Tá an iománaíocht ag athrú agus beidh go deo

Chomh luath agus a bhíonn Corn Mhic Cárthaigh bronnta ar churaidh na hÉireann bíonn na contaetha eile ag ceapadh seifteanna nua chun iad a chloí

Tá an iománaíocht ag athrú agus beidh go deo

Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Is ait an séasúr é ar mhórán slite de bharr na paindéime, ach bhí roinnt torthaí maithe air go dtí seo ó thaobh amchlár ár gcluichí Gaelacha.

Thóg sé eachtra dhomhanda fhíor-neamhghnách chun cothrom na Féinne éigin a fháil do na himreoirí club go léir a bhíonn ag fanacht go foighneach gach bliain féachaint cén dul chun cinn a dhéanfaidh an fhoireann contae agus an mbeidh ‘cead’ an bhainisteora idirchontae ag a gcomhghleacaithe club imirt leo roimh thús na craoibhe.

In 2021 i rith agus (le cúnamh Dé) i ndiaidh phaindéim an Covid-19, ní thiocfaidh an club agus an contae salach ar a chéile. Is iontach an dul chun cinn é sin. Faoin seanchóras bhí sé thar a bheith dian ar na himreoirí contae a bhíodh ag iarraidh an dá thrá a fhreastal agus ar na himreoirí club a bhí fágtha ar an trá fholamh do thréimhsí fada gach bliain.

An deireadh seachtaine seo tá na himreoirí club ag leanúint ar aghaidh le cluichí sraithe d’uireasa a n-imreoirí contae agus na himreoirí contae beagnach ullamh chun tosnú amach ar an turas craoibhe. Cluichí a theastaíonn ó gach imreoir agus b’in a bhí acu i mbliana, cúpla seachtain de réamhshéasúr, ansin sraith iomlán cúig chluiche taobh istigh de shé seachtaine agus briseadh seachtaine nó coicíse ina diaidh roimh thús na gcluichí craoibhe. Tá sé sin i bhfad níos fearr ná an 30 oíche traenála do chluiche amháin a bhíodh ag an gcuid is mó de na himreoirí idirchontae le fada. Beidh rudaí níos fearr fós an chéad séasúr eile, le cúnamh Dé, nuair a bheidh na seastáin lán agus na comórtais chraoibhe chúige á rith, mar a bhí le cúpla bliain roimh Covid, i bhfoirm sraithe.

I ndiaidh Shraith Náisiúnta na bliana seo tá na bainisteoirí i bhfad níos eolaí maidir lena bpainéil agus an chéad fiche imreoir a mbeidh siad ag brath orthu sa chraobh. Bhí rudaí ann a chuir as dóibh le linn na gcluichí sraithe ach sin mar a bhíonn gach bliain. Bhí mórán ag déanamh tinnis freisin do na leantóirí.

Tá liosta fada ceisteanna á bplé na laethanta seo, ina measc an bhéim ar sheilbh na liathróide, riail an bhuntáiste, riail na gcoiscéimeanna, an phasáil láimhe, úsáid na láimhe díomhaoine, líon na bpocanna saora, meáchan agus dath an tsliotair, ganntanas cúl (go dtí babhta a ceathair), an iomarca cúilíní, na maoir foirne, an briseadh uisce agus cúrsaí réiteoireachta.

Maidir leis na réiteoirí céanna tá mórán brú orthu agus gach cinneadh á scrúdú agus á phlé go mion. Tá sé thar a bheith deacair orthu réiteoireacht a dhéanamh ar na clibirtí, atá mar chuid lárnach de gach cluiche anois. Cé air a bhronnfaidh tú poc saor nuair atá dosaen camán agus dhá dhosaen lámh agus cos sa tóir ar an aon liathróidín bheag bhuí amháin. Is fada anois uainn na laethanta nuair a d’fhanfadh imreoirí ina n-ionaid féin ar an bpáirc agus nuair is coimhlintí beirte den chuid is mó a bhíodh ann do sheilbh an tsliotair.

Ní rófhada ó shin ó bhíodh an-bhéim san anailís ar bhlocáil agus ar an gcor camáin, ach is ar an aistriú seilbhe, nó an ‘turnover’, agus ar líon na dteagmhálaithe is mó a bhíonn béim ag lucht na staitisticí. Nuair a bhíonn foirne ag déanamh anailíse i ndiaidh cluichí is iad sin na rudaí is mó a mbíonn aird acu orthu, seachas, gan dabht, an scór deireanach, rud a bhfuil an tábhacht chéanna i gcónaí leis! Baineann gach ar scríobh mé sa dara cuid den alt seo le forbairt agus éabhlóid na hiomána.

Níl aon dabht ach go bhfuil an spórt ag athrú agus beidh go deo. Chomh luath agus a bhíonn Corn Mhic Cárthaigh bronnta ar churaidh na hÉireann bíonn na contaetha eile ag ceapadh seifteanna nua chun iad a chloí.

Athraíonn cúrsaí. Bíonn dul chun cinn agus éabhlóid i gceist.

B’fhearr dúinn glacadh leis, déarfainn.

Fág freagra ar 'Tá an iománaíocht ag athrú agus beidh go deo'

  • alan titley

    An ceart ag John gan amhras, an cluiche ag athrú an t-am ar fad agus is maith sin. Ní chun leasa gach athrú gan amhras, agus sin fáth an phlé faoi láthair. Go leor moltaí á ndéanamh chun nach cispheil (mar a shamhlaím go minic) a bheadh sa chluiche, is é sin, nuair a fhaightear an liathróid bítear ag súil go bhfaighfear scór. Nuair a bhíos im dhéagóir, bhí corn iomána faoi 16 sa chathair i gCorcaigh, the Fr O’Callaghan Cup agus rialacha faoi leith ag baint leis. Ní raibh cead agat an sliotar a ardú isteach id láimh ón talamh. D’fhéadfaí breith air dá dtiocfadh chugat san aer, nó dá bpreabfadh ar an talamh, ach ní raibh ceadaithe é a ardú isteach id láimh go díreach. Is chun feabhas a chur ar an iomáint ar an talamh a bhí sé ann. Sílim gur riail den scoth ba ea é. Dá smaoineofaí arís air bheadh i bhfad níos mó cúl againn!