar fad? An faisean é? Agus an cut gáifeach gruaige a bhíonn ar a lán acu …ní áirím na tatúnna.
Des O Murchu
Sacar?zzzz nul points! Des O Murchu