Tá an neodracht tábhachtach dúinn, má tá…

Is aisteach an scéal nach bhfuil aon raic ann faoi chor nua i scéal pholasaí neodrachta an stáit

Tá an neodracht tábhachtach dúinn, má tá…

Tá sé go hoifigiúil anois, cé go bhfuil an rialtas fós ag iarraidh an fhírinne a cheilt le foclaíocht atá débhríoch nó fiú bréagach: níl muid neodrach, fiú go míleata, anois!

Tá sé admhaithe ag an rialtas go bhfuil oiliúint in úsáid uirlisí troda á cur ar fáil ag saighdiúirí na hÉireann d’arm na hÚcráine.

Cibé rud faoin gcur i gcéill a bhaineann leis na gcaint faoi mhianaigh a ghlanadh, ní féidir aon bhrí eile a bhaint as oiliúint in úsáid uirlisí troda ach go bhfuil páirt á glacadh ag saighdiúirí na tíre seo i gcogadh.

Ar ndóigh, ní dhearna an rialtas é sin a admháil go poiblí, ach níor shéan siad ach an oiread an scéal a bhí san Irish Times.

Céard is brí le hoiliúint in úsáid uirlisí troda ach saighdiúirí (sa gcás seo daoine óga ón Úcráin nach bhfuil aon taithí saighdiúireachta acu) a thraenáil don chogadh. Ní féidir a bheith neodrach agus a leithéid a dhéanamh.

Tuigim go bhfuil bá ag móramh mhuintir na hÉireann leis an Úcráin ach má tá muid le páirt dhíreach a ghlacadh sa gcogadh (agus is páirt dhíreach í seo) nach cóir go ndéarfadh an rialtas go poiblí é is go mbeadh, ar a laghad, údarás nó sainordú na Dála taobh thiar de?

I ndáiríre, is léir go bhfuil an rialtas ag súil nach mbeidh aon raic faoi ach ó mhionlach, is go mbeidh siad in ann an t-athrú polasaí seo a thabhairt isteach gan aon chonspóid.

Tá sé léirithe i bpobalbhreitheanna éagsúla go bhfuil móramh mór sa tír ar son na neodrachta, agus sin é an fáth go ndeir an rialtas i gcónaí go bhfuil muid ag cloí leis na bpolasaí sin, cé gur léir nach bhfuil.

Ach is léiriú ar an gcineál bréagneodrachta atá i gceist acu an cruinniú a reáchtáladh sa Dáil ag deireadh na seachtaine seo caite le dhá chéad ionadaí tofa ó Mheiriceá.

Tá an rialtas ag rá nach bhfuil sonraí an chruinnithe ar fáil againn de bharr riachtanais slándála!

Is iad Paul McAuliffe, TD, comhthionólaí an Ghrúpa Cairdis idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Éirinn de chuid an Oireachtais, agus an Seanadóir Mark Daly, idirghabhálaí an Oireachtais le Comhdháil SAM, a thug cuireadh don dá chéad Meiriceánach.

Éacht gan dabht, ach nach ait nach féidir an Dáil a thabhairt ar ais le díospóireacht a dhéanamh faoin gcor nua seo i bpolasaí an stáit ach gur féidir cruinniú le clár rúnda a eagrú le haghaidh polaiteoirí Mheiriceá.

Séard a léiríonn an scéal seo (nach bhfuair mórán poiblíochta) go bhfuil an pobal i gcoitinne ar son na neodrachta ach nach bhfuil an scéal chomh tábhachtach dóibh agus go gcaillfeadh an rialtas aon vótaí mar gheall air – nó sin atá an rialtas ag súil leis.

Ar ndóigh tá drogall ar dhaoine labhairt amach róláidir faoin neodracht ag an bpointe seo mar gheall ar chogadh na hÚcráine.

Agus tá modh oibre an rialtais ag éirí níos soiléire freisin. In ionad aon rud a dhéanamh go díreach, cosúil leis an bhfóram ar theip air a d’eagraigh an rialtas níos túisce sa samhradh, is cosúil go bhfuil cinneadh déanta acu neamhaird ar fad a dhéanamh den neodracht ó thaobh gnímh de ach leanacht orthu ag caint faoi ag an am céanna.

Cur i gcéill thar a bheith ‘Éireannach’ gan dabht!

Fágann sé ceist mhór dúinn uilig. Má deir muid go bhfuil neodracht tábhachtach dúinn, cén fáth nach bhfuil raic ar bith ann faoin scéal go bhfuil oiliúint a thabhairt d’arm na hÚcráine?

Is éasca a thuiscint cén fáth nach dteastaíonn ón rialtas mórán poiblíochta a bheith ann faoin scéal, ach céard faoin bhfreasúra?

Cinnte, tá Pobal Seachas Brabús ag déanamh gearán is ag éileamh díospóireacht Dála agus aisghairm luath na Dála don díospóireacht sin, ach cén fáth go bhfuil Sinn Féin chomh ciúin?

Feictear domsa go bhfuil Sinn Féin leochaileach faoi rud ar bith a bhaineann leis an Úcráin toisc go raibh faitíos orthu sular thosaigh an cogadh sin go mbainfeadh a naimhde leas as an gcaidreamh sibhialta a mhol siad leis an Rúis. Cheap siad go raibh sé tábhachtach a bheith níos láidre ar son na hÚcráine ná dream ar bith eile mar gheall air sin.

Sin é an fáth gur ghlac siad seasamh chomh láidir sin agus iad ag iarraidh go ndíbreofaí ambasadóir na Rúise as an tír seo.

Cinnte, ní féidir slat na Rúise a úsáid le tabhairt faoi Shinn Féin, ach cá bhfágann sin an páirtí maidir le neodracht murar féidir leo labhairt amach faoi seo?

B’fhéidir go gcinnteoidh Richard Boyd Barret is a chairde nach mbeidh aon dul as acu, ach ceapaim go bhfuil sé in am againn stop a chur leis an gcur i gcéill agus an fhírinne a insint do mhuintir na hÉireann.

Fág freagra ar 'Tá an neodracht tábhachtach dúinn, má tá…'

  • Garry Bannister

    Tá an ceart go hiomlán agat, Eoin. Is deargnáire é an neamhaird agus an drochmheas a chaitheann polaiteoirí na bpríomhpháirtithe ar spiorad agus aidhmeanna bhunreacht na hÉireann. Bíonn i gcónaí ‘cúiseanna maithe’ le haghaidh cogaidh ar bith ach is iad na daoine óga a íocann an praghas, ní na polaiteoirí agus na billiúnaithe a bhíonn ina suí go te ag breith leo na sochair as a ndíbhlíocht mhailíseach uile. Tá píosa deas sa tsraith ghreannmhar Blackadder ina ndeir an Ginearál Sir Anthony Melchett leis an saighdiúir singil, Balrick atá sna trinsí agus ar tí bás a fháil ar son ‘rí agus tíre’ gan imní ar bith a bheith air mar beidh seisean agus na ginearáil eile taobh thiar de… ‘Beidh cinnte,’ arsa Blackadder, ‘tríocha míle taobh thiar díot!’ Ach má thosaíonn an tríú cogadh domhanda, nach cuma anois cá mbeidh duine ar bith ar an bplainéad seo – beidh muid uile go léir marbh.

  • Seosamh Ó Beirgin

    I gcomhthéacs an ailt seo, níl rud ar bith uasal faoi an neodracht, an neodracht mhíleata san áireamh. Má tá ár bhfórsaí míleata in ann cabhrú leis na hÚcránaigh nó oilúint a thabhairt dóibh, táim sásta go ndéana siad amhlaidh.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní aontaím ar chóir ar bith le cogadh. An lámh láidir in úsáid ag tír amháin thar tír eile – is cuma cén tír é. Tá’n timpeallacht agus an dúlra á scrios ag na dreamanna seo. An bhfuil tionchar ag cogadh agus buamaí ar an athrú aeráide? Caidé’n méid bunábhar a tharraingítear as an talamh leis na huirlisí troda a dhéanamh? Agus, de ghnáth, is iad ceannairí fireann a bhíonn i mbun troda go minic…

  • Garry Bannister

    A Sheosaimh, is féidir mileán go leor a fháil le cur ar an dá thaobh sa chogadh seo. Cén fáth go raibh rialtas na hÚcráine ag bombardaíocht Oirthear na hÚcráine agus i mbun an ghlanta eithnigh ar feadh seacht mbliana? Cén fáth nár chloígh an tIarthar leis na conarthaí síochána Minsk 1 agus Minsk 2 a bhí sínithe acu? Nílim ag iarraidh anseo taobh ar bith a thógáil maidir leis an gcogadh uafásach seo ach nach léir do chách ag an bpointe seo dár saol nach féidir an domhan léanmhar seo a roinnt go simplí ina ‘lucht córa agus lucht coire’. Nach gcríochnóidh an cogadh fuilteach seo sa deireadh thiar thall le cainteanna síochána? Ach cá mhéad daoine, a Sheosaimh, go gcaithfear a mharú sula dtosóidh na cainteanna sin?

  • Gabriel Rosenstock

    Ní raghfá féin amach ag cuidiú leo, an raghfá , a Sheosaimh?
    Tá an domhan seo bunaithe ar an iomaíocht. Is ag iomaíocht a bhímid ó bhíomar inar dtachráin.
    Cé hé an páiste is fearr sa rang? Cé a bhuafaidh an rás 100 méadar? Cén coileach is glóraí ar chairn aoiligh uile na tíre? Ag iomaíocht a bhíonn comhlachtaí an domhain – Pepsi nó Coke? Agus is ag iomaíocht a bhíonn náisiúin lena chéile chomh maith. Go dtí go mbeidh deireadh leis an náisiúnstát, leanfaidh coimhlintí agus cogaí ar aghaidh go deo.
    Tá bealach eile ann, bealach na neamhiomaíochta, bealach na neodrachta. Ní gá duit a bheith i do Chríostaí chun teacht le Matha 5.9: ‘Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.’
    Is é a deir an neodracht mhíleata, i mbeagán focal: ‘Bígí ag iomaíocht lena chéile, más mian libh, a amadána, bígí ag troid, bígí ag marú a chéile. Ní ghlacfaimidne páirt sna cluichí brúdiúla seo. Ach más mian libh gunnaí an domhain a scriosadh agus dí-armáil a phlé, beimidne – muintir na hÉireann – sásta comhchainteanna a shocrú daoibh. Ar bhur son féin agus ar son mhuintir an domhain trí chéile, éirigí as agus osclaígí doirse na síochána agus na saoirse.’

  • Conchubhar Ó Dálaigh

    “Cén fáth go raibh rialtas na hÚcráine ag bombardaíocht Oirthear na hÚcráine agus i mbun an ghlanta eithnigh ar feadh seacht mbliana?”

    Níor tharla a leithéid.

    Fíricí anseo: https://ukraine.un.org/sites/default/files/2022-02/Conflict-related%20civilian%20casualties%20as%20of%2031%20December%202021%20%28rev%2027%20January%202022%29%20corr%20EN_0.pdf

    Féach ar na táblaí ar lch 3 ach go háirithe.

  • Garry Bannister

    Togha, Gabriel! Togha ar fad! Go maire tú an céad!!

  • Concubhar

    Is ionann neodracht sa chás seo agus tacú le brúidiúlacht na Rúise ar mhuintir na h-Úcráine. Samhlaigh an phort a bheadh ag Eoin dá mba rud é go raibh fórsa impiriúil ag sléachtú pobal ár dtír féin…..? Tá an dream a thacaíonn le neodracht geanmnaí na hÉireann agus tír is sibhialtaigh na hÚcráine faoi íonsaí bhrúidiúil na Rúise ar an Úcráin agus iad ag marú sibhialtaigh sa tír sin gach lá le diuracáin is roicéid, ag éagnú na mban, ag marú na bpáistí. Ar maraíodh oiread is sibhíaltach amháin Rúiseach? Buíochas le Dia nár deineadh. Ní fheadar cad a dhéarfadh Eoin dá mba rud é go raibh an bróg ar an gcos eile agus an Rúis faoi íonsaí bharbartha? B’fhearr liom gan a bheith sáite i gcogadh mé féin, nior mhaith liom mo pháistí bheith sáite ann ná páistí aon duine eile a bheith sáite ann ach chomh beag. Ach b’fhearr liom go mbeadh ár Rialtas bheith ag léiriú tacaíochta don dream atá faoi íonsaí sa chás seo ná ag suí ar leataobh le béalchráifeacht geanmnaí, amhail is ná rabhamar daonna.

  • Garry Bannister

    A Chonchubhair!, is féidir le heagraíochtaí atá faoi smacht ag na Stáit Aontaithe, an Bhreatain Mhór agus an Fhrainc a rogha rud a rá agus aon rud a chur síos ina ndoiciméid ‘oifigiúla’ faoin choimhlint ghránna san Úcrain. Is dócha nach bhfuil glanadh eithneach ar siúl faoi láthair sa Phalaistín ach oiread agus gur bhain Bashar al-Assad úsáid as airm cheimiceacha i nDouma a thug leithscéal breá eile do Mheiriceá agus don Bhreatain Mhór le hionsaí míleata a thabhairt faoi mhuintir bhocht na Siria: (https://thegrayzone.com/2019/05/25/opcw-syria-gas-attack-staged-theodore-postol/). Díreach mar tharla don phobal Caitliceach i dTuaiceart na hÉireann agus a chuir faoi deara na Trioblóidí fada fuilteacha ansin nuair nár tugadh a gcearta sibhialta do Chaitlicigh Uladh – gan ceart vótála acu fiú agus iad de shíor faoi ionsaí de chuile shórt ag an bpobal Protastúnach a bhí i gceannas ar an gcóras cinedheighilte sin – sin díreach mar atá an scéal san Úcráin le fada. Cuireadh baill uile den fhreasara polaitiúil i bpríosún, dúnadh scoileanna inar múineadh na daltaí trí theanga na Rúisise, cuireadh cosc ar labhairt na Rúisise go poiblí agus a lán eile seachas sin. Bhí agus tá fós cathláin de chuid na hÚcráine a fhógraíonn go hoscailte gur faisistigh iad – saighdiúirí de chuid na mbriogáidí Bandera, mar shampla (na cathláin Azov). Agus is dócha nár loisc faisistigh na hÚcraine agóideoirí síochánta i bhfoirgneamh na gCearchumann in Odessa? Tá uafáis ag tarlú ar an dá thaobh sa choimhlint éigiallta seo, tá coireanna brúidiúla ar siúl ag an dá thaobh freisin – níl dabht na argóint faoi sin -ach… dá bhrí sin amháin nach luíonn sé le réasún gur fearr deireadh a chur leis an sléacht is ár uile trí chainteanna síochána? Ní thagann as béal gunna choíche ach bás agus léan. Is mithid dúinn bealaí síochanta a thiail san aonú haois fichead seo – nach leor dúinn faoi seo polasaithe na ngríosóirí cogaidh – mar a dúirt John Lennon: ‘Tabhair seans don tsíocháin!’

  • Máire

    Tá an chuma ar an scéal go mbréagnaíonn an t-eolas atá curtha ar fáil ag Conchubhar an méid atá á rá ag Garry. An bhfuil malairt fianaise ag Garry a chruthaíonn go ndearna an Úcráin glanadh eitneach in oirthear na hÚcráine? Dúirt sé cheana gur shínigh Putin agus Zelensky conradh síochána go luath sa chogadh. Más fíor, tá na meáín chumarsáide á cheilt seo orainn, rud atá náireach. An bhfuil téacs an chonradh seo ar fáil – in aon teanga? Nó níos fearr fós, facsimile de le sínithe Zelensky agus Putin air? Tá a lán cainte faoi Minsk agus leaganacha difriúa den scéal léite agam agus tá mearbhall orm faoi. An bhfuil na conarthaí seo ar fáil in aon áit? An téacs atá i gceist agam? Concubhar? Garry?

  • Eoinín

    Tá sé tugtha faoi deara agam an mórchuid acu siúd a deireann go bhfuil siad neodrach go gcaitheann siad cuid is mó dá cuid cainte ag tabhairt cúiseanna go bhfuil an milleán ar gach éinne seachas an Rúis go ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin.

  • Garry Bannister

    Haigh, a Mháire. Seo píosa beag duit mar gheall ar an chonradh síochána faoina raibh mé ag scríobh: https://www.livemint.com/news/world/putin-publicly-shows-draft-of-peace-treaty-signed-by-russia-ukraine-in-2022-watch-11687136116863.html

    Nuair a thosaíonn cogadh ar bith, ní féidir linn, faraor, a bheith cinnte dearfa faoi aon rud a deirtear nó a scríobhtar de dheasca na bolscaireachta agus na mbréag dubh ón dá thaobh. Is féidir linn, áfach, bheith cinnte faoi rud amháin maidir le torthaí cogaidh ar bith – is iad an bás, fulaingt agus na brabúis mhóra.

  • Séamus

    A Gerry, maidir le Minsk 1 agus 2; is é an comhthéacs inar síníodh na comhaontuithe sin ná síor-chogaíocht idir fórsaí Rúiseacha in Oirthear na hÚcráine agus an Úcráin. Níor cuireadh stop leis an troid agus measaim go gceapann na hÚcrainigh faoin tráth seo – agus cúis acu – nach raibh i gceist leis na comhaontuithe sin ach cur i gcéill agus bealach chun tíortha an Iarthair a shásamh ar feadh tamaill ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh leis na hionsaithe san Oirthear.
    Ní dóigh liom féin go bhfuil éinne ina ‘aingeal’ anseo, ar ndóigh, ach is í an fhadhb bhunúsach i gcónaí ná nach bhfuil meas ag rialtas na Rúise ar an gceart atá ag an Úcráin a cinntí féin a dhéanamh agus gur mian leo, go fadtéarmach, ‘satellite’ a dhéanamh den Úcráin.
    Sheachain tú an cheist ó Mháire, dála an scéil, maidir le ‘glanadh eitneach’ in Oirthear na hÚcráine.

  • Máire

    Á Garry tá díomá orm. Shíl mé gur duine stuama tú. Tá éacht déanta agat i réimsí eile . Ná bí ag déanamh ceap magaidh duit fhéin. An fianaise go bhfuil an ‘conradh’ seo ann ná go ndúirt Putin é???!!!! Ach níl aon téacs den chonradh seo curtha ar fail???!!! Agus ansin duirt tú ‘ní féidir linn, faraor, a bheith cinnte dearfa faoi aon rud a deirtear nó a scríobhtar de dheasca na bolscaireachta agus na mbréag dubh ón dá thaobh’!!!!!???? In ainm Dé leag as. Dealraíonn sé go raibh tú mícheart faoin nglanadh eitneach agus freisin. Ní thuigim Minsk – tá se an-chasta – ach ní bheinn ag cur muinín sa rud a dúírt tú faoi díreach toisc go ndúirt tú é anois. Ach an-díomách.

  • Máire

    ps. Mar a tharlaíonn sé is cuimhin rud éigin a léamh faoi Putin ag craitheadh an píosa páipear sin thart. Cheap mé go gcaithfidh sé go raibh rud eile nó fianaise éigin eile i gceist agat. Níor rith sé liom go mbeifeá chomh saonta sin. Brón orm é sin a rá. Ta éacht déanta agat leis an téasáras. Léiriú go gcreidfidh fiú na daoine is léannta an rud ar mian leo a chreidiúnt.

  • Garry Bannister

    An chúis, a Eoinín, go luaimse peacaí an Iarthair mar is annamh go leor go gcloisimidne sna meáin anseo ach gur “cogadh gan chúis gan ábhar ionsaí na Rúise faoin Úcráin”. Ní fhaighimidne ach cuntas leataobhach amháin ó TG 4, RTÉ, BBC agus Channel 4. An pointe atá mise agus a lán síochánaithe eile ag iarraidh a chur ina luí ar na daoine úd atá ag tabhairt tacaíocht don doirteadh fola ar son fuascailt na hÚcráine ná go dtógann sé beirt chun tango a dhamhsa agus go bhfuil bealach níos fearr ann seachas cogaí, cogaí, agus cogaí gan deireadh. Ní bheidh aon taobh sásta go hiomlán le conradh síochána ar bith ach is fearr go mór conradh síochána bacach a bheith againn ná an marú síoraí agus an t-ár. Mar a dúirt Clare Daly i bParlaimint na hEorpa – ní chloisimid aon fhocal cáinte faoi fhorghabháil na Siria ná faoin chinedhíothú sa Phalaistín agus níor chuala mé glaonna uafáis sa phreas riamh mar gheall ar a raibh ar siúl san Afganastáin ar feadh fiche bliain fhada. Is cás i gcónaí é den phota ag aoradh ar an gciteal!

  • Garry Bannister

    Haigh, a Mháire, Go raibh míle maith agat as na focail chineálta i leith an Teasárais. Ba lách uait é. Ba mhaith liom go pearsanta cuireadh a chur chugat don seoladh oifigiúil ar an 12ù de Mheán Fómhair i dTeach an Ard-Mhéara ag 6.30 san iarnóin. Maidir leis an gconradh a bhi ann nach beag. Bíonn sé deacair go leor fíricí ar bith a aimsiú i gceo an chogaidh mar is eol duit féin, ní bhíonn á dhéanamh againn i ndáiríre ach ag iarraidh píosaí de mhíreanna mearaí a chur le chéile nuair nach bhfuil na píosaí uile ann. Tá a lán tráchtairí ón Iarthar a ghlacann leis gurbh é Boris Johnson a chuir stop le síniú an chonartha díreach tar éis laethanta tosaigh an ionsaithe Rúisigh. Agus níor dhiúltaigh Zelenskí riamh nach raibh sé ar intinn aige conradh síochána a shíniú ach oiread. Ach mar a d’admhaigh mé cheana ní féidir bheith cinnte faoi aon rud ach amháin go leanfaidh an doirteadh fola san Úcráin go dtí go bhfuil conradh éigin sínithe acu. Le dea-mhéin agus buíochas, Garry.

  • Máire

    Garry a chara, scríobh thú cheana:’ Cén fáth nuair a bhí an conradh síochána sínithe ag Zelenskí le Putin i dtosach an chogaidh uafásaigh seo gur tháinig Boris Johnson chun na hÚcraine le stop a chur leis?. Agus arís: ‘Ach nuair a bhí an conradh síochána sínithe i dtosach an chogaidh uafásaigh seo, sula raibh an dúch fiú tirim ar phár an chonartha bhí Boris Johnson ar an láthair ag scaipeadh gach dóchas le stop a chur leis an sléacht a bhí ar siúl agus an t-ár a bhí le teacht.’ Ach nuair a iarradh ort fianaise a chur ar fáil do seo d’athraigh tú do phort. Anois tá tú ag trácht ar an ‘gconradh a bhi ann nach beag’ agus gur chuir Boris Johnson stop le síniú aon chonartha.’ Tá beirthe amach ort faoi dhó…. an ‘conradh síóchána’ agus an ‘glanadh eitneach’. I gcead duit a chara, táim ag ceapadh go bhfuil tú beagáinín out of your depth anseo…. Is saineolaí den scoth thú ar teanga na Gaeilge ach ní haon saineolaí ar chúrsaí polaitiúla idirnáisiúnta tú faraoir…

  • Garry Bannister

    Cinnte dearfa, a Mháire, is féidir beag is fiú a dhéanamh de mo chuid argóintí agus a rá lena chois go bhfuilim ag baint ‘thar mo chumas’ i gcúrsaí polaitíochta. Ach mura miste leat, fanfaidh mé le mo thuairimse. Cé nach féidir a bheith lánchinnte faoi aon fhíricí le linn cogaidh, mar a dúirt mé cheana, is féidir áfach gan dul amú ró-mhór bheith ort, a rá gur iomaí míghníomh a bhíonn á dhéanamh ag an dá thaobh le linn cogaidh ar bith. Ceapann a lán daoine san Iarthar nach bhfuil in Putin ach diabhal uafásach nó Hitler nua agus go bhfuil Biden ina laoch nua-aoiseach ar son na saoirse agus an daonlathais – ach ní ghéillimse don síscéal saonta sin. Creideann tromlach tráchtairí an Iarthair fós go gcaithfimid Putin a stopadh, ach creideann mise go gcaithfimid an cogadh féin a stopadh. Tá aos óg na hÚcráine agus na Rúise ag fáil bháis agus tá sé de dhualgas orainne mar náisiún neodrach labhairt amach os ard i gcoinne an chogaidh seo (agus i gcoinne cogaidh ar bith). Fiú dá n-éireodh le SAM Putin a chur as oifig nó a mharú, an gceapann tú i ndáiríre go gcuirfeadh sin deireadh leis an chogaíocht? D’éireodh an suíomh polaitiúil sa Rúis i bhfad Éireann níos suaite agus níos contúirtí fós ná mar atá sé anois. Ní feidir leis an Úcráin an cogadh seo a bhuachan mura dtagann NATO isteach sa scéal …agus sin, a Mháire, sin tús an deiridh.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Daoine mar GB agus EÓM, ní thréigfidh siad an Brezhneimheachas go deo. Ní haon mhaith an argoint.

  • Concubhar

    Tabhair seans don síocháin, deir Garry. Amhail is gur ‘cogadh’ atá i gceist nuair is ionradh brúidiúil ag an Rúis ar an Úcráin atá ann, agus a bhí ann i 2014. Ceist mór morálta na h-aoise é seo, an oiread go raibh ruaigeadh Hitler ina chúis mhór sna 1940í. Má tá trua agat dos na Palaistínigh, agus tá agam, is iad faoi ionsaí ag Iosrael, bíodh trua agat dos na hÚcráinigh. Níl aon leithscéal ag Putin atá inghlachta ar son a bhrúidiúlacht. Hitler ár linne.