Tá mó sháith agam de lucht anailíse an ‘body language’, a searbhas agus a dtarcaisne

Tá an ruaig curtha ag ár gcolúnaí ar lucht anailíse na peile a bhíonn ag iarraidh an barr a thabhairt leo ó thaobh searbhais, soiniciúlachta agus tarcaisne

Tá mó sháith agam de lucht anailíse an ‘body language’, a searbhas agus a dtarcaisne

Tá sé bunáite sé bliana anois ó stop mé ag tabhairt cluaise d’anailísithe peile an Bhéarla ag leath ama agus ag lán ama i gcluichí den uile mhianach ar an teilifís – breathnaím fós ar bheagán de i nGaeilge agus ní bhíonn de locht agam air sin go minic ach gurb é an trua nach gcuirfí comhairle orthu an Béarlachas a sheachaint. Ach sin scéal eile.

Lena gceart a thabhairt do na Gaeilgeoirí, tugann a bhformhór faoin gcúram atá leagtha orthu – staidéar a dhéanamh ar a bhfuil ag titim amach os a gcomhair agus a mhíniú don duine sa mbaile céard iad na gnéithe is mó de sin a fhágann an scéal agus an scór mar atá sé.

D’fhéadfaí é sin a rá freisin faoi na stáisiúin Bhéarla nó gur tháinig an ard-iomaíocht eatarthu a fheiceann muid inniu agus iad ag iarradh lucht féachana an tsacair agus an rugbaí a mhealladh chucu féin agus na cluichí Gaelacha le cur leis sin sa tír seo.

Anois faraor is minic oiread den ‘tsiamsaíocht éadrom’ ag baint le tuairimíocht leath ama agus lán ama agus a bhíonn den bhreithiúnas. Tá daoine ann i gcónaí a dhéanann iarracht tuairim stuama, mheáite a thabhairt, ach dá mhéid a shantaím iad siúd, tá an ruaig curtha orm ag a gcomrádaithe a bhíonn ag iarraidh an barr a thabhairt leo ó thaobh searbhais, soiniciúlachta agus tarcaisne.

Faraor is orthu siúd a bhíonn an chaint cois cuntair níos deireanaí an oíche sin agus deis acu cur lena gcuid postúlachta sna colúin is gnách lena leithéid a scríobh na laethanta seo sna nuachtáin ar tábhachtaí leo an cheannlíne ná an scéal féin.

Ba leis an sacar ba thúisce a chaith mé mo hata, leis an rugbaí ansin agus faoi dheireadh leis an bpeil Ghaelach.

Cluiche craoibhe ina raibh farasbarr 17 cúilín ag na buaiteoirí a chuir deireadh le mo chuid foighde an uair sin nuair a chuala mé anailísí ag rá gur aithin sé ó ‘body language’ na gcaillteoirí nach raibh aon spéis cheart acu sa dúshlán a bhí rompu.

Tarlaíonn sé go raibh aithne agam ar roinnt díobh siúd ar chuir sé an easpa sin ina leith – fir a raibh blianta dá saol tugtha acu ag traenáil go crua agus ag cleachtadh saoil gur mór a bhí idir é agus an ceann a bhí á chaitheamh ag a gcomhaoiseanna nárbh imreoirí idirchontae iad. Mic léinn a dhiúltaigh postanna samhraidh sna Stáit Aontaithe ar chuid acu agus iad ag féachaint arbh í seo bliain an ghaisce.

Níorbh í, mar go raibh a gcéilí comhraic i bhfad níb fhearr ná iad, rud a cruthaíodh nuair a bhain siadsan Cluiche Ceannais na hÉireann amach níos deireanaí sa mbliain, áit ar chas foireann níos fearr fós orthu.

Cumas agus ábaltacht a thug an lá leo sa dá chás, rud a thuig an t-anailísí go maith, ach bhí a fhios aige freisin gur mhó an t-ardán a bheadh le fáil as a bheith searbh, maslach, tarcaisneach.

Bíonn an t-eisceacht ann. Riamh i mo shaol níor chuala mé Martin Carney taobh leis an tsoiniciúlacht agus é i mbun an chúraim ar RTÉ. Ní chuireann sin aon iontas orm. Is fada an lá aithne agam ar an bhfear uasal céanna agus níl aon athrú ar a mheon ón am a raibh sé féin ina pheileadóir ar fhoirne Dhún na nGall, Choláiste na hOllscoile Gaillimh agus Mhaigh Eo. Tá an chneastacht chéanna ag baint lena chuid anailíse agus a bhí lena chuid imeartha.

Ní bheadh oiread sin milleáin agam ach an oiread orthu siúd a thugann a mbarúil ar na cláracha a chraoltar níos deireanaí oícheanta na himeartha – leithéidí an Sunday Game, Match of the Day agus Against the Head. Ar ndóigh bíonn cúpla uair an chloig acusan barúil níos meáite a chur i dtoll a chéile agus is cluiche ann féin léirmheas a thabhairt ar an gcaoi a dtugann Eddie Brennan, Tomás Ó Sé, Henry Shefflin etc. faoi dhúshláin nár chleachtadar go dtí sin.

Craoltóireacht de mhianach eile ar fad é sin ar ndóigh – gan an brú céanna a bhaineann le freagra a thabhairt ar an bpointe boise ag baint leis.


Ach i gceachtar acu, coinnigh uaim lucht an ‘body language’, in aon teanga.

Fág freagra ar 'Tá mó sháith agam de lucht anailíse an ‘body language’, a searbhas agus a dtarcaisne'