Tá an Ghaeltacht le cloisteáil in arraingeacha an bháis ach níl aon duine ag éisteacht

Is beag dul chun cinn a dhéanfar ó thaobh na Gaeilge sa Ghaeltacht fad is gur focal toirmiscthe an focal ‘géarchéim’ féin ag airí rialtais, státseirbhísigh agus lucht pleanála

Tá an Ghaeltacht le cloisteáil in arraingeacha an bháis ach níl aon duine ag éisteacht

Ní hannamh a mheabhraítear dúinn go bhfuil an Ghaeltacht sna críocha deireanacha. Ceithre bliana déag ó shin a d’fhoilsigh Conchúr Ó Giollagáin agus a chriú torthaí a n-X-ghathaithe féin agus ba léir na scamhóga a bheith foirgthe.

Sa daonáireamh deireanach chualathas an créatúr bocht in arraingeacha an bháis.  Agus anois seo chugainn Tuarascáil Taighde Thuismitheoirí na Gaeltachta agus an t-eolas a bhí soiléir ón Daonáireamh ach a ndearnadh neamhaird air i ranna rialtais agus mórán chuile áit eile seachas ar an suíomh seo. Tá an t-eolas cuimsithe ina chéile arís agus leagan cuidsúlach ildaite de thorthaí an choiste cróinéara againn ag súil le Dia go dtabharfar suntas de. Agus an Dáil ar scor!

Breanndán Ó Beaglaoich agus Donncha Ó hÉallaithe. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

A bhuíochas don imirce is iomaí teaghlach sa nGaeltacht nach Gaeilgeoir duine de na tuismitheoirí agus nach sa nGaeltacht a chuir siad tús lena saol pósta is teaghlaigh. Ní hiontas mar sin go mbeadh teaghlaigh na Gaeltachta chomh hilchineálach le haon áit eile ach an difríocht gur mórtheanga agus teanga mhionlaithe atá ag coraíocht lena chéile.

De réir thaighde Uí Ghiollagáin tá daoine ann a labhraíonn Gaeilge lena gclann agus sa bpobal, daoine a bhfuil sí acu agus nach labhraíonn sa mbaile í ach a labhraíonn í sa bpobaI, daoine nach bhfuil an cumas acu ach ar mhian leo go mbeadh agus a d’úsáidfeadh í sa bpobal agus ansin an dream nach bhfuil sí acu agus nach n-airíonn uathu í.

Breanndán ag ceol le Johnny Óg Connolly. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Deirtear linn go bhfuil 12,586 teaghlach nó 99,617 duine ina gcónaí sa nGaeltacht oifigiúil agus labhraíonn 2,889 teaghlach acu [23%] Gaeilge chuile lá.  Cuimhnigh gur dóigh ná a mhalairt gur duine amháin as an teaghlach a líon an daonáireamh agus níl a fhios againn cé mhéad Gaeilge a labhraítear sa teaghlach sin nó an labhraíonn gach aoisghrúpa Gaeilge leis an gcuid eile nó an corrfhocal anonn is anall sa teach a bhíonn i gceist.

Cuirfidh mé an taobh is fearr amuigh – duine as gach ceathrar gur Gaeilge is túisce ar a bhéal. Má chasann an triúr eile air an iompóidh an triúr ar an nGaeilge mar chúirtéis? An dtuigfidh siad gur mínós Béarla a bhrú air? An gasúirín as an teaghlach sin atá ag cóisir leanaí i dteach an Bhéarla, céard a labhróidh sé? I gclós na scoile? Ag cúirtéireacht ina dhéaga? Ar an mbus scoile? Cá bhfaighidh sé foclóir is deise labhartha ina theanga?

Moltar sa tuarascáil seo go dtabharfaí cuidiú don 23% sin le misneach a thabhairt dóibh gur fiú a n-iarracht ach a bheith cáiréiseach mar gur gnó gach tuismitheora teanga an teallaigh. Ní oileán é aon teaghlach agus ní aithníonn an phraiseach bhuí aon fhál. Ach tá taighde eile molta ar ‘cén fáth Béarla’! Cuirtear an cheist sin freisin ar an státchóras atá mo phlúchadh le Béarla ó rugadh mé, in aghaidh mo thola.

Faraor géar is mór é m’fhaitíos gur beag dul chun cinn a dhéanfar fad is gur focal toirmiscthe an focal ‘géarchéim’ féin ag airí rialtais agus státseirbhísigh. Nuair a fógraíodh géarchéim sa tsláinte phoiblí agus i gcúrsaí aeráide, rinneadh gníomh. Sin an tábhacht atá leis an rabhadh dearg.

An tseachtain chéanna bhí Breanndán Ó Beaglaoich ag taisteal na Gaeltachta agus na croiseanna aige a léiríonn bánú na tuaithe agus na Gaeltachta. Is dóigh liomsa go bhfuil pointe á dhéanamh ag an mBeaglaoch ó Thodhchaí na Tuaithe atá an-suntasach.

Agus mé ag éisteacht leis ar Iris Aniar is ea a thuig mé ceann d’easpaí na pleanála. Leag fear Bhaile na bPoc a mhéar ar an diomar mór a bhaineann leis an gcóras. Déanann innealtóirí tástáil ar an uisce agus ar an siltean ar an suíomh agus ar an tionchar a bheidh aige ar an tírdhreach. Má chuirtear dóthain brú ar na húdaráis phleanála cuirtear tionchar teanga aon fhorbairt tithíochta sa gcomhaireamh agus cead pleanála á scrúdú. Cinntítear go bhfuil smeadar Gaeilge ag duine, is cuma an labhróidh sé í nó nach labhróidh.

Ach ní bhactar beag ná mór leis an tionchar fadtéarmach teanga, cultúir, pobail ná socheolaíochta a bheidh ag neamhchead cónaithe ar an gceantar.

Brúigh na lánúineacha óga isteach sna bruachbhailte – áit a mbeidh teanga eile i réim sa naíolann, sa scoil agus sa bpobal. Áit nach mbeidh Mamó ná Deaideo agat lá cruóige. Fág Mamó agus Deaideo sa gceantar bánaithe, scaoil garraí is loch chun fiántais, fág bráite ag an sceartán sa raithneach agus fág tithe tréigthe ag fámairí an ghustail mar nach acmhainn don ghnáthoibrí iad.

Ach aon chruóg a bheith ar an seandream beidh cúramóirí ag saothrú punt nó sacfar isteach in ionad altranais iad, beag beann ar theanga.

Nuair a bhíodh cead, gan iomarca moille is costais, ag daoine óga cur fúthu in aice lena muintir bhain an pobal uilig leas as agus iad ag cuidiú lena chéile agus ag coinneáil comhluadair lena chéile. Agus ar ndóigh teanga an dúchais a bhíodh i réim.

Agus an scéal seo scrúdaithe aige, measann an Beaglaoch gur sa mBruiséil a rinneadh an polasaí an tuath a bhánú, go gcuireann Baile Átha Cliath i bhfeidhm é agus nach bhfuil cumhacht dá laghad ag na Comhairlí Contae.

Nach bhfuil sé in am a chuid moltaí a scrúdú agus tionchar socheolaíochta is teanga an bhánaithe a chur sa gcomhaireamh? Cé acu is mó dochar teach a thógáil le taobh na seanmhuintire nó teach a cheannach go daor ar eastát i mBearna an Bhéarla? Ní duine as ceathrar a bheas sa gcéad daonáireamh eile ach duine as ochtar.

An é leas an phobail agus a gcultúir nó dílseacht do pholasaí atá bunaithe ar an uirbeachas is tábhachtaí leis na húdaráis phleanála is riaracháin? Cén fáth go bhfuil cead ag Uisce Éireann an fharraige a bhréanú ach ní leor don duine aonair i ngarraí leathacra córas cóireála ar ardchaighdeán?

Ní ag déanamh beag d’iarrachtaí na bhfostaithe gairmiúla ar a lá pá a scrúdaíonn éalang na teanga atá mé ach ní féidir liom staitisticí a bharraíocht nuair atá port eile i mo dhá chluais. Agus mé go bolg i bhfarraige i dteaspach an tsamhraidh bhí scoth na gcainteoirí óga dúchais ag béarlóireacht lena gclann óg i mo thimpeall.

Meas tú cén teanga a scríobhadh ar fhoirm an daonáirimh? Cén teanga a cheapann údaráis an choláiste samhraidh a labhraíonn na mná agus fir tí sin, Gaeilgeoirí líofa, lena gclann féin ach a mbíonn an seic tagtha? Céard a spreag an t-athrú teanga sin ag mo chomhaoisigh agus a gclann?

Ach nach dtabharfaidh an Polasaí um Oideachas Gaeltachta Gaeilge dá sliocht?

Is mairg a ghabhfadh ag caitheamh cloiche in aghaidh cuain agus an síobadh mór faoi do dhéin.

Fág freagra ar 'Tá an Ghaeltacht le cloisteáil in arraingeacha an bháis ach níl aon duine ag éisteacht'

  • Eimear

    An seanphort èadòchais cèanna..coinnigh an misneach!

  • Seán

    Alt den scoth. Thar am cíoradh a dhéanamh ar chaiteachais an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta! Cad atá ar siúl ag lucht na Scéime d’óige na Gaeltachta? Tapaigí an deis Tuairisc!

  • Seán Mag Leannáin

    Port éadóchais ón nGaeltacht ach comharthaí beatha le brath sa tír ar fad – tóir ar na Gaelscoileanna, TG4, beocht na Gaeilge ar líne, na líonraí beaga Gaeilge ar fud na tíre, an litríocht chomhaimseartha sa teanga, díograis an Dream Dearg sa Tuaisceart, an chuid is mó den phobal i gcoitinne báúil leis an teanga i gcónaí – féach an fógra Gaeilge ag moladh Kellie Harrington i Portland Terrace i lár chathair BÁC faoi láthair. Níl an cath caillte go fóill – ná baol air.

  • Brendan Keane

    Go dtógtar áiseanna ar son daoine nach bhfuil an cumas acu ach ar mhian leo á foghlaim í agus ansin bheadh gach ceantar na nGaeltachtaí ceann rian a shoicrint leo. Faoi láthair in ionad, níl sách béim ar cuartaíocht na bhfoghlaimeoirí neamhnósúil (daoine fásta go háirithe). Tá deiseanna móra a bhaint as “turasóireacht doimhne” – ag caitheamh seachtain nó níos fhaide ag bhaint taitneamh i gciorcal comhrá, ranganna, agus litríocht. Anois thiomáinfaí gan scor a fheiceáil na radhrcanna dúlra amháin. Go dtógaimid taithí oideachsúla Gaelacha thart an Slí Atlántaigh.

  • Lillis Ó Laoire

    Tá na Gaelscoileanna go maith ach ní choinníonn formhór na ndaltaí suas an teanga tar éis dóibh an scoil a fhágáil. “Agus mé go bolg i bhfarraige i dteaspach an tsamhraidh bhí scoth na gcainteoirí óga dúchais ag béarlóireacht lena gclann óg i mo thimpeall.” An fhírinne lom…

  • Caitríona

    Sin an tábhacht a bhaineann le Scéim Labhairt na Teangan a thabhairt ar ais. Bheadh sè nìos saoire ná an Polasaí don Oideachas Gaeltachta & ní bheadh aon chur i gcèill leis!!

  • Feardorcha

    Scéim Polasaí Beartas um Gaeilge Gaeltacht Gaelach.
    Cad é an phusaíocht leanúnach seo, scata leanaí ag súil go dtiocfaidh laoch polaitiúil éigin lena chlaíomh solais chun sinn a tharrtháil.